An Ghearmáin sa tóir ar shíscéal eile, laigí Shasana agus Mbappé i mbarr a réime …

Caitheann Tuairisc súil chun cinn ar EURO 2024, a gcuirfear tús leis anocht sa Ghearmáin agus an fhoireann bhaile ag imirt in aghaidh na hAlban

An Ghearmáin sa tóir ar shíscéal eile, laigí Shasana agus Mbappé i mbarr a réime …

Cé gur deacair a chreidiúint uaireanta nach é Comórtas Peile na Gaeltachta an fhéile spóirt is mó a reáchtálfar san Eoraip an samhradh seo, cuirfear tús anocht le comórtas EURO 2024 sa Ghearmáin agus cuid de na himreoirí sacair is fearr ar domhan ag dul chun páirce sa bhreis is leathchéad cluiche a imreofar idir seo agus an 14 Iúil.

Má tá daoine ann a bhfuil an comórtas seo tagtha aniar aduaidh orthu beagáinín, thuigfeá dóibh. Cinnte, bhí aird an domhain ar na himeachtaí i gCill na Martra cúpla seachtain ó shin, rud a d’fhág na Euros seo faoi scáth, ach tá tá cluichí na gclubanna, go háirithe Sraith na gCuradh agus Príomhroinn Shasana éirithe chomh mór sin, is ar éigean go bhfuil spás ann labhairt faoi thada eile.

Tráth dá raibh, le teacht na bliana nua a thosaíodh an chaint agus an plé faoi na Euros, cé hiad na himreoirí a roghnófaí agus cé na foirne a n-éireodh go maith leo, ach tá an ceann seo sleamhnaithe chugainn go ciúin. Lá amháin, ba iad Pep Guardiola, Erik Ten Hag agus Jude Bellingham a bhí faoi chaibidil sna meáin ach, mar a déarfadh lucht na hArdteiste an tseachtain seo, go tobann bhí na Euros ar leac an dorais agus grinnscrúdú á dhéanamh againn ar dhintiúir Steve Clarke, Zlatko Dalić agus, bhuel, Jude Bellingham.

Agus Éire fágtha ar lár arís do mhórchomórtas idirnáisiúnta, beidh go leor de mhuintir na tíre seo sa tóir ar fhoireann nua chun tacú leo. De thoradh na gcrannchur a dhéantar in oifigí agus teaghlaigh fud fad na tíre, beifear ann a bheidh ag súil le gaisce ón ón Rómáin nó ón tSeoirsia ach beidh go leor eile a chuirfidh orthu an breacán agus a thacóidh lenár gcomharsana in Albain agus iad ag iarraidh teacht slán óna ngrúpa ag comórtas idirnáisiúnta den chéad uair riamh.

Bhí cuma na maitheasa ar na hAlbanaigh an fómhar seo caite nuair a bhuadar cúig chluiche as a chéile, bua stairiúil in aghaidh na Spáinne ina measc, ach ba é an bua a bhí acu ar Ghiobráltar an tseachtain seo caite an chéad bhua a bhí ag an bhfoireann le hocht gcluiche anuas agus tá dúshlán mór rompu sa chéad chluiche anocht agus iad ag imirt in aghaidh na foirne baile, an Ghearmáin.

Tá sé deacair foireann seo na Gearmáine a thomhas i láthair na huaire. Bhíodar i bponc ceart anuraidh nuair a fuarthas réidh leis an mbainisteoir Hansi Flick tar éis don fhoireann ceithre chluiche as cúig cinn a chailliúint. Tugadh Julian Nagelsmann isteach agus cé nár éirigh rómhaith leis ag an tús, chaill siad cluichí in aghaidh na Tuirce agus na hOstaire, d’fheabhsaigh rudaí go mór san earrach nuair a fuair an Ghearmáin an ceann is fearr ar an bhFrainc agus ar an Ísiltír i gcluichí dúshláin.

Dar le mórán, is é filleadh Toni Kroos, a d’éirigh as a bheith ag imirt don Ghearmáin i ndiaidh EURO 2021, ar an bhfoireann is cúis leis an dul chun cinn agus é meallta ar ais ag Nagelsmann. Tá rún ag Kroos, a bhuaigh Corn an Domhian leis an Ghearmáin in 2014, éirí as an imirt go hiomlán i ndiaidh an chomórtais seo ach léirigh na taispeántais a thug sé do Real Madrid agus iad ag buachan Sraith na gCuradh arís i mbliana gur féidir leis tionchar mór a imirt ar chluichí go fóill.

Ní fios go fóill an é Kai Havertz réiteach na faidhbe ag an nGearmáin agus iad gann ar thosaithe ach imreoirí óga cumasacha iad an bheirt a bheidh chaon taobh dó, Jamal Musiala agus Florian Wirtz, a bhí ar fheabhas d’fhoireann Bayer Leverkusen a bhuaigh an Bundesliga den chéad uair riamh i mbliana.

Sommermärchen, nó Síscéal Samhraidh a tugadh ar fheachtas na Gearmáine an uair dheireanach a raibh mórchomórtas sacair sa bhaile acu, in 2006. Bhí dearcadh duairc go maith ann faoin bhfoireann roimh thús an chomórtais sin ach cé nár éirigh leo ach na babhtaí leathcheannais amach, tugadh an tír le chéile agus deis ag daoine a mórtas náisiúnta a cheiliúradh gan náire.

An Iodáil a chuir deireadh leis an síscéal in 2006, cúl cáiliúil Fabio Grosso a bhris croíthe na nGearmánach in am breise, agus is iad na hIodálaigh curaidh reatha na Euros tar éis dóibh Sasana a bhualadh sa chluiche ceannais in 2021.

Tá athruithe móra tagtha ar an bhfoireann ón mbua sin trí bliana ó shin, áfach. Tá an bainisteoir a bhí ann, Roberto Mancini, imithe agus an post fágtha gan choinne aige anuraidh agus slám airgid faighte aige chun ceannas a thógáil ar fhoireann na hAraibe Sádaí. Tá Luciano Spalletti, a bhuaigh an scudetto le Napoli arú anuraidh, ceaptha ina áit ach, gan ach líon beag cluichí aige go dtí seo, tá an chuma ar an scéal go bhfuil Spalletti fós ag dul i dtaithí ar an bhfoireann agus an stíl atá uaidh.

Tá Giorgio Chiellini agus Leonardo Bonucci, croí líne chosanta na hIodáile ar feadh na blianta fada, éirithe as agus níl imreoirí ar nós Frederico Chiesa agus Leonardo Spinazzola ag imirt leath chomh maith is a bhí trí bliana ó shin. Fiú agus na Euros buaite acu in 2021, theip orthu áit a bhaint amach ag Corn an Domhain an bhliain dár gcionn agus cé nach féidir iad a chur as an áireamh riamh ag comórtais, níl siad á n-áireamh i measc na bhfoirne is fearr.

Bunaithe ar na himreoirí atá ar fáil acu agus a bhfuil déanta acu sna blianta roimhe seo, is iad na Francaigh rogha na coitiantachta chun an comórtas a bhaint i mbliana. Is ar éigean go bhfuil aon laige acu sa scuad fiú agus imreoirí mór le rá, Hugo Lloris agus Raphael Varane, éirithe as.

Is minic go gcáintear an bainisteoir Didier Deschamps sa Fhrainc mar gur stíl imeartha choimeádach a rogha ach tá cúis ann go bhfuil sé sa phost le 12 bliain anuas. Bhuaigh an Fhrainc Corn an Domhain in 2018, chuaigh siad chomh fada leis an gcluiche ceannais in 2022 agus shroich siad cluiche ceannais EURO 2012 chomh maith.

Cé go bhfuil déanta go maith ag William Saliba Arsenal i mbliana, meastar gurb iad Ibrahim Konaté agus David Upamecano a bhí i lár na cosanta ag an bhFrainc agus tá iliomad roghanna i lár na páirce acu. Rogha gan choinne a bhí ann N’Golo Kanté a thabhairt go dtí an Ghearmáin agus iar-imreoir Chelsea anois ag imirt san Araib Shádach ach fiú mura mbeidh Kanté in ann ag an leibhéal is airde níos mó, tá Aurelian Tchouaméni, Eduardo Camavinga agus Adrian Rabiot uile breá ábalta an jab a dhéanamh le Antoine Griezmann. I measc na dtosaithe, is é Kylian Mbappé an réalta mhór agus é in aois a 25 bliain, ba cheart go mbeadh sé i mbarr a réime.

Na Francaigh a chuir Sasana abhaile ó Chorn an Domhain sa Chatar bliain go leith ó shin agus shamhlófá gurb í seo an deis dheireanach ag Gareth Southgate corn a bhuachan den chéad uair ó 1966. An imní a bheidh ar Southgate agus lucht tacaíochta Shasana, áfach, ná go bhfuil an deis is fearr caillte cheana féin, tar éis don fhoireann cluiche ceannais EURO 2021 a chailliúint in Wembley.

Níl aon amhras ach go bhfuil imreoirí den scoth ag Sasana go fóill. Tá Harry Kane, Declan Rice, Bakayo Sake, Jude Bellingham, Kyle Walker agus John Stones uile i measc na n-imreoirí is fearr sa chomórtas ach tá an baol ann go bhfuil siad gann cúpla imreoir in ionaid thábhachtacha.

Sa chosaint, níl aon rogha shoiléir ann chun áit a thógáil taobh le Stones, go háirithe ó fágadh Harry Maguire amach ón scuad. Tá an fhadhb céanna i lár na páirce. Chuir an bhliain uafásach a bhí ag Jordan Henderson agus Kalvin Phillips deireadh lena seansanna páirt a ghlacadh sa chomórtas agus fágann sin nach fios go díreach cé a imreoidh taobh le Declan Rice agus Jude Bellingham. Meastar gurb é Conor Gallagher a roghnóidh Southgate ach an mbeidh sé sách maith chun craobh na hEorpa a bhuachan? Feicfidh muid.

An Spáinn, an Ísiltír agus an Phortaingéil na foirne eile is mó a bhfuil a bhfuil seans acu Corn Henri Delaunay a thabhairt leo. Níl rómhaith atá deanta ag na Portaingéalaigh ag comórtais ó bhuaigh siad EURO 2016 ach tá cuma an-láidir orthu i mbliana agus scuad lán d’imreoirí maithe acu.

Bhuaigh an Phortaingéil deich gcluiche as deich gcinn chun áit a bhaint amach sa Ghearmáin. Scóráil siad 36 cúl sna cluichí sin, gan ach péire géillte acu, agus bhí cuma mhaith orthu in aghaidh na hÉireann ag tús na seachtaine.

Is é Cristiano Ronaldo an fear mór i gcónaí fiú agus é 39 bliain d’aois. Scóráil sé deich gcúl sna cluichí cáilithe ach, agus leithéidí Bruno Fernandes, Bernardo Silva, Joao Felix, Diogo Jota, Gonçalo Ramos agus Rafael Leão acu sa chomh maith, tá tuairim ann go mbeadh siad níos fearr as gan Ronaldo a thosú, mar a tharla le linn Chorn an Domhain.

Tá seanlead eile, Pepe (41 bliain d’aois), fós ag treabhadh leis sna cúlaithe agus súil ag Roberto Martinez go bhfuil Ruben Dias sách maith chun aon bhearnaí a líonadh. Coinnigh súil freisin ar João Neves i lár na páirce, fear óg a bhfuil cumas go leor ann.

Tá imreoirí óga maithe ag an Spáinn freisin ach tá duine acu, Gavi, gortaithe faoi láthair agus duine eile Pedri, imithe ar gcúl le cúpla bliain anuas. Tá Rodri i lár na páirce ar dhuine de na himreoirí is fearr ar domhan ach beidh brú go leor ar Lamine Yamal, nach bhfuil ach 16 bliain d’aois, agus Nico Williams, 21, mura mbeidh Alvaro Morata ag aimsiú na gcúl.

Beidh a bhreithlá ag Yamal an lá roimh an gcluiche ceannais i mBeirlín ar an 14 Iúil ach tá seans maith gur sa bhaile a bheidh sé ag múchadh na gcoinnle. D’fhéadfadh an spreagadh ón lucht tacaíochta an Ghearmáin a thabhairt chomh fada leis an gcluiche ceannais ach más í an Fhrainc a bheidh rompu ansin, b’fhéidir nach maith an deireadh a bheidh ar an scéal s’acu.

Fág freagra ar 'An Ghearmáin sa tóir ar shíscéal eile, laigí Shasana agus Mbappé i mbarr a réime …'

  • Eoin

    An bhfuil sé i gceist agaibh póstaer A3 a ullmhú don eagrán seo den chomórtas? Nó an féidir teacht ar leagan Gaeilge áit éigin eile?