An Ghearmáin agus an Spáinn ag iarraidh a mbuaic a bhaint amach arís

Tráthnóna imreoidh seaimpíní an chomórtais ó 2010 agus 2014 a gcéad chluichí sa chéad bhabhta i nGrúpa E, ceann de na grúpaí is deacra sa chomórtas i mbliana

An Ghearmáin agus an Spáinn ag iarraidh a mbuaic a bhaint amach arís

Cluichí

Maracó v An Chróit – 10.00rn (Grúpa F)|
An Ghearmáin v An tSeapáin – 1.00in (Grúpa E)
An Spáinn v Cósta Ríce  – 4.00in (Grúpa E)
An Bheilg v Ceanada – 7.00in (Grúpa F)

Rogha an Lae

1.00in (Grúpa E)

Tráthnóna a imreofar na chéad chluichí i nGrúpa E, ceann de na grúpaí is deacra sa chomórtas i mbliana. Rachaidh an Spáinn chun páirce in aghaidh Chósta Ríce ag 4.00in ach beidh na hiarchuraidh domhanda eile, an Ghearmáin, in aghaidh na Seapáine roimhe sin.

Cé nach bhfuil imreoirí aitheanta ar nós Shinji Kagawa ná Keisuke Honda ag imirt dóibh níos mó, bíonn imreoirí sciliúla, cumasacha ag an tSeapáin i gcónaí. Seans gurb é an cliathánaí Junya Ito an réalta is mó ar an bhfoireann faoi láthair agus an-choisíocht ag an bhfear 29 bliain d’aois atá ag imirt le Reims sa Fhrainc.

Beidh aithne níos fearr ag daoine ar imreoirí na Gearmáine agus iad ag imirt le cuid de na clubanna is mó ar domhan. Is í an obair foirne an bua is mó atá ag an bhfoireann seo, áfach, agus nuair a chailleann siad seilbh na liathróide cuireann an Ghearmáin brú mór ar an bhfreasúra chun í a fháil ar ais.

Tá tosach ar féidir leo brath air á lorg ag an nGearmáin agus seans go dtabharfar deis am éigin do Youssoufa Moukoko ó Borussia Dortmund, nach bhfuil ach 17 bliain d’aois, agus Jamal Musiala (19) mura bhfuil ag éirí le leithéidí Thomas Müller, Kai Havertaz agus Leroy Sané cúil a aimsiú.

Fág freagra ar 'An Ghearmáin agus an Spáinn ag iarraidh a mbuaic a bhaint amach arís'