An ghéarchéim tithíochta – drogall, moilleadóireacht agus mí-éifeacht as cuimse

Léiríonn géarchéim na hÚcráine an toil pholaitiúil a theastaíonn chun déileáil leis an ngéarchéim tithíochta

An ghéarchéim tithíochta – drogall, moilleadóireacht agus mí-éifeacht as cuimse

Tá cúrsaí tithíochta ag athrú ar dhóigh a athróidh an léargas polaitiúil sara fada, mar a léiríonn tuairisc a d’eisigh an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) Déardaoin.

Sa bhliain 2000, a deir an tuairisc, ní raibh ach a hocht déag faoin gcéad de theaghlaigh an stáit ag cur fúthu i dtithe nó in árasáin ar cíos. Faoi 2020 bhí 29 faoin gcéad – beagnach trí theaghlach as gach deich gcinn – in ionaid chónaithe ar cíos. Is dóichí ná a mhalairt go bhfuil an céatadán sin ag dul i méid i gcónaí.

Beidh tionchar nach beag ag athrú mar seo ar an gcóras polaitiúil. Is fiú tagairt i dtosach áfach don chur síos sa tuairisc ar an mbrú a chuireann easpa agus costas áiteanna cónaithe ar na daoine seo.

Is é bun agus barr a gcruacháis nach ar thógáil tithe agus árasán ach ar shochair a íslíonn costais chíosa a bunaíodh polasaí tithíochta an stáit le tríocha bliain.

Chaith an rialtas €900 milliún beagnach ar dheontais do thionóntaí príobháideacha anuraidh – caiteachas a bhí 80 faoin gcéad níos mó ná an méid a caitheadh in 2018. Mar is eol do dhuine ar bith a lorg áit chónaithe ar cíos i mBaile Átha Cliath nó i gcathracha eile na tíre, tá an bhearna idir luach an tsochair stáit a íoctar agus an cíos a iarrtar ag méadú.

Deir taighdeoirí an ESRI freisin gur tháinig laghdú ar chéatadán na dteaghlach atá i dteideal sochar stáit a fháil ó 46.8 faoin gcéad in 2011 go dtí 33.9 faoin gcéad in 2019. An fáth – níor athraíodh na huasteorainneacha ioncaim i gcomhréir leis an ardú ar chíos.

Thagair stiúrthóir Focus Ireland, Mike Allen, do phointe eile a léiríodh i dtuairisc an ESRI: tá beagán le cois a leath de na hionaid chónaithe atá ar cíos tógtha ag tionóntaí a fhaigheann sochar tithíochta ón stát. 

Cuirtear brú sa bhreis dá bharr ar dhaoine eile nach bhfuil i dteideal sochar stáit a fháil toisc go bhfuil an stát ag brath chomh mór ar an earnáil phríobháideach chun tithíocht phoiblí a sholáthar.

Tá fadhbanna tithíochta na tíre pléite go tréan agus go minic roimhe seo agus ní gá na fáthanna a chíoradh anseo. Tá rud amháin cinnte. Níl aon chosúlacht ar an ráta tógála reatha ná ar an ráta tógála atá á thuar as seo go ceann cúpla bliain go mbeidh an soláthar tithe agus árasán i gcomhréir leis an éileamh ó cheannaitheoirí roimh an olltoghchán ina vótálfar in 2025 ar a dheireanaí.

Tá dlús á chur le polasaithe éagsúla rialtais a mhéadóidh an soláthar tithe/árasán nua, ach tá costais chíosa ag ardú agus an soláthar atá ar cíos ag laghdú. Thug an suirbhé is deireanaí a rinne Daft.ie le fios go raibh áit chónaithe ar cíos á lorg ag thart ar 20,000 duine ar fud an stáit agus gan ach 851 teach/árasán ar an margadh.

Is sampla maith de chur chuige mall agus mí-éifeacht i dtrí rialtas le deich mbliana anuas an tslí inar láimhseáladh beartas a theastaíonn leis an soláthar tithíochta, idir chíos agus cheannach, a mhéadú.

Ní leor dlí a ghearrfadh cáin ar shuíomhanna atá gan tógáil agus ar fhoirgnimh fholmha mar réiteach ar an ngéarchéim tithíochta ach is cuid den réiteach é. Ritheadh reachtaíocht a cheadaigh tobhach bliantúil ar láithreáin fholmha in 2015. Féach cad a tharla ó shin.

  1. Cuireadh moill ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta go dtí 2018.
  2. Ní raibh ar úinéirí ach a trí faoin gcéad de luach na láithreán folamh a íoc i dtosach.
  3. Níl an ráta méadaithe (a seacht faoin gcéad) á íoc ag mórán úinéirí. Cén fáth?
  4. Níl clárú iomlán ar láithreáin fholmha déanta fós ag na húdaráis áitiúla.
  5. Tá cáin nua ar láithreáin fholmha i gceantair zónáilte geallta.
  6. Tá cáin eile ar thithe/árasáin fholmha geallta sa bhuiséad.

Léiríonn an scéal thuas drogall, moilleadóireacht agus mí-éifeacht as cuimse. Luaitear castacht an chórais, easpa foirne, cúrsaí dlí agus cearta réadmhaoine mar chúiseanna ach ní leor iad mar leithscéal. Tá an ghéarchéim tithíochta ag dul i dtreise ó ritheadh reachtaíocht in 2015 chun beartas a moladh go forleathan a chur i bhfeidhm. Tá an beartas á lagú ag rialtais éagsúla ó shin i leith.

Ó thosaigh ionradh na Rúise ar an Úcráin tá toil, cineáltas agus tuiscint ar an gur chuige a theastaíonn i gcás práinne á léiriú ag an rialtas agus ag daoine ar fud na tíre. 

Glacadh leis go gcaithfí fáilte phraiticiúil a chur roimh na teifigh a tháinig go hÉirinn – thart ar 30,000 duine in imeacht trí mhí.

Tá go leor daoine ag fiafraí cén fáth nach féidir leis an gcóras polaitiúil déileáil ar an gcaoi chéanna leis an ngéarchéim tithíochta. Gan amhras ní hionann an dá phráinn go hiomlán, ach níl ach difríocht bhunúsach amháin eatarthu: riachtanas géar gearrthéarmach i gcás amháin agus riachtanas géar gearrthéarmach agus meántéarmach sa chás eile.

Sin ráite, ba chóir go dtabharfadh géarchéim na hÚcráine misneach do pholaiteoirí a deir nach féidir mórfhadhbanna a réiteach nó a mhaolú gan mhoill.

Beidh cúis láidir mhíshásaimh ag daoine a bhfuil cíos iomarcach á íoc acu, nó nach féidir leo áit chónaithe ar cíos a aimsiú, mura bhfeabhsaítear a gcás. Tá gníomh dáiríre, seachas útamáil agus mionathruithe, tuillte acu.

Íocfaidh páirtithe an rialtais, agus na páirtithe a bheidh sa chéad rialtas eile, go daor as má chliseann siad ar dhaoine nach bhfuil aon dul as acu ach cíos a íoc nó áit ar cíos a lorg.

Tá rabhadh riachtanach soiléir tugtha dóibh ag an ESRI. Ní foláir aird a thabhairt air, go héifeachtach agus gan mhoill.

Fág freagra ar 'An ghéarchéim tithíochta – drogall, moilleadóireacht agus mí-éifeacht as cuimse'

  • Darren

    Alt dea-scríofa ach fós tá rud éicint curtha as an áireamh – an lion sin de bhaill an rialtais atá ina dtiarnaí talún iad fhéin agus an fhíric gur tharlaigh ruda diamhaire maidir leis an tsealúchas a bhí á phlé ag NAMA agus anois thimpeall is deich mbliana ina dhiaidh tá earnáil tithíochta s’againne i seilbh comhlachtaí mora ilnáisiúnta