An Ghaeltacht ag súil an fód a sheasamh i gcoinne na gConallach i nGallarus

Ní bheidh aon easpa misnigh ar fhoireann na Gaeltachta tráthnóna agus iad ag imirt ar a bpaiste féin in aghaidh Chill Chartha i gcluiche ceannais na sinsear i gComórtas Peile na Gaeltachta

An Ghaeltacht ag súil an fód a sheasamh i gcoinne na gConallach i nGallarus

An Ghaeltacht v Cill Chartha

Cluiche ceannais Chomórtas Peile na Gaeltachta

Gallaras, 4pm

(Beo ar TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta)

An uair dheiridh a reáchtáladh Comórtas Peile na Gaeltachta i nGallaras, i 1990, ba iad peileadóirí Chumann Caide na Gaeltachta agus Chill Chartha a d’imir i gcluiche ceannais na sinsir an bhliain sin.

Agus an Comórtas ar ais in iarthar Duibhneach den chéad uair le nach mór 30 bliain, is iad na cumainn chéanna a thabharfaidh aghaidh ar a chéile sa chluiche mór tráthnóna. Beidh muintir na háite ag súil le malairt scéil ó 1990 nuair a bhuaigh fir Thír Chonaill go héasca ar fhoireann na Gaeltachta.

Bhain an Ghaeltacht áit amach i gcluiche an lae inniu nuair a fuair siad an ceann is fearr ar a gcomharsana, Daingean-Uí Chúis, i gcluiche crua, teasaí aréir. Thóg sé tamall fada sula raibh an fhoireann bhaile istigh leo féin agus ní raibh cuma róiontach ar chúrsaí dóibh ag leath ama agus iad pointe chun deiridh tar éis go raibh siad ag imirt le cóir na gaoithe.

Bhí an Ghaeltacht i bhfad níos fearr sa dara leath áfach agus beidh siad buíoch go háirithe d’Éanna Ó Conchúir a bhí ar fheabhas agus a chur brí in imirt na Gaeltachta lena ruathair nuair a bhí ghá léi.

Lena gceart a thabhairt do chosantóirí na Gaeltachta, ní raibh siad ag tabhairt mórán deiseanna don Daingean ach beidh feabhas ag teastáil ar fud na páirce, go háirithe maidir leis an gcinneadh ceart a dhéanamh agus iad ar an ionsaí, más leo foireann láidir Chill Chartha a chloí.

Bhí am breise ag teastáil ó fhoireann Dhún na nGall chun an ceann is fearr a fháil ar Chill na Martra ach chabhraigh an taithí atá acu go mór leo na cosa a thabhairt leo.

Bhí iarimreoir Dhún na nGall Michael Hegarty 40 bliain d’aois an deireadh seachtaine seo, ach tá sé chomh tábhachtach d’fhoireann Chill Chartha is a bhí riamh agus ba é féin agus an fear lár páirce, Ciarán Mac Fhionnghaile, is mó a spreag Chill Chartha inné.

D’aimsigh an bheirt dhá phointe an duine agus scóranna den chéad scoth ab ea iad. Nuair a chuireann tú san áireamh go bhfuil Mark McHugh agus Stephen McBrearty chomh maith, má imríonn Cill Chartha chomh maith agus is féidir, beidh sé deacair stop a chur leo.

Ní bheidh aon easpa misnigh ar fhoireann na Gaeltachta áfach agus iad ag imirt ar a bpáirc féin, os comhair a muintire.

Ba é cluiche ceannais chraobh shinsir na mban an chéad chluiche ceannais a imríodh i nGallaras inniu. Fuair Gaeil an Deiscirt as Uíbh Ráthach an ceann is fear ar Mhaigh Cuilinn, 5-08 in aghaidh 1-11. Fuair Rachel Ní Dhuibhir trí chúl sa chéad 20 nóiméad d’fhoireann Chiarraí.

Fág freagra ar 'An Ghaeltacht ag súil an fód a sheasamh i gcoinne na gConallach i nGallarus'