An Ghaeilge i lár an aonaigh agus an Tánaiste ar cuairt chuig ollscoil i mBéising

Tá an Ghaeilge ar cheann den bhreis is 100 teanga iasachta atá á múineadh sa Beijing Foreign Studies University, áit ar thug Micheál Martin cuairt uirthi agus é sa tSín an tseachtain seo

An Ghaeilge i lár an aonaigh agus an Tánaiste ar cuairt chuig ollscoil i mBéising

An Tánaiste Micheál Martin sa tSín. Pic: MichealMartinTD/Twitter

Bhí an Ghaeilge lárnach i gcuid de chuairt an Tánaiste ar an tSín an tseachtain seo.

Agus é ar thuras ceithre lá sa tír, thug Micheál Martin cuairt ar Ollscoil an Léinn Eachtraigh i mBéising Dé Céadaoin, áit ar chas sé le mic léinn atá ag foghlaim na Gaeilge.

Tá an Ghaeilge ar cheann den bhreis is 100 teanga iasachta atá á múineadh san ollscoil agus suas le 30 mac léinn ag tabhairt faoi chúrsaí sa teanga gach bliain.

Chuir mic léinn fáilte ansin roimh an Tánaiste trí Ghaeilge agus dúirt Martin gur ábhar misnigh a bhí ann daoine a fheiceáil ag foghlaim na teanga san ollscoil. Mhol Martin an obair a bhí déanta ag ollúna Síneacha chun an cúrsa Gaeilge a chur ar fáil.

Labhair sé freisin ar an ngrá atá aige féin don teanga, ar an gcaoi ar fhoghlaim sé í i gCorca Dhuibhne le linn a óige agus faoi na turais a thugann sé chuig an Daingean gach bliain.

Thart ar 200 duine a d’fhreastail ar an ócáid agus tugadh an Tánaiste chun stáitse le mic léinn de chuid na hollscoile chun an dán de chuid WB Yeats, ‘When You Are Old’ a rá as Gaeilge, as Sínis agus as Béarla.

Thagair Martin do dhúshlán an athraithe aeráide ina chuid cainte chomh maith le seasamh na hÉireann maidir leis an gcogadh san Úcráin agus faoina bhfuil ag titim amach sa Mheánoirthear i láthair na huaire.

Fág freagra ar 'An Ghaeilge i lár an aonaigh agus an Tánaiste ar cuairt chuig ollscoil i mBéising'

  • John

    Ard-mholadh ag dul d’ionad an Léinn Éireannaigh in Beijing Foreign Studies University agus don cheann ionaid An tOllamh Wang Zhanpeng. Chaith mé féin bliain ann ag teagasc agus bhí eispéireas ar leith agam. Freisin, rinne Ionad na dTeangacha in Ollscoil Mhá Nuad agus Anna Ní Ghallchóir obair na gcapall leis an nasc sin a chruthú i mBéising.