An Ghaeilge i lár an aonaigh i sraith a phléann le cigilteacht na tuismitheoireachta

An tuismitheoireacht ‘ón gcliabhán go dtí na déaga’ atá faoi chaibidil ar shraith nua ar RTÉ

An Ghaeilge i lár an aonaigh i sraith a phléann le cigilteacht na tuismitheoireachta

Evelyn O'Rourke

Sa tsraith Céard Faoi na Tuismitheoirí (RTÉ, Dé Luain) déanann Evelyn O’Rourke agus a leathbhádóir Rónán Mac Niallais cíoradh ar na dúshláin agus na roghanna atá roimh thuismitheoirí an lae inniu.

Beidh an tsraith ar siúl arís anocht agus cuireadh tús breá léi an tseachtain seo caite mar a dtugadh fé thionchar na scáileán ar dhaoine óga, CLG do dhaoine a bhfuil riachtanais bhreise acu agus an tuismitheoireacht ghlas. Ach oiread leis an tsraith An Cuan, a tháinig chun críche ar TG4 an tseachtain seo, chuir meitheal na sraithe seo an-dua orthu féin a chinntiú go mbeadh an Ghaeilge i lár an aonaigh. Sa bhreis ar an mbeirt láithreoirí do labhair seachtar déag eile i rith an chláir agus ba i nGaeilge a labhair dháréag acusan. Deineadh sin agus téamaí nua-aimseartha, casta á bplé. Fonn a níos fiach.

Ar dtús chuamar go Tiobraid Árann mar a raibh muintir Uí Shlatara, bhuel na tuismitheoirí ach go háirithe, ag iarraidh dul i ngleic le ceist am scáileáin a dtriúr mac. Tuigeann gach tuismitheoir an dúshlán seo. Go bhfuil sé chomh fuirist an scáileán a shíneadh chucu in am an ghátair ach deacair a bhaint gan íoc go daor as. D’admhaigh na tuismitheoirí go mbíonn na leanaí cancrach, trodach tar éis tamall ar an scáileán; gné eile den chúram a mbeidh go leor tuismitheoirí in ann ionannú leis.

Níos faide anonn sa chlár agus Evelyn ag cur cainte ar an síciteiripeoir Stella O’Malley insíodh dúinn go bhfuil breis agus duine as gach deichniúr leanaí ag caitheamh an oiread sin ama ar scáileán gur ionann le 61 lá sa bhliain é. Táibléid, gutháin chliste, Playstation, Nintendo Switch agus a lán eile nach iad.

Fíric scanrúil eile ná go mbíonn 43% de pháistí ag imirt cluichí atá dírithe ar dhaoine atá ocht mbliana déag nó níos sine. Faoi mar a deirtear linn ag pointe amháin mothaíonn tuismitheoirí go bhfuilid “ag snámh in aghaidh easa” ina gcuid iarrachtaí dul i ngleic le scáileáin. Mhol Stella go mba cheart laethanta saor ón teicneolaíocht a bheith acu agus/nó áiteanna is amanna faoi leith a bheith acu neamhspleách ar scáileán. É sin ar fad nó déanamh mar a dhein an turcaí fuar agus staonadh go hiomlán. D’fhilleamar ar mhuintir Uí Shlatara i dtreo dheireadh an chláir agus ba dheas a fheiscint go raibh dul chun déanta agus feabhas tagtha ar chúrsaí. D’admhaigh na leanaí iad féin é sin.

Bhí mír spéisiúil ag Rónán faoin tuismitheoireacht ghlas faoi mar atá baiste air. Sé sin tabhairt faoi thógáil clainne ar shlí inbhuanaithe: aiste bia veigeán agus ceannachán a laghdú trí earraí athláimhe a cheannach, do bhia féin a fhás, clúidíní in-athúsáidte a úsáid srl. Filleadh ar na seandóigheanna ar shlí.

Bhí dreasanna suimiúla cainte aige le Deirdre Ní Bhraonáin agus Amy Ní Cholgáin a labhair go paiseanta ach go réasúnta faoin ábhar.

Sraith shlachtmhar dhea-intinneach a chíorann cigilteacht na tuismitheoireachta sa lá atá inniu ann.

Fág freagra ar 'An Ghaeilge i lár an aonaigh i sraith a phléann le cigilteacht na tuismitheoireachta'