An Ghaeilge ‘ar thairseach ré nua’ agus plean digiteach an Rialtais seolta

Agus é ag seoladh ‘an Phlean Dhigitigh nua don Ghaeilge’, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go mbeidh tionchar mór ag na teicneolaíochtaí a eascraíonn ón phlean ar chumas an Stáit agus ar chumas na hearnála gnó seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilgev

An Ghaeilge ‘ar thairseach ré nua’ agus plean digiteach an Rialtais seolta

Beidh sé níos éasca ag gnólachtaí agus comhlachtaí poiblí seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil don phobal amach anseo de thoradh phlean nua digiteach an Rialtais a foilsíodh inniu.

Agus é ag seoladh an Phlean Dhigitigh nua don Ghaeilge i mBaile Átha Cliath inniu, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, go gcuideodh an plean leis an Rialtas gealltanais maidir le seirbhísí trí Ghaeilge a bhaint amach.

“Beidh tionchar mór ag na teicneolaíochtaí seo ar chumas an Stáit agus ar chumas na hearnála gnó seirbhísí a chur ar fáil go digiteach agus ar ardchaighdeán – is sprioc lárnach de chuid an Rialtais é seo faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Is é aidhm an Phlean “bonneagar fadtéarmach taighde agus forbartha” a chur faoin nGaeilge i saol na teicneolaíochta.

Tá os cionn 100 moladh sa phlean nua a bhfuil sé mar aidhm aige deiseanna nua oideachais, fiontraíochta agus fostaíochta a chur ar fáil i réimse na teanga.

Tréimhse cúig bliana – 2023 go 2027 ­– atá luaite leis an bPlean Digiteach don Ghaeilge ach níl aon sprioc ama luaite leis na moltaí atá ann. Deirtear go déanfar athbhreithniú foirmiúil air ag deireadh na cúig bliana.

Tá infheistíocht €1m le cur ar fáil ag an Rialtas in 2023 chun na chéad chéimeanna san obair thaighde a chur i gcrích ach deirtear sa phlean go mbeidh gá le “hinfheistíocht mhórscála, leanúnach agus fhadtéarmach” chun spriocanna an phlean a bhaint amach.

Chun cuidiú leis sin, táthar ag súil le tacaíocht agus cistiú airgid ó na gnólachtaí móra atá ag obair in earnáil na teicneolaíochta in Éirinn, “mar chuid den fhreagracht shóisialta chorparáideach atá orthu”.

Moltar sa phlean cúrsaí tríú leibhéal a chur ar fáil chun a chinntiú go mbeidh daoine a mbeidh na na scileanna cuí sa Ghaeilge agus sa teicneolaíocht ar fáil chun na spriocanna atá ann a bhaint amach.

Deirtear go bhfuil comhlonnú na gcúrsaí oiliúna sin agus cúrsaí fiontraíochta tábhachtach chun nach mbeidh na deiseanna oiliúna agus fostaíochta d’aos óg na Gaeltachta “á sú amach as a gceantair dhúchais, ag cur le bánú na Gaeltachta agus le laghdú ar phobal na gcainteoirí dúchais atá faoi bhrú cheana féin”.

Ceann de na teicneolaíochtaí is mó ar a ndírítear sa phlean ná an tsintéis chainte, a chuireann ar chumas an phobail aon téacs digiteach a léamh amach os ard ina rogha canúna.

Beidh an teicneolaíocht ina háis do chainteoirí Gaeilge a bhfuil míchumas teanga, urlabhra nó litearthachta orthu chun cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le daoine eile.

Tá obair tosaithe freisin i gColáiste na Tríonóide ar theicneolaíocht aitheanta cainte trínar féidir abairtí Gaeilge a rá isteach i micreafón agus an chaint a aistriú go téacs.

Nuair a chuirtear an tsintéis agus an aithint chainte le chéile, beidh daoine in ann a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge, mar shampla ag úsáid na seirbhísí cánach agus leasa shóisialaigh, a deir Roinn na Gaeltachta.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, go mbainfeadh pobal na Gaeilge trí chéile leas as an teicneolaíocht agus gníomhaíochtaí eile a thiocfaidh chun cinn de thoradh an phlean.

“Rachaidh na torthaí agus an teicneolaíocht a eascraíonn as an bplean seo chun leasa phobal Gaeilge trí chéile, dóibh siúd a fheidhmíonn trí Ghaeilge ina gcuid oibre, do lucht forbartha bogearraí agus feidhmchláir teanga agus oideachais agus do dhaoine faoi mhíchumas ar mian leo páirt a ghlacadh i saol na Gaeilge.”

Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath a d’ullmhaigh an plean i gcomhar le Roinn na Gaeltachta.

Dúirt an tOllamh Ailbhe Ní Chasaide ó Choláiste na Tríonóide go bhfuil “féidearthachtaí as cuimse romhainn d’fhorleathnú na teanga i ngach réimse saoil, do theagasc na Gaeilge agus chun saol na Gaeilge a oscailt amach dóibh siúd atá faoi mhíchumas.”

Dúirt an Dr Teresa Lynn, Ionad ADAPT, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath gur ionann foilsiú an Phlean Dhigitigh agus “toradh ar bhlianta de thaighde agus forbairt acadúil, agus is féidir féachaint air mar threochlár ina leagtar amach an chaoi a ndéanfar an Ghaeilge ábhartha feasta i gcomhthéacs ról na teicneolaíochta inár saol ó lá go lá.”

Fág freagra ar 'An Ghaeilge ‘ar thairseach ré nua’ agus plean digiteach an Rialtais seolta'