An Ghaeilge ‘an paisean mór’ a bhí ag Morgan Barnard, duine den triúr a bhásaigh go tragóideach i dTír Eoghain

Bhásaigh Morgan Barnard Lauren Bullock agus Connor Currie sa tragóid a tharla lasmuigh d’Óstán an Greenvale sa Chorr Chríochach Lá Fhéile Pádraig

An Ghaeilge ‘an paisean mór’ a bhí ag Morgan Barnard, duine den triúr a bhásaigh go tragóideach i dTír Eoghain

Morgan Barnard, Lauren Bullock agus Connor Currie

Ba í an Ghaeilge “an paisean mór” a bhí ag Morgan Barnard, duine den triúr déagóirí a bhásaigh go tragóideach lasmuigh d’Óstán an Greenvale sa Chorr Chríochach Dé Domhnaigh.

Gaeilgeoir líofa a raibh fáinne óir aige ab ea Morgan Barnard, dalta 17 bliain d’aois in Acadamh Naomh Pádraig i nDún Geanainn. Dúirt a athair James Bradley leis an Irish News go mbíodh a mhac ag teagasc na Gaeilge i mbunscoil Naomh Pádraig don “dream a bhí níos óige”.

Dúirt reachtaire Choláiste Mhuire Loch an Iúir, Mícheál Ó Máirtín le Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta go raibh aithne mhór ar Mhorgan Barnard sa Ghaeltacht agus gur “chlann mhór le Gaeilge iad muintir Barnard”.

Thosaigh Morgan Barnard ag freastal ar an gcoláiste Gaeilge i Loch an Iúir nuair a bhí sé 11 agus bhí sé ag dul ann ó shin agus é cláraithe arís do chúrsa mhí Lúnasa na bliana seo.

“Tragóid mhillteanach” atá ann do mhuintir agus do chairde an triúir, a dúirt Mícheál Ó Máirtín.

Dúirt sé chomh gur “buille mór don ghlúin sin atá ag iarraidh an Ghaeilge a choinneáil beo” a bhí i mbás Morgan Barnard.

I ráiteas a chuir Acadamh Naomh Pádraig amach, dúradh gur bhuachaill “uaillmhianach” le pearsantacht “mhealltach” ab ea Morgan Bradley agus go raibh “an-ghealladh” faoi. Bhí staidéar á dhéanamh aige ar an matamaitic, an teicneolaíocht dhigiteach, an gnó agus an Ghaeilge, an rud “ba mhó ar fad a raibh a chroí inti”.

“Thug sé ardú meanman do chách pé áit a ndeachaigh sé, agus bhain an uile dhuine leas as an bhflosc dearfach fuinniúil chun na beatha a bhíodh air. Bhí an flosc sin tógálach. Bhíodh aoibh mhór an gháire air agus nuair a bhí Morgan timpeall bhíodh gáire agus spraoi i gcónaí ann,” a dúradh i ráiteas ó Acadamh Naomh Pádraig.

Bhí Morgan ar dhuine de thriúr déagóirí as Dún Geanainn a bhásaigh go tragóideach nuair a bhí plód lasmuigh de dhioscó na Féile Pádraig in Óstán an Greenvale sa Chorr Chríochach.

Bhásaigh Lauren Bullock, 17, agus Connor Currie, 16, sa tragóid chomh maith. Ar Acadamh Naomh Pádraig a bhí Connor Currie ag freastal chomh maith agus dúradh i ráiteas na scoile gur “chara mórchroíoch dílis” é a raibh “meas agus cion” ag cách air.

Bhí Lauren Bullock ina dalta in gColáiste Naomh Pádraig in aice láimhe.

Dúirt Príomhoide an choláiste Catherine McHugh gur scoláire cumasach a bhí inti.

“Ceannaire a bhí inti i measc a comhscoláirí, duine ciúin láidir dílis.

“Dilchara agus bean óg chumasach ab ea í a raibh gaiscí i ndán di.”

Tharla an eachtra thragóideach oíche Dé Domhnaigh thart ar 9.30pm agus roinnt céadta daoine óga ag fanacht le dul isteach go dtí Óstán an Greenvale sa Chorr Chríochach.

Dúirt an PSNI go raibh an chuma ar an scéal gurbh amhlaidh gur thit daoine sa phlód agus go ndeachaigh daoine i mullach a chéile.

Dúirt Bleachtaire Ard-Cheannfort an PSNI Raymond Murray go raibh an t-ádh le go leor daoine óga eile gur tháinig siad slán as an tubaiste.

Fág freagra ar 'An Ghaeilge ‘an paisean mór’ a bhí ag Morgan Barnard, duine den triúr a bhásaigh go tragóideach i dTír Eoghain'

  • Pól Ó Braoin

    Briseadh croí uilig atá ann Morgan, Lauren, Connor ag fáil bháis ar an mbealach tragóideach sin. Go dtuga Dia suaimhneas dá muintir agus iad ag gabháil tríd an ngátar seo. Is deas an chomhbhá i measc phobal na háite a fheiceáil. Bhí na deora ag silt liom agus mé ag breathnú ar phictiúirí an triúir ghasúr.