An Ghaeilge ‘á himeallú’ ag an Rialtas agus dualgais reachtúla teanga sáraithe ag dhá roinn

Sháraigh dhá roinn rialtais a gcuid dualgas reachtúil teanga in 2018 de réir thuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga

An Ghaeilge ‘á himeallú’ ag an Rialtas agus dualgais reachtúla teanga sáraithe ag dhá roinn

“Léiriú follasach ar imeallú na Gaeilge i saol poiblí na tíre” é sárú an Rialtais ar dhualgais reachtúla teanga, dar leis an gCoimisinéir Teanga.

D’fhoilsigh Rónán Ó Domhnaill a Thuarascáil Bhliantúil ar maidin agus tugtar tuairisc inti ar dhá chás inar sháraigh an Rialtas a dhualgais reachtúla teanga.

Bhain an chéad chás le foilsiú An Creat Náisiúnta Pleanála agus suíomh gréasáin a bhain leis. Chinn an Coimisinéir Teanga gur sáraíodh dhá dhualgas reachtúla teanga nuair a d’fhoilsigh an Rialtas an doiciméad agus an suíomh gréasáin i mBéarla amháin.

Is í an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil a sheol an plean mí Feabhra 2018 mar chuid de Project Ireland 2040.

Rinneadh gearán le hoifig an Choimisinéara go luath i ndiaidh an tseolta agus tháinig sé chun solais ansin gur i mBéarla amháin a bhí an suíomh gréasáin a chruthaigh an Roinn don tionscnamh – www.npf.ie.

Ina scéim teanga, geallann an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil go bhfoilseofar “doiciméid lárnacha” go dátheangach laistigh d’aon chlúdach amháin, nó sa chás go gcinnfí gan an leagan dátheangach a fhoilsiú, go bhfoilseofaí leaganacha ar leithligh i nGaeilge agus i mBéarla.

Tugtar gealltanas i scéim teanga na Roinne gur go dátheangach a chuirfí an t-ábhar buan ar fáil ar gach suíomh gréasáin nua a dhéanfaí a fhorbairt, rud nár tharla i gcás an tsuímh a bhain le Project Ireland 2040.

Nuair a chuir an Coimisinéir tús lena imscrúdú, ghlac an Roinn leis nach raibh na gealltanais ina scéim teanga á gcomhlíonadh acu.

Dheimhnigh an Roinn go raibh sé de rún acu leagan dátheangach den doiciméad a fhoilsiú ach nach raibh ar a cumas sin a dhéanamh ó tharla nár cuireadh bailchríoch ar an dréacht Béarla go dtí an 14 Feabhra, dhá lá sula raibh sé le faomhadh ag an gComhaireacht agus le seoladh.

Agus An Creat Náisiúnta Pleanála á fhoilsiú ag an Roinn Tithíochta, dúirt an Coimisinéir gur léir gur tháinig dhá riachtanas salach ar a chéile – an riachtanas go gcloífí le spriocdháta foilsithe socraithe agus an riachtanas reachtúil go bhfoilseofaí an doiciméad go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla.

“Ba é an toradh a bhí le feiceáil gur cuireadh an riachtanas reachtúil teanga go leataobh chun go bhféadfaí an spriocdháta foilsithe a bhaint amach,” a dúirt Ó Domhnaill.

Dúirt sé go raibh sé suntasach gurb é seo an dara huair d’Oifig an Choimisinéara imscrúdú dhéanamh i leith chomhlíonadh an ghealltanais chéanna a bhí tugtha i scéim teanga na Roinne. Cinneadh in 2012 gur sháraigh an Roinn céanna a ndualgas reachtúil teanga ar an mbonn céanna nuair a foilsíodh doiciméad lárnach i mBéarla amháin.

“Bheinn ag súil i gcásanna mar seo, agus ag cur san áireamh go ndearnadh imscrúdú ar an ábhar roimhe seo, go dtabharfadh an Roinn le fios do na páirtithe leasmhara nach mbeifí in ann an dualgas reachtúil teanga a chomhlíonadh agus cloí leis an spriocdháta foilsithe a bhí molta. Níor cuireadh aon fhianaise ar fáil dom go ndearna an Roinn an méid sin,” a dúirt an Coimisinéir Teanga.

Ghlac an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil leis nár comhlíonadh an reachtaíocht maidir leis an suíomh gréasáin ach oiread, ach dúradh go raibh www.npf.ie curtha ar fáil i nGaeilge idir an dá linn.

Dúirt Ó Domhnaill gur léirigh an mhoill ar fhoilsiú an ábhair i nGaeilge easpa tábhachta na teanga don Rialtas.

“Ba thionscnamh an-mhór i saol poiblí na tíre seoladh Éire 2040 – An Tionscadal. Gan beann ar aon dualgas reachtúil, is léiriú follasach é ar imeallú na Gaeilge i saol poiblí na tíre, in amanna, nár cinntíodh go bhfoilseofaí an doiciméad An Creat Náisiúnta Pleanála sa teanga náisiúnta tráth ar seoladh é agus nuair ba mhó a bhíothas ag cur spéis ann,” a dúirt sé.

I gcás eile a bhfuil cuntas air i dtuarascáil nua an Choimisinéara, sháraigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara dualgas reachtúil teanga trí phoist sa Ghaeltacht a fhógairt gan aon riachtanas Gaeilge a lua leo.

Bhain na fógraí le poist in Ionad Iascaigh Cuain Ros an Mhíl i nGaeltacht na Gaillimhe agus in Ionad Iascaigh Cuain i nDaingean Uí Chúis i nGaeltacht Chiarraí.

Sa bhfolúntas don phost i Ros an Mhíl, bhí an “cumas cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach i mBéarla” luaite mar riachtanas ach ní raibh cumas Gaeilge luaite ar chor ar bith. Chomh maith leis sin, baineadh úsáid as ‘Rosaveal’, an leagan neamhoifigiúil Béarla den logainm Gaeltachta, Ros an Mhíl.

Don dá phost i nDaingean Uí Chúis, luadh go raibh cumas cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach i nGaeilge ina cháilíocht inmhianaithe, ach ní raibh sé riachtanach.

De réir scéim teanga na Roinne Talmhaíochta, gealltar go ndéanfar teanga oibre den Ghaeilge in oifigí atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta faoi dheireadh 2020 agus go bhfuil fúthu seirbhís trí Ghaeilge a sholáthar don phobal i gceantair Ghaeltachta.

Dúirt an Coimisinéir go raibh amhras air go raibh an Roinn ag tabhairt “aird chuí” ar na gealltanais sin.

Agus Oifig an Choimisinéara i mbun imscrúdaithe, ghlac an Roinn leis “nach raibh na sonraíochtaí don chomórtas maidir leis an nGaeilge sásúil”. Ghéill siad freisin “nár léirigh an bealach ar cuireadh riachtanais teanga i láthair seasamh comhionann don Ghaeilge agus don Bhéarla” agus “nár tugadh dóthain airde ar riachtanais na gcuanta atá lonnaithe sa Ghaeltacht agus ar ghealltanas na Roinne”.

Gealladh go dtabharfaí comhionannas feasta don Ghaeilge agus don Bhéarla araon i ngach comórtas do phost sa Ghaeltacht agus go ndéanfaí gach iarracht a chinntiú go mbeadh cumas sa Ghaeilge ag gach fostaí in oifigí sa Ghaeltacht as seo amach.

Tharraing an Coimisinéir aird freisin ar an scéala nach raibh cumas litearthachta Gaeilge luaite leis na poist Ghaeltachta.

“Pointe eile nach miste a lua ná an tagairt shonrach a rinneadh do scileanna litearthachta i mBéarla i gceanglais an dá chomórtas,” a dúirt Ó Domhnaill.

“Má tá scileanna litearthachta riachtanach don ghnáthoibrí atá lonnaithe in ionad iascaigh cuain arb é an Béarla an ghnáth-theanga oibre ann, is díol suntais nár luadh scileanna litearthachta i nGaeilge sa chomórtas i gcás na n-ionad Gaeltachta.”

Fág freagra ar 'An Ghaeilge ‘á himeallú’ ag an Rialtas agus dualgais reachtúla teanga sáraithe ag dhá roinn'

  • Béarla teanga an Stáit

    Ba chóir an scéal seo faoi “Project Ireland 2040” a bheith foillsithe i mBéarla amháin ag Rialtas na hÉireann a thabhairt do nuachtáin sna tíortha eile san AE .
    Scéal é seo a bhaineann le tíortha eile an AE. Bíonn cáin-íocóirí an AE ag íoc na milliúin Euro as cáipéisí a bheith aistrithe go Ghaeilge agus teipeann ar Rialtas na hÉireann cáipéisí thábhachta náisiúnta ar nós “Project Ireland 2040” a chur ar fáil i nGaeilge do saoránaigh na hÉireann.