An geimhreadh ag teacht – an mbeidh fuar ag feachtas an rialtais in aghaidh Shinn Féin?

Tá Mary Lou McDonald ag taisteal ar fud na cruinne le lucht gnó, infheistíochta agus airgeadais a chur ar a suaimhneas

An geimhreadh ag teacht – an mbeidh fuar ag feachtas an rialtais in aghaidh Shinn Féin?

Fad agus a bhí muid ar fad ag cuartú na ngeansaithe geimhridh agus na bpluideanna móra an tseachtain seo le cinntiú nach bpréachfar muid as seo go ceann cúpla mí, lean Uachtarán Shinn Féin lena cuairt ar fud an domhain ag léiriú do Ghaeil an ghnó nach bhfuil aon chall imní a bheith orthu má thoghtar ina Taoiseach í tar éis an chéad olltoghcháin eile.

Ceann de na teachtaireachtaí is láidre a tugadh le linn an fheachtais olltoghcháin in 2020 nárbh fhéidir muinín a chur i Sinn Féin.

Tá an iomarca ceisteanna le cur i gcónaí faoi nasc an pháirtí le gluaiseacht na Poblachta agus eagraíochtaí paraimíleata. Tá na nascanna sin níos soiléire i measc an phobail Éireannaigh thar lear mar go bhfuil an maoithneachas fós chun cinn ina ndearcadh i leith iarrachtaí Shinn Féin agus ghluaiseacht na bPoblachtánach a gcuid aidhmeanna a chur i gcrích. Nuair nárbh fhéidir ainm an pháirtí a lua sa tír seo i rith an 20ú haois d’éirigh leo i gcónaí a gcás a chur i gcion ar imircigh na hÉireann agus na glúnta a lean iad, go háirithe sna Stáit Aontaithe.

Tá tromlach de phobal na tíre seo den tuairim anois go mbeidh Mary Lou McDonald ina Taoiseach tar éis an chéad olltoghcháin eile. Tá Sinn Féin i bhfad chun cinn sna pobalbhreitheanna. Ní shin le rá go mbeidh ar a gcumas rialtas a chur le chéile mar go bhfuil sé ríshoiléir go mbeidh Fianna Fáil agus Fine Gael ar a ndícheall ag iarraidh a chinntiú nach mbeidh siad i gcumhacht.

Baineann ceann de na teachtaireachtaí is leanúnaí in aghaidh Shinn Féin a bheith sa rialtas le cúrsaí eacnamaíochta. Bí cinnte go gcuirfear ina leith idir seo agus an Buiséad go bhfuil siad frith-ghnó agus in aghaidh na nuálaíochta. Déarfar go bhfuil a gcuid polasaithe craiceáilte agus go scriosfaidh siad aon seans go mbeidh rath ar an bhfiontraíocht.

Sin an fáth go bhfuil siad ag stocaireacht i measc lucht gnó agus fiontraíochta in Éirinn lena gcuid polasaithe a mhíniú. Sin an fáth freisin go bhfuil Mary Lou McDonald ag taisteal ar fud na cruinne – San Francisco an tseachtain seo – le lucht gnó, infheistíochta agus airgeadais  a chur ar a suaimhneas faoi céard a dhéanfaidh siad má bhíonn siad i gcumhacht.

Le go dtoghfar Sinn Féin i rialtas tar éis an chéad olltoghcháin eile caithfidh siad vótaí – agus vótaí aistrithe – a mhealladh ó dhaoine a bhfuil gnó beag acu, daoine atá féinfhostaithe. Seo iad na daoine is mó a bheidh ag fulaingt de bharr polasaithe Shinn Féin, dar le Fianna Fáil agus Fine Gael.

Déanfar chuile iarracht scéin agus faitíos a chothú i ndaoine faoi Shinn Féin. Ní mór a rá freisin go mbeidh cuid de lucht tacaíochta traidisiúnta Shinn Féin nach mbeidh ró-shásta leo as a bheith ag iarraidh druidim rómhór i dtreo na bpáirtithe eile lena gcuid polasaithe.

I ndeireadh an lae an príomhpholasaí atá acu go bhfuil siad ag iarraidh athaontú na tíre a chur i gcrích a luaithe agus is féidir.

Leis an aidhm sin a bhaint amach teastaíonn uathu a bheith i rialtas ar dhá thaobh na teorann. Tá siad ag obair leo chun a chinntiú gurb amhlaidh a bheidh. Ní fada uainn fios – as seo go ceann bliana nó dhó – an bhfuil éirithe leis an straitéis.

Fág freagra ar 'An geimhreadh ag teacht – an mbeidh fuar ag feachtas an rialtais in aghaidh Shinn Féin?'

  • Antóin

    Bí geall go mbeidh na fealltóirí i bhFianna Fealltach Fáil lántoilteanach dul i gcomhrialtas le Stickies Féin tar éis an chéad olltoghcháin eile. Mar an gcéanna le Fine gan Ghael. Nach mór an sásamh a bhainfidh SF astu!

    Sheas Stickies Féin gualainn le gualainn le Fianna Fealltach Fáil agus Fine gan Ghael agus na Giollaí Glasa le linn na pleandéime agus sheas siad uilig ar chosmhuintir na tíre seo.

    Maidir le ceisteanna faoi nasc idir SF agus gluaiseacht na poblachta, cén fáth arbh éigean d’ Iar-Aire Airgeadais de chuid Stickies Féin dul i gcomhairle le poblactanach sinsearach neamhthofa roimh chinneadh a ghlacadh maidir leis an scéim dreasachta teasa in-athnuaite i dTuaisceart na hÉireann?

  • Seán Mac Cearáin

    An gciallaíonn sé seo go bhfuil siad ag rá rud amháin don aicme oibre anseo agus a mhalairt do lucht ghnó Mheiriceá–Iontas na n-iontas.