An gearrliosta ag éirí níos faide ach Tiobraid Árann ag a bharr

Ach a bhfillfidh imreoirí na bPiarsach beidh grúpa fíorláidir ag Luimneach, ach idir an dá linn plus ça change, plus c’est la même chose

An gearrliosta ag éirí níos faide ach Tiobraid Árann ag a bharr

Jason Forde as Tiobraid Árann agus Seán Finn as Luimneach sa tóir air. ©INPHO/Ken Sutton

Cé gur fhág Luimneach agus Loch Garman slán le sraith peile na bliana seo seachtain ó shin, a leithéid de thaithí atá faighte ag imreoirí an dá chontae a bhfuil an oiread sin foghlamtha acu féin agus a lucht bainistíochta an t-earrach seo.

Maidir le Luimneach, bhuel, is féidir a rá bhfuil dea-chomharthaí go leor ann fúthu i ndiaidh na sraithe agus é léirithe acu do shaol na hiomána go bhfuil siad gar do bharr ghearrliosta na bhfoirne a bheidh san iomaíocht do na duaiseanna atá fós le buachtaint. Ach a bhfillfidh imreoirí na bPiarsach beidh grúpa fíorláidir agus acmhainneach acu.

N’fheadar an féidir an rud céanna a rá faoi Loch Garman. Cinnte tá feabhas thar cuimse tagtha orthu ó tháinig chucu Davy FitzGerald ach b’fhéidir nach bhfuil go leor imreoirí ar ardchaighdeán acu. Ach an oiread leis an mbliain seo caite bhíodar níos súpláilte ná na foirne eile ag tosach an tséasúir, ach de réir a chéile níor bhuntáiste chomh mór sin dóibh an aclaíocht sin. Ach tá siad go maith agus beidh siad lán le spiorad iontach agus is beag fonn a bheidh ar na foirne eile aghaidh a thabhairt orthu.

Ach plus ça  change, plus c’est la même chose, is iad Tiobraid Árann agus Cill Chainnigh a bheidh ag dul chun páirce inniu agus deis acu an tsraith a bhuachan chomh maith le turas chun na hAstráile níos déanaí sa bhliain. Seo iad ríthe an comórtais agus an tsraith buaite 19 uair ag Tiobraid agus 17 uair ag Cill Chainnigh.

Go dtí seo i mbliana, is iad na Tiobraid Árannaigh is mó a léirigh neart a bpainéil agus go háirithe an neart atá acu maidir le tosaithe atá cruinn ealaíonta, cliste agus díograiseach. Tá Jason Forde ar fheabhas ó thosach na bliana, ach is é John McGrath a bheadh á cheannach agamsa dá mbeadh margadh oscailte i saol na hiománaíochta. Sin gan trácht ar Bubbles, Bonner, Breen, Callinan agus an McGrath eile. Ba dheacair sin a bhualadh mar bhuíon naoscairí gan na boic óga a lua ar chor ar bith.

Ach céard faoi na Cait a chaill an chéad dá chluiche sraithe agus roinnt daoine den tuairim gurb é an dícháiliú agus deireadh ré a bhí i ndán dóibh? Bhuel tá a bhfreagra tugtha acu ar an gcaint sin. Tá cúpla saol fós fághtha ag na Cait agus iad ag feabhsú cluiche i ndiaidh cluiche. Má tá Forde agus McGrath ag na Tiobraid Árannaigh tá TJ Reid ag na Cait. Iarimreoir na bliana a bhfuil seacht mbonn craoibhe agus ceithre cinn sraithe aige i measc an chairn mhóir gradam atá buaite aige.

I mbliana tá sé ar ais ar a sheanléim arís. Dar ndóigh, bhí siad ag imirt d’uireasa roinnt imreoirí atá an-tábhachtach dóibh go dtí seo, leithéidí Paul Murphy, Richie Hogan agus Colin Fennelly. Mar sin féin, tá roinnt imreoirí nua tagtha ar an bhfód – Richie Leahy, Martin Keoghan, John Donnelly agus Bill Sheehan ina measc.

Fós féin, tá mórán ag brath ar Reid agus ar a chúntóir Walter Walsh go fóill agus dá mbeidís d’uireasa Reid ba laige go mór iad. Sin an fhadhb is mó atá ag Cill Chainnigh – a bheith ag brath rómhór ar dhuine amháin.

Má éiríonn le Tiobraid Árann Reid a a choimeád faoi chois, nó a  thionchar a laghdú fiú, gach seans gurb iad a bheidh ar an eitleán sin chuig an Astráil.

Ach seo Cill Chainnigh agus iad faoi Brian Cody agus pé cúigear déag a bheidh ar an bpáirc, déanfaidh siad a seacht ndícheall ar son na cúise. Is léir ó scéal na hiomána ó thosach na mílaoise gur deacair le Tiobraid Árann an bua a fháil ar na Cait. Is dócha go mbeidh an scéal amhlaidh amárach, ach beidh ionadh orm mura mbeidh an lá leis na Tiobraid Árannaigh an geábh seo.

Fág freagra ar 'An gearrliosta ag éirí níos faide ach Tiobraid Árann ag a bharr'