An ghéarchéim athraithe aeráide ag dul in olcas – tuarascáil nua de chuid na Náisiún Aontaithe

Tá tacaíocht tugtha ag 195 tír don taighde is deireanaí a léiríonn gurb é an cine daonna is cúis leis an téamh domhanda

An ghéarchéim athraithe aeráide ag dul in olcas – tuarascáil nua de chuid na Náisiún Aontaithe

Tá an t-athrú aeráide ag tarlú go forleathan, go sciobtha agus ag ráta atá fós ag ardú, de réir tuarascáil nua de chuid na Náisiún Aontaithe a foilsíodh inniu. Caithfear laghdú mór a dhéanamh go práinneach agus ar bhonn leanúnach ar aischur dé-ocsaíd charbóin le dul i ngleic leis an dochar atá á dhéanamh don phláinéad.

An Painéal Idir-rialtasach ar Athrú Aeráide a d’fhoilsigh an taighde nua a bhfuil tacaíocht tugtha ag 195 rialtas de. Deir na saineolaithe go raibh siad ar fad ar aon intinn nach bhfuil aon amhras faoi ach gurb é tionchar an duine is cúis leis an athrú aeráide.

Tá an rabhadh atá tugtha faoi thodhchaí an phláinéid ar an gceann is tréine a tugadh go dtí seo. Deir na heolaithe go bhfuil an t-athrú ag tarlú i ngach réigiún ar fud an domhain, go bhfuil an teas domhanda ag ardú, oighear an Artaigh ag leá agus leibhéal na farraige ag ardú.

Mura ndéantar laghdú láithreach agus sciobtha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ní bheidh sé indéanta feasta an t-ardú ar theas domhanda a theorannú go dtí 1.5°C nó fiú 2°C.

Dúirt ceannaire an Chomhaontais Ghlais sa tír seo, an tAire Eamon Ryan go bhfuil an deis atá againn dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide ag dul i laghad. Tuilleadh tonnta teasa agus méadú ar thuilte de réir mar a ardaíonn an teocht a bheidh romhainn mura n-athraíonn muid an cur chuige atá againn. Dúirt sé freisin nach féidir anois cuid de na nithe atá tarlaithe cheana féin, ardú leibhéal na farraige, mar shampla, a laghdú arís.

Tá geallta aige Plean Gníomhaíochta Aeráide a fhoilsiú go luath ina mbeidh liosta de na céimeanna a thógfar maidir le giniúint fuinnimh, soláthar teasa, cúrsaí iompair agus táirgeadh bia leis an athrú aeráide a mhaolú a oiread agus is féidir.

Fág freagra ar 'An ghéarchéim athraithe aeráide ag dul in olcas – tuarascáil nua de chuid na Náisiún Aontaithe'

  • Seán Mag Leannáin

    Ní féidir liom easaontú le Alan Titley ina cholún san Irish Times – ‘Na críocha déanacha’, 10 Nollaig 2018.
    “Deirtear nach foláir dúinn na hastaíochtaí carbóin a laghdú, ach tá 992 milliún bó ar domhan de réir m’áirimhse, gan trácht ar dhaimh agus ar gheacanna agus ar bhuabhaill, agus is dócha go bhfuil broim gach ceann díobh chomh lofa lena chéile. Is beag duine a cheap nuair a bhí an t-ár gan chrích á dhéanamh ar bhuabhaill mhachairí Mheiriceá go raibh an t-éirleach ag cabhrú le sláinte an domhain.

    Ní léir dom ach an oiread go mbeidh na sluaite ag iompáil ina veigeatóirí de dhroim oíche, agus cad a dhéanfaidh na veigeáin nuair a gheofar amach go bhfuil beatha mhothaitheach ag na plandaí chomh maith? Agus cá bhfuil na daoine nach mbeidh toilteanach dul ar chuaird ábhaille samhraidh go dtí Langarotti agus Tóinarife agus Beanindorm in áit na sléibhte a shiúl sa bhaile agus cnónna a ithe ar shliabh sa bháisteach?”

  • Gearóid Ó Raghallaigh

    Éilíonn an t-alt seo go bhfuil athraithe a bhaineann le athrú aeráide ag tarlú i ngach réigiún ar fud an domhain.
    Ní amhlaidh an scéal, ámh san Antartach.
    De réir taighde a foilsíodh anuraidh (2020) san iris Climate and Atmospheric Science, Eolaíocht an Atmaisféir agus Aeráide, níl aon teas domhanda san antartach le seachtó bliain anuas. Mar bharr ar sin tá méid an oighear mara ag méadú comh maith.
    Rinneadh an taighde ag Hansi A Singh et al, ag an Ollscoil Victoria, Ceanada.
    Tá an t-ált le fáil saor in aisce ar an idirlíon.