An fón póca Sweet Afton na linne seo

Nuair a bhí mise ag fás aníos bhí beagnach chuile dhuine fásta a chasfaí ort ag caitheamh gail

An fón póca Sweet Afton na linne seo

Meas tú an iad na fóin phóca an tobac nua? Is mé ag dul isteach ag bialann ar an deireadh seachtaine thug mé faoi deara boladh an tobac san aer ar an tsráid taobh amuigh den bhialann.

Is annamh liom boladh tobac a fháil na laethanta seo agus is dóigh gur cheart go gcuirfeadh sé as dom. Ach ní chuireann.

Cumha a chuireann sé orm déarfaidh mé an fhírinne leat. Tugann sé siar mé agus cuimhním ar na daoine agus ar an am atá imithe anois.

Is beag rud níos láidre ná an tsrón leis an gcuimhne a spreagadh. Níor thug mé faoi deara é ag an am mar go raibh sé chomh coitianta sin, ach bhíodh boladh tobac i ngach áit is nuair a fhaighim an boladh anois tugann sé siar ar ais mé go laethanta m’óige.

Nuair a bhí mise ag fás aníos bhí beagnach chuile dhuine fásta a chasfaí ort ag caitheamh gail. Bhí píopa ag imeacht ag chuile Dhaideo, pluganna leathunsa Condor nó Mick McQuaid ag imeacht acu agus iad á dtógáil amach anois is arís is ag gearradh slisíní beaga den phlug le scian phóca agus ag líonadh an phíopa leis.

Scaití bhíodh mála tobac rolláilte faighte ó chuairteoirí as Meiriceá is tá cumha orm anois ag cuimhneamh ar an mboladh milis a bhíodh air. Tháinig mé ar mhálaí Virginia Tobacco a bhí i dtaisce sa drisiúr ag mo Dhaideo uair amháin agus cuimhním fós ar an mboladh milis is mé ag faire ar mo dheis go mbeadh sé imithe amach as an gcistineach go bhféadfainn an mála a oscailt is bolú dhe.

Ar na Silk Cut Blues a bhí na Mamónna, iad sin nó na Purples. Toitíní níos laige a bhí iontu sin agus iad dírithe ar mhargadh na mban agus margaíocht ghalánta bhanúil déanta orthu. Thosaíodh na déagóirí ag caitheamh na dtoitíní laga is dhéanfá do bhealach suas ag na ceanna láidre i ndiaidh a chéile.

Chaitheadh na fir Major Benson & Hedges, nó má bhí siad an-chrua go deo, Woodbines nó Sweet Afton, toitíní láidre gan aon scagaire orthu. Tugann sé míniú eile don haischlib #NoFilter.

Chaithfeadh go mbíodh muid uilig á bplúchadh. Is mór an t-athrú atá tagtha ar an saol ó shin agus tuairiscíodh anuraidh gur 9% de phobal na hÉireann atá ag caitheamh sa lá atá inniu ann.

Chuimhnigh mé ar an athrú is mé ag suí isteach sa mbialann ar an Domhnach. Murach na polasaithe sláinte a tháinig chun cinn le fiche bliain anuas a chuir srianta ar chaitheamh gail go poiblí, is dóigh go mbeadh an seomra lán le deatach agus leath na ndaoine ag caitheamh.

Thug mé faoi deara athrú eile is mé ag breathnú thart ar an seomra ar na tuismitheoirí agus páistí agus Mamónna agus Daideonna a bhí cruinnithe le chéile do dhinnéar an Domhnaigh.

Níl muid ag caitheamh gail níos mó ach tá craiceáil eile tagtha ina áit agus is é sin an fón póca.  Ach an oiread le boladh an tobac sna 1980idí is ar éigean a thabharfá faoi deara é mar go bhfuil sé chomh coitianta sin anois, ach tá an chuid is mó againn gafa leis an bhfón cliste agus b’fhéidir go bhfuil sé in am againn iad a chaitheamh in aer.

Fág freagra ar 'An fón póca Sweet Afton na linne seo'