An fiú ár ngeilleagar a scrios ar mhaithe le bheith ag déanamh gaisce as ár moráltacht?

Cén fhad eile a chaithfidh muid maireachtáil leis an gcogadh seo, leis an mbás agus an díothú?

An fiú ár ngeilleagar a scrios ar mhaithe le bheith ag déanamh gaisce as ár moráltacht?

Ní fheadar an bhfuil Ursula von der Leyen i mbun cleachtaidh le dul ar stáitse mar mar fhuirseoir? Murach go bhfuil an scéal chomh tromchúiseach is gáire mór a spreagfadh a cuid cainte faoi dhúmhál na Rúiseach ar an Eoraip.

Le tamall, tá tráchtairí is polaiteoirí an Iarthair ag seanmóireacht gur ceart dúinn baghcat a chur ar ola is gás na Rúise. D’fhéadfaí dúmhál a thabhairt air sin b’fhéidir ach amháin nach ndéanann ach na bithiúnaigh a leithéid.

Agus anois, in ionad cosc a chur ar ghás ón Rúis, tá an Eoraip ag gearán toisc go bhfuil seans láidir ann nach dtabharfaidh an Rúis aon ghás dóibh. Na bithiúnaigh!

Ach, cé acu an dteastaíonn ón Eoraip gás na Rúise a fháil nó nach dteastaíonn?

Idir an dá linn, agus an tseafóid sin sna ceannlínte, tá foláireamh á thabhairt san Eoraip go gcaithfear ciondáil a dhéanamh ar ghás an geimhreadh seo. Agus admhaítear go mbeidh brú ollmhór ar gheilleagar na hEorpa dá bharr.

Dúnfar monarchana, fágfar daoine gan teas, beidh bia gann is costasach.

Agus is beag tionchar atá aige sin ar gheilleagar na Rúise agus í ag aistriú a fócas trádála ón Eoraip go dtí an tOirthear.

Tá an Coimisiún Eorpach ag moladh go laghdódh gach ballstát úsáid gáis 15%, agus lena chinntiú go ndéanfar amhlaidh, tá an Coimisiún ag lorg údaráis ionas go bhféadfaí moladh sainordaitheach a dhéanamh de seo!

I gcás na hÉireann ní fhaigheann muid gás ón Rúis, ach mar Eorpaigh dhílse beidh muid thíos leis an nganntanas.

Níl an moladh seo inoibrithe, ach téann sé leis an seasamh bréagmhorálta atá ag an Eoraip maidir leis an gcogadh. Cé nach ndéanann na smachtbhannaí aon dochar suntasach don Rúis, caithfear cloí leo le taispeáint go seasann muid leis an Úcráin. Polaitíocht na ngothaí a thugtar ar a leithéid.

Mar an gcéanna, maidir le teifigh. Cinnte, tá bá ag duine daonna ar bith leosan a mbíonn orthu teitheadh ó chogadh agus ó bhaol an bháis, ach ní féidir rudaí a gheallúint nach bhfuil ar ár gcumas a chomhlíonadh. Ní féidir linn ionaid chónaithe a chur ar fáil don oiread teifeach Úcránach is atá tagtha anseo, mar níl na hionaid sin ann. Go deimhin, níl siad ann dár muintir féin.

Ach polaitíocht na ngothaí arís, mar teastaíonn ón rialtas go mbeadh an chuma ar an scéal go bhfuil muide níos dílse don Úcráin ná aon stát eile, agus cinnte níos dílse ná ár gcomharsana sa mBreatain a d’fhág an tAontas Eorpach.

Ach fós, ní féidir linn freastal ar riachtanais na dteifeach in ainneoin na ngothaí galánta ar fad.

Le bheith ionraic faoi, caithfear aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna seo go dáiríre. Má tá dochar mór le déanamh don gheilleagar nach cóir go bpléifeadh muid an scéal sin leis an Rúis, agus gach iarracht a dhéanamh deireadh a chur leis an gcogadh?

Ach ní féidir é sin a dhéanamh mar ba thréigean na hÚcráine a bheadh ann dar lenár gceannairí. Caithfidh muid mar sin leanúint leis an gcur i gcéill.

Cén fhad eile a chaithfidh muid maireachtáil leis an gcogadh seo, leis an mbás agus an díothú? Cén fhad eile a chothóidh muid an seachmall gur féidir leis an Úcráin an bua a fháil ar an Rúis?

Má tá tú ar son na hÚcráine, nó – cosúil liomsa – den tuairim go raibh cúis mhaith ag an Rúis leis an ionradh, tá firinne amháin soiléir ann: go mall ach go cinnte tá arm na Rúise ag dul i gceannas ar bhreis is breis talún in oirthear agus i ndeisceart na hÚcráine.

Mar atá ráite ag Alfons Mais, Leifteanantghinearál in Arm na Gearmáine, an Bundeswehr, ní féidir leis an Iarthar cúrsa an chogaidh a athrú le trom-armas nó eile, ní bheidh de thoradh orthu ach an cogadh a fhadú.

B’fhéidir nach dtaitneoidh an fhírinne seo le daoine, ach ní fhágann sin nach í an fhírinne i gcónaí í.

Cuimhnigh freisin, in ainneoin na bolscaireachta, níl ach mionlach de thíortha an domhain páirteach sna smachtbhannaí, agus sin é an fáth nach bhfuil aon tionchar mór acu ar an Rúis.

Cé acu is fearr: iarracht a dhéanamh teacht ar an réiteach síochána is fearr dá bhfuil le baint amach, nó leanúint le cogadh nach féidir bua a fháil ann, agus ár ngeilleagar a scrios ar mhaithe le bheith ag déanamh gaisce as ár moráltacht.

Fág freagra ar 'An fiú ár ngeilleagar a scrios ar mhaithe le bheith ag déanamh gaisce as ár moráltacht?'

  • JP

    ‘…cúis mhaith ag an Rúis leis an ionradh’? Cén chúis a bhí acu leis an ‘ionradh’ sin?

  • Antain Mac Lochlainn

    A JP, a chara – Tá Eoin ag déanamh dul chun cinn agus an focal ‘ionradh’ a úsáid seachas ‘oibríocht mhíleata speisialta’.

  • Traolach

    Is ait liom go gceapann Eoin go raibh cúis mhaith leis an ionradh. Is dóigh liom féin nach bhfuil aon dealramh leis.

  • MacAnRí

    dochreidte ! ar léigh Eoin fiú an méid a scríobh sé ? Stopfaidh an “t-ionradh” agus an cogadh nuair a thiocfaid na Rúisigh ar ais as a gcraiceáilte

  • Dónall

    Nuair a dhéanann triúr léitheoir ‘ionradh’ ar an scríbhneoir faoin bpointe céanna cuireann sé scamall dorcha ar an ndíospóireacht agus ar phléisiúr na léitheoireachta. Nach leor an pointe a dhéanamh uair amháin.
    Aontaigh leis nó ná haontaigh ná tabhair síos go leibhéal bhulaíocht shuarach Journal.ie é.
    Agus, maidir leis an gcuid eile den alt, is deacair na fíricí a shárú.

  • Michael W

    “Agus is beag tionchar atá aige sin ar gheilleagar na Rúise agus í ag aistriú a fócas trádála ón Eoraip go dtí an tOirthear. ” – De réir Ollscoil Yale, tá na smachtbhannaí ag brú ar gheilleagar na Rúise – https://www.axios.com/2022/07/26/russia-sanctions-economic-impact

  • Dónall

    Táim cinnte go bhfuil fírinne sa mhéid sin agus is maith go bhfuil tionchar (cé gur beag é) aige ar an Rúis, ach is é an poinnte atá sé a dhéanamh gur mó i bhfad dochair atá muid a dhéanamh dúinn féin ná don Rúis.
    Agus cé chomh fada a bheidh muid in ann é seo a choinneáil suas sul a scriosfaidh muid ár ngeilleagar ar fad. Caithfidh muid smaoineamh go bhfuil go leor sa tír seo ag sracadh leis an saol mar atá agus go bhfuil na harduithe ar chostas maireachtála dá bhfágáil i ndroch chaoi.
    Is éasca le politeoirí cinneadh dá leithéid a dhéanamh agus iad ar phá maith, gan imní faoina harduithe praghas agus an ganntan atá fós romhainn. Caithfear breathnú ar an bpictiúr ina iomláine agus teacht suas le smaoinnte nua a bheadh éifeachtach … gan muid féin a bheith ar an tubaiste is mó sa scéal.

  • Antain Mac Lochlainn

    A Dhónaill, a chara: níl pioc aithne ná eolais agam ar na léitheoirí eile a d’easaontaigh le hEoin. Níl neart agamsa air má chuir sé isteach ar dhaoine eile. Ach is ait an rud é ‘bulaíocht’ a chur i leith daoine agus a insint dóibh ina dhiaidh sin cad é mar ba chóir dóibh fóram plé a úsáid.

  • Dónall

    A Antain, a chara, caithfidh mé a rá nár rith sé ar feadh soicind liom go raibh aon aithne ag aon duine anseo ar a chéile.
    Tá brón orm gur chuir sé an oiread sin as duit, a Antain, agus gabhaim mo leithscéal ó chroí leat.
    Ní raibh mé ag tabhairt bulaí ar aon duine, ach ag impí gan dul síos an bóthar sin – mar a fheicim go rialta ar fhóraim plé eile.
    Cuireann sé déisteann orm nuair a thagann scata mór amach, ‘laoch’ i ndiaidh ‘laoch’, leis an bpoinnte céanna, beagnach focal ar fhocal.
    Mo phárdún arís le haon duine ar chuir sé as dóibh, ach seasaim le mo thuairim má tá poinnte argóna déanta nach bhfuil aon údar an poinnte céanna a dhéanamh arís.
    Le meas,
    Dónall.

  • Antóin

    A Eoin, nach bhfuil tú ar liosta dubh Zelensky go fóill!