Cuairt ghairid a thug mé ar Theach Rinn Mhaoile le gairid a mheabhraigh dom a laghad eolais a bhí agam ar Oliver St. John Gogarty, an té is mó atá luaite leis an áit. Bhí a fhios agam go raibh bonn Oilimpeach ina sheilbh, go mba file agus drámadóir é. Ach b’in eile.
Sa mbliain 1917 cheannaigh Gogarty agus a bhean chéile Martha, arbh as an gceantar sin í, an teach mór ó Caroline Blake. Ba de mhuintir na mBlácach ise – tiarnaí talún a raibh úinéireacht ar chuid mhaith de Chonamara acu agus cáil na tíorántachta ag dul leis.
Ag deireadh an 19ú céad bhí suas le 5,000 acra san eastáit a bhí ag Caroline agus beagnach an méid céanna tionóntaí ag iarraidh maireachtáil a bhaint as an talamh bocht sléibhe agus an cladach. Le teacht an Ghorta Bhig (1879) bhí drochbhail ar na tionóntaí céanna agus Caroline Blake ag déanamh neamhaird d’aon impí a deineadh ar an gcíos a ísliú.
In 1880 nuair a chomhairligh Conradh na Talún do na tionóntaí gan aon chíos a íoc agus gan aon obair a dhéanamh dise, ba é a rinne sí ná os cionn 100 fear, bean agus páiste a chaitheamh amach ar thaobh an bhóthair.
Nuair a tháinig Acht na dTiarnaí Talún agus na dTionóntaí isteach an bhliain dár gcionn laghdaigh sin de bheagán an chumhacht a bhí ag a leithéid agus ní raibh ag Caroline ach tosaí ar sheift éicint a chinnteodh teacht isteach níb fhearr di. Rinne sí óstánaí di féin agus d’oscail Teach Rinn Mhaoile.
“Our sympathies are naturally enlisted when we see a lady of rank having to enter upon a life of commercial activity’ a dúirt an Dublin Daily Express, ar an 8 Iúil 1884.
Faoi dheireadh agus í sna hochtóidí ní raibh aice ach an talamh a chur i lámha Bhord na gCeantar Cúng agus an teach a dhíol le St. John Gogarty.
Ní féidir ach go mba in aghaidh stuif a rinne sí amhlaidh. Bhí sise go láidir ar son na hAontachta agus bhí seisean ar dhuine acu siúd a labhair ag an gcruinniú ag ar bunaíodh Sinn Féin i 1905.
Máinlia ab ea Gogarty agus ba é a rinne scrúdú iarbháis ar Art Ó Gríofa agus ar Mhicheál Ó Coileáin nuair a bhásaigh siadsan i bhfoisceacht coicíse dá chéile i Lúnasa na bliana 1922.
As dán a scríobh sé faoi Chluichí Tailteann, ‘Ode to the Tailteann Games’ a bhuaigh Gogarty an bonn airgid ag Cluichí Oilimpeacha 1924. Ag an am, bhíodh comórtais sna healaíona i gceist ag na Cluichí. D’iarr Rialtas na hÉireann air dán a chumadh mar chomóradh ar Aonach Tailteann, an fhéile spóirt agus chultúir a raibh bonn curtha acu fúithi – é os cionn 800 bliain ó reáchtáladh roimhe sin iad.
Bhí fadálacht agus cuid mhaith éagsúlachta ag baint leis an oideachas a fuair Oliver St. John Gogarty. I Scoil Uí Chonaill a chaith sé an dá bhliain ba thúisce dá chuid meánscolaíochta. Nuair a bhásaigh a athair (1891) d’aistrigh sé go scoil chónaithe na nÍosánach i Mungairit i Luimneach agus as sin go scoil a bhí acu i Stonyhurst i Sasana a raibh an dearg-ghráin aige uirthi. I scoil eile fós de chuid na nÍosánach a chaith sé an bhliain dheireanach – i gCoill Chluana Gabhann i gCo. Chill Dara.
In Ollscoil Ríoga na hÉireann a thosaigh sé ag gabháil don leigheas ach in 1898 d’athraigh sé chuig Coláiste na Tríonóide tar éis dó 80% de na scrúduithe a rinne sé san Ollscoil Ríoga a theip.
Cúis shimplí go leor a bhí leis na drochmharcanna – saol an mhada bháin a bheith caite aige mar mhac léinn, tús tugtha don ragairne agus d’imeachtaí spóirt agus lúthchleasaíochta ar an staidéar.
Bhí imirt an tsacair ar chuid den spórt sin, cluiche ina raibh sé thar a bheith oilte. Le linn dó a bheith ina dhalta i Stonyhurst bhí sé ar fhoireann chúltaca Preston North End a bhí i Roinn 1 de Shraith Sacair Shasana ag an am. Ar ais i mBaile Átha Cliath dó agus tús curtha aige lena chuid staidéir ar an leigheas, d’imir sé le Bohemians i Sraith na hÉireann.
Rothaí agus snámhaí den scoth ab ea é freisin. Ba mhaith a sheas sin dó sna blianta dár gcionn.
Thacaigh sé le Sinn Féin agus le linn Chogadh na Saoirse fuair baill den IRA dídean ina theach agus ó am go ham thugadh sé a ghluaisteán ar iasacht dóibh.
Le teacht an Chonartha i 1921, sheas sé leo siúd a bhí ina fhabhar agus ceapadh mar Sheanadóir é i 1922 nuair a bunaíodh a leithéid don chéad uair sa Saorstát.
An bhliain chéanna sin thug ceannaire an IRA, Liam Lynch ordú go raibh na Seanadóirí le scaoileadh agus i mí Eanáir dár gcionn ghabh buíon den eagraíocht sin Gogarty agus cuireadh faoi choinneáil é i dteach i Séipéal Iosóid i mBaile Átha Cliath. D’éirigh leis éalú as sin agus chaith é féin isteach in abhainn na Life gur bhain áit shábháilte amach de bharr a chumas snámha.
Mí dár gcionn, mar chuid den fheachtas céanna in aghaidh na Seanadóirí, chuir an IRA Teach Rinn Mhaoile trí thine agus deineadh damáiste go leor.
Ar feadh scaithimh mhaith ina dhiaidh sin bhí an áit tréigthe, ach faoin mbliain 1930 bhí sé cóirithe arís agus é oscailte ag Gogarty mar óstán.
Tá sé le feiceáil ó dhaonáireamh 1921go mba í an Ghaeilge teanga an phobail i gceantar Rinn Mhaoile, áit a raibh Gogarty curtha faoi. Fós, ainneoin go raibh cairde dá chuid a labhair í, an Moinsíneoir Pádraig de Brún mar shampla, ba bheag gean a bhí ag Gogarty ar an teanga. Cur amú airgid a bhí san iarracht í a athbheochan, dar leis – airgead a mbainfí níos mó sochair as ach é a chaitheamh ar chúrsaí oideachais, tithíochta agus sláinte.
Lucht liteartha ab ea iad siúd ba mhó a mbíodh baint aige leo nuair a laghdaigh sé ar a chuid oibre mar mháinlia. Bhí sé thar a bheith cairdiúil leis an bhfile W.B. Yeats.
Idir phrós, fhilíocht agus drámaíocht foilsíodh suas le deich gcinn fhichead de leabhair óna pheann. Is air a bhunaigh James Joyce an carachtar Buck Mulligan ina leabhar Ulysses.
Sna Stáit Aontaithe a chaith sé na seacht mbliana déag dheireanacha dá shaol. Nuair nach nglacfadh Arm ná Aerfhórsa na Breataine leis mar dhochtúir nuair a thosaigh an Dara Cogadh Domhanda thrasnaigh sé an tAtlantach.
Níor chuidigh sé lena mheon ach an oiread go mba iad Fianna Fáil a bhí i gcumhacht agus Éamon de Valera ina Thaoiseach ar feadh formhór an ama sin.
Thugadh sé cuairt abhaile ar Rinn Mhaoile minic go leor, áit a raibh a bhean chéile fós i mbun an óstáin, ach níor chónaigh sé go buan sa tír riamh ina dhiaidh sin.
Lena chur i gcré na cille a tháinig sé ar an gcuairt dheireanach i bhfómhar na bliana 1957, é féin agus Martha curtha sa reilig ar an gCartún i mBaile na hInse agus gan idir iad agus an Teach Mór ach Fraochoileán.
Seosamh Ó Beirgin
Alt thar a bheith spéisiúil é seo.
An Sléibhteoir
Alt iontach