An fhreagracht atá ar iarnaimhde David Trimble ná a oidhreacht a dhaingniú

Ní mór éirí as an ngalamaisíocht agus polaitíocht Stormont a chur ar bhonn seasta feidhmiúil

An fhreagracht atá ar iarnaimhde David Trimble ná a oidhreacht a dhaingniú

Bhí a shochraid dílis do phearsantacht David Trimble, ciúin gan aon ghairéad, ní in Ardeaglais ach san séipéal Preispitéireach beag i Lios na gCearrbhach ar fhreastail an teaghlach air go rialta. Mar sin féin bhí siad ann as gach ceard, gach aicme, maithe agus móruaisle, cairde, comharsana, agus iarnaimhde.

Ina measc bhí an tUachtarán Ó hUigínn, Príomh-Aire na Breataine (pro tem) Boris Johnson, an Taoiseach Micheál Martin, an t-iarThaoiseach Bertie Ahern, Doug Beattie ceannaire an UUP, scata d’iarcheannairí eile an pháirtí sin a tháinig i ndiaidh David Trimble, ceannairí na bpáirtithe eile abhus agus Gerry Adams an t-aon duine a mhaireann de na príomhcheannairí logánta ar Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Chuala siadsan agus an slua a bhí bailithe lasmuigh den eaglais gur cheannródaí misniúil é David Trimble, an ceannaire aontachtach ba thábhachtaí i stair 101 bliain Thuaisceart Éireann.

Ba í Daphne Trimble lena ceathrar clainne a leag síos an tsíocháin mar théama na sochraide. Ba iad gríosú chun an tsáinn pholaitiúil reatha a fhuascailt agus caomhnú na síochána príomhtheachtaireacht na seirbhíse. Ba é an scéal céanna é in Stormont lá arna mhárach nuair a ritheadh seisiún speisialta den Tionól in ómós do David Trimble, Tiarna Lios na gCearrbhach. Ba é Trimble, in éineacht le Seamus Mallon an SDLP, an chéad duine a raibh cúram an Chéad-Aire air i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta 1998.

Ó fuair sé bás deich lá ó shin ní mar chéad-aire a bhí an Tiarna Trimble á mholadh (ba mhinic an Feidhmeannas ar fionraí sna blianta sin i ngeall ar dhíchoimisiúnú an IRA) ach mar cheannaire aontachtach a d’aontaigh conradh stairiúil 1998. Bhí sé de bhuntáiste aige go raibh cáil na neamhghéilliúlachta air, rud a chuir ar a chumas a bheith páirteach sna cainteanna polaitiúla fiú nuair a shiúil Paisley agus an DUP agus daoine eile amach. Bhí tacaíocht aige ó na páirtithe dílseacha beaga a bhí luaite leis an UVF agus an UDA. Mar sin féin bhí gá le misneach agus dánacht chun glacadh leis an gComhaontú. Ba léir sin ón lá roimh ré nuair a shiúil ball sinsearach dá fhoireann idirbheartaíochta, Jeffrey Donaldson amach. Leid faoina raibh i ndán do Trimble.

Bhí mionlach mór san UUP a bhí dubh dóite in éadan an chomhaontaithe, iad ag diúltú do rannpháirtíocht Shinn Féin sa phróiseas polaitiúil agus do shaoradh na bparaimíleatach as príosún. Bhí Jeffrey Donaldson ar dhuine de na daoine ba ghlóraí sa ghrúpa sin ina raibh leithéidí na bhfeisirí Martin Smith, Willie Ross agus David Burnside, chomh maith le baill eile ar nós Arlene Foster. Chráigh siad Trimble ag cruinnithe éigeandála den pháirtí, seisiún i ndiaidh seisiúin, ar feadh blianta, ag creimeadh a údaráis ón taobh istigh. Ag an am céanna bhí feachtas fíochmhar ina choinne ar siúl ón taobh amuigh ag an DUP. Faoin am ar fhág Donaldson agus Foster an UUP in 2003 le dhul leis an DUP bhí David Trimble fós ina cheannaire ach bhí sé leonta go dona.

Bhí Jeffrey Donaldson, ceannaire an DUP anois, i measc an phobail san eaglais Dé Luain ar shochraid David Trimble. An admhódh sé gur tháinig sé féin agus a pháirtí reatha i dtír ar obair agus ar chrógacht David Trimble? Mhaígh David Burnside, an t-iarfheisire de chuid an UUP a bhí imeasc na n-easaontóirí go gcruthaíonn an stair go raibh an ceart ag David Trimble agus go mba ‘sárcheannaire’ é.

Caithréim d’aontachtaithe ab ea Comhaontú Aoine an Chéasta cé nach féidir leis an DUP é sin a admháil go poiblí, a dúirt Burnside. ‘Tá a fhios ag an DUP é mar baineann siad úsáid as an gComhaontú mar thaca lena n-argóintí in aghaidh an phrótacail,’ ar sé.

Cáineadh Trimble go géar sna blianta tosaigh i ndiaidh 1998 mar nár chraobhscaoil sé buntáistí an Chomhaontaithe d’aontachtaithe. Dúirt go leor, an scríbhneoir seo san áireamh, gur cheart dó a bheith ag déanamh gaisce as ‘prionsabal na tola’ agus an chaithréim a bhí bainte amach aige. Níor chuireamar a phearsantacht san áireamh, a easpa buaileam sciath agus an luí a bhí aige le cur i láthair anailíseach seachas poileimiciúil. Cá bhfios an mbeadh feidhm le bealach níos dearfaí?

Cheadaigh sé dó féin tamall de bhlianta ó shin pléisiúr a bhaint as an socrú a chomhaontaigh sé agus an córas a chomhbhunaigh sé a bheith á gcur i bhfeidhm ag na daoine a chuir dá bhonnaibh é. Thuigfeá dó. Sé a ndúshlán anois a oidhreacht a dhaingniú. Ní mór éirí as an ngalamaisíocht agus polaitíocht Stormont a chur ar bhonn seasta feidhmiúil, ar mhaithe leis an bpobal ar fad agus lena chinntiú gur féidir an tsíocháin a fhorbairt.

Fág freagra ar 'An fhreagracht atá ar iarnaimhde David Trimble ná a oidhreacht a dhaingniú'