An féidir rabharta nua den phaindéim a shárú ceal cruinneolas faoina chúis?

Is é bun agus barr an scéil nach bhfuil aon dul as ag an rialtas ach cibé athrú a fhógrófar ar a gcur chuige i leith na paindéime a bhunú ar bhuillí faoi thuairim

An féidir rabharta nua den phaindéim a shárú ceal cruinneolas faoina chúis?

An dea-scéal i dtosach: tá vacsaín faighte ag 91.8 faoin gcéad de dhaonra an stáit atá os cionn dhá bhliain déag. Níl céatadán chomh hard sroichte i dtír ar bith eile san Eoraip agus gan ach 74.7 faoin gcéad bainte amach ar an meán. 

 Agus an drochscéal: tá cásanna nua Covid-19 ag méadú in aghaidh an lae agus an galar ag leathadh arís anseo sa Phoblacht ar scála níos airde ná mar atá á thuairisciú sa chuid is mó den Eoraip. 

 Beidh an chontrárthacht aisteach seo á plé ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) Dé Luain agus ag an rialtas an lá dár gcionn. Má leanann an géarú ar leathadh na paindéime, beidh brú ar airí rialtais moill ar a laghad a chur ar chuid den chealú ar na srianta in aghaidh an ghalair a gheall siad a chuirfí i bhfeidhm ón Aoine seo chugainn. 

Is é bun agus barr na faidhbe atá le réiteach ag na saineolaithe agus ag na hairí nach léir fós freagraí na gceisteanna atá ag cur imní orthu ó thosaigh an t-ardú ar líon na gcásanna nua (thart ar 600 in aghaidh an lae i mí Iúil, thart ar 2,000 sa lá le seachtain anuas).  

Cén chúis, nó cúiseanna, atá leis an méadú? Cén t-athrú ar na srianta a theastaíonn chun stop a chur leis an méadú? Conas  ba chóir moill nó malairt treo riachtanach a mhíniú don phobal?  

 Ní tearc na teoiricí ná na féidearthachtaí atá á dtairiscint mar fhreagra ar an gcéad cheist, nach féidir an rabharta sa phaindéim a shárú dá uireasa.  Tá cur síos anseo ar chúig cinn: 

1. Tá réchúis an phobail ag neartú mar gheall ar an ardráta vacsaínithe, dar leis an Ollamh Pete Lunn ón ESRI atá i gceannas ar thaighde a fhiosraíonn nósanna agus tuairimí an phobail faoin bpaindéim. Síleann go leor daoine, a deir sé, nach gá dóibh a bheith ar a n-airdeall níos mó toisc go bhfuil vacsaín faighte acu féin agus ag gach duine a chastar orthu. Déanann siad dearmad gur féidir le duine atá vacsaínithe an víreas a tholgadh agus/nó a scaipeadh. 

2. Léiríonn taighde an ESRI freisin go bhfuil níos mó daoine ag bualadh lena chéile i dtithe tábhairne agus i mbialanna, ag obair in aice lena chéile, agus ag taisteal ar bhusanna agus ar thraenacha. Tugann gach caidreamh breise deis níos fearr don víreas. 

3. Tá go leor cásanna nua den víreas á scaipeadh ag daoine a thagann go hÉirinn ón Ríocht Aontaithe, dar leis an Aire Sláinte Stephen Donnelly. Tá tionchar nach beag ar leathadh an ghalair abhus ag taisteal na sluaite idir an dá thír, go háirithe má chuimhnítear ar scaipeadh treisithe an ghalair sa Bhreatain le tamall (45,066 cás nua cláraithe thall Déardaoin, chomh maith le 157 duine básaithe). 

4. Maíonn Stephen Donnelly freisin go bhfuil daoine nach bhfuair an vacsaín fós ag cur brú as cuimse ar an tseirbhís sláinte. Léiríonn na figiúirí an brú (daoine neamhvacsaínithe an tríú cuid de na hothair ospidéil le Covid-19 agus dhá thrian de na hothair atá in aonad dianchúraim) ach ní chruthaíonn na figiúirí sin gur daoine gan vacsaín atá freagrach as scaipeadh níos mó an víris. 

5. Deir NPHET agus an Roinn Sláinte araon nach bhfuil contúirt shuntasach ag baint le freastal daltaí ar bhunscoileanna. Ach léirigh taighde a foilsíodh Dé Máirt faoi bhunscoil sa Bheilg go scaipeann páistí óga an galar eatarthu féin gan a bheith róbhreoite agus i measc tuismitheoirí agus daoine fásta eile. Cosúil le bunscoileanna abhus, ní raibh caitheamh mascanna ná scaradh sóisialta éigeantach sa scoil sa Bheilg. 

 Is féidir a bheith réasúnta cinnte go bhfuil baint ag cuid ar a laghad de na tosca thuas le minicíocht mhéadaithe an ghalair. Ach is é bun agus barr an scéil nach bhfuil aon dul as ag an rialtas ach cibé athrú a fhógrófar ar a gcur chuige a bhunú ar bhuillí faoi thuairim seachas fianaise chinnte. 

 Ba chóir dóibh cinneadh bog seachantach, nó neamhchinneadh, a sheachaint ach go minic ní hionann ‘ba chóir’ agus ‘beidh’ sa saol polaitiúil. Thar aon rud eile, beidh míniú soiléir inchreidte rialtais de dhíth ar an bhfáth gur cheart do gach duine sa tír a bheith freagrach, ciallmhar agus cineálta ar feadh tamaill eile, ar a laghad. 

Fág freagra ar 'An féidir rabharta nua den phaindéim a shárú ceal cruinneolas faoina chúis?'