Le himeacht na mblianta facthas giotaí faoi James Brendan Connolly ar leathanaigh na seirbhíse seo. Ba as Inis Mór, Árainn a thuismitheoirí John agus Anne (O’Donnell). Chuaigh siadsan ar imirce chuig na Stáit Aontaithe, áit a raibh dháréag clainne orthu. Ba ar son na tíre sin a bhuaigh James Brendan bonn óir ag Cluichí Oilimpeacha Chathair na hAithne sa mbliain 1896 – an chéad bhonn óir a bronnadh ariamh ag na Cluichí.
Ní agamsa amháin a bhí sé tarraingthe anuas. Go deimhin, mar a thug Seosamh Ó Cuaig le fios anseo uair dá raibh, bhí an scéal dúisithe aige féin agus ag fear na scannán Bob Quinn blianta ó shin, a bhuíochas do leid a thug Árannach eile, Máirtín Jamesie Ó Flaithbheartaigh dóibh. Agus mé ag léamh píosa Uí Chuaig arís a meabhraíodh dom gur bhain James Brendan Connolly oiread de cháil amach mar scríbhneoir agus a bhain mar lúthchleasaí.
Faoin am a dtáinig Cluichí Oilimpeacha 1904 i St. Louis bhí sé ag obair ansiúd mar thuairisceoir. Comhfhreagraí cogaidh a bhí ann freisin. Mar údar, foilsíodh os cionn 25 saothar dá chuid, idir an ficsean, gearrscéalta agus leabhair thaistil.
Ba dá bharr sin a thairg Ollscoil Harvard céim oinigh dó, ceann a dhiúltaigh sé. Blianta roimhe sin agus é ina mhac léinn san ollscoil sin, diúltaíodh cead dó a chuid staidéir a chur ar an méar fhada, rud a thabharfadh deis dó réiteach do na Cluichí Oilimpeacha. Seans go mba é sin é agus toisc gurbh éigean dó féin a phaisinéireacht chun na Gréige a íoc a chuir an stuaic air.
Muintir Chonamara agus Árann ba threise sa gcuid sin de Bhostún inar tógadh Connolly – ‘Southie’ mar a thugtar air. Tá dealbh ina onóir i bpáirc phoiblí Joe Moakley ansiúd, ar an tsráid ar rugadh é agus i bhfoisceacht cúpla céad slat do Carson Beach, áit a mbíonn na rásaí curach a eagraíonn Cumann Curachaí Boston.
D’fhág a mhianach go raibh áit faoi leith ag an bhfarraige freisin i gcroí an tseaimpín Oilimpigh seo. Bhí sé i gCabhlach Mheiriceá. Agus é díliostáilte ba bheag seachtain dá shaol nach ndearna sé a bheagán nó a mhórán seoltóireachta agus bádóireachta, go háirithe agus é curtha faoi i Gloucester, an calafort is sine sna Státaí, trí cheathrú uaire tiomána ó thuaidh de Boston.
Go deimhin tá téama na farraige móire i mbeagnach chuile leabhar a scríobh James Brendan.
Deir sé i bhfíorthús Sea Borne – Thirty Years Avoyaging.
For as far back as my father and mother knew, their people came from seafaring stock. They were Aran Islands folk; islands that lie off the west coast of Ireland…………Aran tradition has it that a Galway Bay man sailed with Columbus on that first historic voyage of discovery…… my father used to say ‘He could be a Connolly’……..’Or an O’Donnell’ my mother would add, she being an O’Donnell.
Bhí leathsciar ag uncail leis, Jim O’ Donnell, ar bhád iascaigh a raibh sé ina scipéir uirthi i mBostún agus ba ag plé leis an gceard céanna a chuaigh a athair nuair a chuaigh seisean ar imirce.
Deartháir dá chuid, Michael, a bheith curtha faoi i Savannah Georgia a thug Connolly chomh fada leis an gcathair sin, áit a bhfuair sé post iriseoireachta le nuachtán áitiúil.
Agus trí bliana caite ansiúd aige shocraigh sé tosú ar chúrsa ollscoile in Harvard, ach ní raibh déanta ach téarma amháin aige nuair a chuir na Cluichí Oilimpeacha deireadh lena chuid staidéir.
Ar fhilleadh as an nGréig dó liostáil sé san arm agus bhí sé páirteach i gCath San Juan Hill a troideadh i ngar do Santiago i gCúba (1898) sa gcogaíocht idir na Státaí agus an Spáinn. Bliain a mhair sin nó gur ghéill na Spáinnigh na cearta a bhí siad a éileamh ar an tír sin agus nuair a ghéilleadar an tseilbh a bhí acu ar Guam, Pórtó Ríce agus na hOileáin Fhilipíneacha. D’íocadar $20 milliún cúitimh freisin – $750 millín in airgead an lae inniu.
Bhíodh cuntas chomh maith sin ar an gcogaíocht sna litreacha a sheoladh sé abhaile chuig a mhuintir gur foilsíodh cuid acu sna nuachtáin. Ní fada gur thosaigh siad siúd ag iarradh ar Connolly tuairiscí a chur díreach chucu féin – rud a rinne sé.
Nuair a tháinig deireadh leis an gcogaíocht i gCúba chaith sé tamall de bhlianta mar iascaire agus mar mhairnéalach ar bháid chaon taobh den Aigéan Atlantach sular fhill sé abhaile.
Sraith altanna a scríobh sé faoi iascairí Gloucester a tharraing aird Scribners air. Bhí siad siúd ar cheann de na comhlachtaí foilsitheoireachta ba mhó sna Státaí – Henry James, Ernest Hemingway, agus F. Scott Fitzgerald ar chuid de na húdair a bhí faoi chonradh acu.
Bhí máistreacht chomh paiteanta sin ag James Brendan Connolly ar an stíl scríbhneoireachta a thaithnigh le léitheoirí a linne gur foilsíodh a shaothar in irisí spóirt, i nuachtáin agus i dtréimhseacháin, mar aon leis an liosta fada leabhar a tháinig uaidh.
Bhí saorchead aige taisteal ar chuile long beo a bhí ag cabhlach na Státaí, rud a rinne sé go minic le linn an Chogaidh Mhóir nuair a scríobh sé cuntais go leor agus nuair a foilsíodh The U-Boat Hunters, cur síos ar an gcoimhlint le fomhuireáin na Gearmáine.
Sa mbliain 1921 thug Connolly cuairt ar an tír seo mar theachta ar son an American Committee for the Relief of Ireland a bhí ag cur airgid go hÉirinn le linn Chogadh na Saoirse.
Bhí Rialtas na Breataine ag clamhsán gurbh amhlaidh a bhíothas ag ceannach airm don IRA leis.
Le linn dó a bheith anseo, chas James Brendan ar thoscairí ó chaon taobh, ina measc Éamon de Valera agus Ardcheannasaí an airm, An Ginearál Sir Nevil Macready.
Ar fhilleadh abhaile dó d’fhoilsigh an Hearst Press sraith tuairiscí de chuid Connolly a bhí thar a bheith cáinteach ar an mBreatain.
I mBostún a mhair James Brendan Connolly gur bhásaigh sé i 1957. D’fhág an t-athrú saoil agus stíle go ndeachaigh a cháil agus a theacht isteach i léig.
Dhéanfadh TG4 beart níos measa ná scannán Cinegael a thaispeáint arís.
Pádraig O'hEipicín
Curadh.