Preab, coiscéim agus léim chuig an chéad bhonn óir Oilimpeach ag fear de shliocht Árann

San iomaíocht do Mheiriceá a bhí James Brendan Connolly i gcluichí na bliana 1896 i gcathair na hAithne

Preab, coiscéim agus léim chuig an chéad bhonn óir Oilimpeach ag fear de shliocht Árann

Ar fhear amháin a bhí mise ag cuimhneamh siar le linn na gCluichí Oilimpeacha. Ba é sin James Brendan Connolly, an té a bhuaigh an chéad bhonn óir sna Cluichí Oilimpeacha nuair a athbhunaíodh iad i gCathair na hAithne sa mbliain 1896.

Na trí léim a bhí i gceist—preab, coiscéim agus léim.

Ar son Mheiriceá a bhí sé san iomaíocht ach ba as Árainn na Gaillimhe a athair agus a mháthair.

Iascairí ba ea a athair agus a chuid uncaileacha. Rinne siad airgead maith is cosúil ag iascach amach as Bostún agus as Gloucester.

Caithfidh tú a rá go ndearna mar gur in Ollscoil Harvard a bhí James Brendan nuair a tháinig luaidreán chomh fada leis go raibh na Cluichí Oilimpeacha le bunú aríst i gCathair na hAithne.

Chuaigh sé chuig déan an choláiste agus dúirt leis go raibh fonn air a dhul san iomaíocht.

Dúirt an déan nach raibh barúil ar bith aigeasean de na Cluichí Oilimpeacha seo. Mheas sé nach mbeadh aon rath i ndán dóibh!

Mheabhraigh sé do James Brendan dá ndéanfadh sé an turas don Ghréig nach dtógfaí ar ais san ollscoil é ina dhiaidh sin.

Chuaigh James Brendan ann d’ainneoin sin agus chroch sé leis an bonn óir.

Ní mórán fuile faile a rinneadh faoina bhua ar fhilleadh ar Bhostún dhó. “An ólfaidh tú braon tae?” a d’fhiafraigh a mháthair de nuair a tháinig sé isteach an doras chuici.

Taobh amuigh den lúthchleasaíocht rinne James Brendan Connolly éachtaí móra eile i rith a shaoil. Scríobh sé a lán úrscéalta, gearrscéalta agus altanna. Bhí sé ina chomhfhreagraí cogaidh ar fud an domhain.

Cara pearsanta a bhí ann leis an Uachtarán Roosevelt.

Cluichí Oilimpeacha agus cuimhne ar Chonnolly: an bhfuil Boston ag iarraidh a bheith sa rása?

Le linn Chogadh na Saoirse tháinig sé go hÉirinn gur scríobh sé píosaí cumasacha faoin slad a bhí na Dúchrónaigh a dhéanamh.

Rinne mé féin agus Bob Quinn scannán teilifíse faoi.

Bhí dearmad déanta sa tír seo beagnach ar a chuid éachtaí gur tharraing an tÁrannach  Máirtín Jamesie m’airdse ar alt beag a bhí in Ireland’s Own faoi.

Chuaigh mise i mbun taighde as éadan agus chuaigh mé i gcomhairle ansin le Bob Quinn. Ba é an toradh a bhí air go ndearna muid scannán teilifíse do TG4 dar teideal An Chéad Laoch.

Ní dhearna James Brendan Connolly dearmad  ar a dhúchas  Árannach ariamh. Scríobh sé gearrscéal spéisiúil faoi thuras i mbád seoil as Casla go hÁrainn.

Scríobh sé scéal fírinneach a chuirfeadh iontas ar a lán.  Fiabhras a bhuail daoine in Árainn. Bhí a mháthair féin ina trua Mhuire.  Bhí beirt dá cuid páistí agus beirt dá cuid deartháireacha i mbéal an bháis.

Chuaigh sí chuig tobar beannaithe agus ghuigh sí chuig Dia na páistí a thabhairt leis ach na deartháireacha a spáráil.

Is í an fhealsúnacht a bhí aici go raibh sí sách óg le páistí eile a bheith aici ach nárbh fhéidir áit na ndeartháireacha  a thógáil.

Fuair sí toradh a guí: cailleadh na páistí agus fuair na deartháireacha saol fada.

Tá an bheirt pháistí curtha i reilig Chill Éinne.

Le linn dhom a bheith ag déanamh taighde i gcomhair an scannáin teilifíse casadh fear i Marblehead, Mass. liom darbh ainm Garry Kissal. Ní raibh deoir d’fhuil Éireannach ann (mianach Gréagach a bhí ann) ach bhí  chuile leabhar dár scríobh James Brendan Connolly bailithe aige agus ómós an domhain aige dhó.

Thoiligh sé a theacht go hÉirinn agus an bailiúchán leabhar a bhronnadh ar mhuintir Árann.

Ar fhothrach an tí a bhí ag tuismitheoirí James Brendan Connolly, trasna ó Tigh Fitz, a rinneadh an bronnadh.

Fág freagra ar 'Preab, coiscéim agus léim chuig an chéad bhonn óir Oilimpeach ag fear de shliocht Árann'

  • Con

    Alt álainn

  • Pól

    …agus an ceart ansin agat…