An fada uainn an lá nach mbeidh an t-imreoir idirchontae ag imirt dá chlub in aon chor?

Caithfear freastal níos fearr a dhéanamh láithreach ar chlubanna na tíre nó beidh sé ródhéanach

An fada uainn an lá nach mbeidh an t-imreoir idirchontae ag imirt dá chlub in aon chor?

Tá mí na Nollag linn agus an chaint tosnaithe cheana féin faoi chluichí móra na bliana seo chugainn

Seachtain ó shin fógraíodh an máistirliosta nua don séasúr idirchontae 2020

Agus nach maith an ní go bhfuil féilire ag na foirne idirchontae atá buan seasmhach? Is féidir leis na bainisteoirí idirchontae a bpleananna a leagadh amach agus tosú ar an gcóras traenála agus iad lánchinnte faoi dháta na gcluichí tábhachtacha go léir.

Faraor, níl an saol chomh bog ag clubanna na tíre agus iad sa dara háit fad is a bhaineann sé le meas agus tuiscint ó na húdaráis. Ní raibh mórán iontais orm nuair a léigh mé an ceannteideal a bhí ar alt mo sheanchomrádaí Mártan Ó Ciardha ar Tuairisc.ie le déanaí –  ‘Ceap magaidh agus ceap náire an tslí a gcaitear le clubanna CLG’. Agus nach aige atá an ceart? Tuairim is cúig bliana déag ó shin, bhí cruinniú mór i gCill Airne chun plé a dhéanamh ar chás chlubanna Chumann Lúthchleas Gael agus gach a bhaineann leo. Rinneadar cinneadh  cúrsaí a fheabhsú, go háirithe i dtaobh easpa cluichí i lár an tsamhraidh agus cluichí a bheith á gcur ar ceal go rialta de bharr na gcluichí idirchontae. Níl sé ceart ná cóir in aon chor go gcuireann contaetha áirithe stop lena gcluichí i lár an tsamhraidh mar go bhfuil na craobhacha idirchontae ar siúl. Tá sé thar a bheith deacair ar na bainisteoirí club, atá ag iarraidh pleanáil a dhéanamh agus suim a chothú agus iad fágtha  uaireanta gan aon chluiche ar feadh dhá nó trí mhí. Tuigim go bhfuil dul chun cinn beag déanta le bliain nó dhó agus is beag é.  Tríd is tríd tá an chuid is mó de na himreoirí an-dílis don chlub ach má leanann an córas seo ar aghaidh ní fada go dtiocfaidh meath ar an méid imreoirí atá sásta an traenáil dhian ar fad a dhéanamh agus ansin fanacht ar bhord an chontae nó ar bhainisteoir an chontae le cead a thabhairt cluiche a imirt.

Is minic agus is fada fothram faoi seo, ach faraor ní fheicim aon athrú ag teacht ar an scéal mura dtosnaíonn na clubanna ag gearán leis na boird chontae chun iachall a chur orthusan gearán a dhéanamh leis  na húdaráis i bPáirc an Chrócaigh. Nuair a bunaíodh an CPA (Cumann na nImreoirí Club) cúpla bliain ó shin bhí dóchas ann go n-éireodh leo cás níos láidre a dhéanamh do na himreoirí club, ach faoi mar dúirt Liam Griffin le déanaí ní dóigh go bhfuil Cumann Lúthchleas Gael sásta glacadh leo go dáiríre mar pháirtí leasmhar. Ina agallamh dúirt Liam Griffin nach raibh fáilte roimh an gcumann riamh agus go raibh an-díomá air faoi sin. Aontaím leis go hiomlán. Tá fadhb ann agus beidh sí ann fad is nach ndéantar rud éigin chun córas cluichí fiúntach a sholáthar do chlubanna na tíre.

Cuirtear an príomh-ardán ar leataobh do na cluichí idirchontae agus fágtar na cluichí club in áit na leathphingine.

An fada uainn an lá go leanfaidh na cluichí club ar aghaidh gan na himreoirí idirchontae acu in aon chor?

D’fhéadfadh sé tarlú ar a laghad go stopfadh imreoirí idirchontae iomána ag imirt peile dá gclubanna, mar shampla.

Cinnte caithfear socrú éigin a dhéanamh anois mar is beag am atá fágtha.

Fág freagra ar 'An fada uainn an lá nach mbeidh an t-imreoir idirchontae ag imirt dá chlub in aon chor?'