An é ‘An Cailín Ciúin’ an scannán Éireannach is fearr riamh?

Is taoscadh farraige agus snámh in aghaidh easa comparáidí faoi shaothair ealaíne, ach bainimid súp as mar sin féin…

An é ‘An Cailín Ciúin’ an scannán Éireannach is fearr riamh?

Tá an fadscannán An Cailín Ciúin á mholadh ar dalladh. Is fada roimhe seo ó fuair aon scannán Éireannach, ní áirím saothar Gaeilge, a leithéid d’fháilte ó léirmheastóirí; má fuair. 

 Faoi mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cúpla lá ó shin is liosta le háireamh é an líon foilseachán, in Éirinn agus thar lear, a thug moladh thar na bearta don saothar agus stádas cúig réalt á bhronnadh. An tslí atá rudaí ag imeacht faoi láthair ba cheart go mbeadh an saothar seo i dtosach cadhnaíochta do dhuais na saothar i dteangacha iasachta ag oíche Oscar na bliana seo chugainn.  

Ní haon ionadh mar sin gur maíodh in áiteanna áirithe gurb é saothar Choilm Bairéad an fadscannán Éireannach (agus Gaeilge) is fearr riamh. Is taoscadh farraige agus snámh in aghaidh easa comparáidí tútacha mar sin maidir le saothair ealaíne, ach bainimid súp as mar sin féin. 

Is saothar tochtmhar lánmhachnaimh lánmhothúchán ar leith é An Cailín Ciúin. Tugtar éachtaint go beagfhoclach ann ar shaol cráite an chailín óig agus na seanlánúine grámhaire a thugann lón anama di in am an ghátair. Neamart á dhéanamh i gCáit (Catherine Clinch) ag a teaghlach mífheidhmiúil. Scata leanaí sa tigh, an mháthair fhuaránta ag súil le leanbh eile agus an t-athair gránna agus é ar nós cuma liom, é gafa le cearrbhachas, ól agus bean eile. Tugann muintir Uí Chinnsealaigh, Eibhlín (Carrie Crowley) agus Seán (Andrew Bennett), foscadh di ón doicheall. Tá a chuid féin den anó le fulaingt ag gach aon duine agus léirítear dúinn gur bhuail tragóid uafásach muintir Chinnsealaigh.  

Saothar é seo atá go hiomlán teann as féin agus a bhogann ar aghaidh ar a luas mall féin. Ceardaí cruthanta é an scríbhneoir/stiúrthóir Colm Bairéad. Ceadaítear dúinn aithne a chur ar an dtriúr de réir a chéile; címid go bhfuilid ag éirí ceanúil ar a chéile agus tá Cáit ag bláthú. Sí Cáit agus taispeántas Clinch máithreacha an scannáin seo, agus an phríomhchúis a bhfuiltear chomh tógtha leis. Is fada roimis ó bhí taispeántas ó dhuine chomh hóg agus iad ar scáileán den chéad uair. Éiríonn léi leochaileacht, neamhchinnteacht agus cruas a carachtair a léiriú le gothaí gnúise is coirp, leathfhéachaint anseo, sracfhéachaint ansiúd. Buille oird ar inneoin mhothúchánach ag ceann scríbe.  

Dá fheabhas é níl a fhios agam, áfach, an mbeadh glacadh forleathan leis an tuairim gurbh é saothar Choilm Bairéad an scannán Éireannach is fearr riamh. Ní le drochmheas a deirim sin in aon chor ach go bhfuil sárshaothair ar leith á fhéachaint leis; My Left Foot (1989), The Wind That Shakes the Barley (2006), Adam & Paul (2004), Hunger (2008), The Commitments (1991), The Magdalene Sisters (2003) agus a thuilleadh scannán eile nach iad.  

Ó thaobh na bhfadscannán Gaeilge de níl an oiread sin ar fad acu ann le hiad a fhéachaint leis an saothar seo. Ar mhaithe leis an tsimplíocht tá fadscannáin faisnéise amhail na saothar iontach sin Murdair Mhám Trasna (2018) agus sraitheanna drámaíochta amhail Corp & Anam (2011-2014) á bhfágáil as an áireamh agam agus saothair drámaíochta á bplé.   

Tá dlús curtha ag Cine4 faoi earnáil na bhfadscannán Gaeilge agus ceann de na nithe is suntasaí faoin scéim sin ná an rath a bhí ar a saothair go dtí seo. Cé nach raibh an fháilte chomh hanamúil céanna fuair Foscadh (2021), Arracht (2019) agus Finky (2019) an-mholadh ós na léirmheastóirí chomh maith. De réir scéil ní haon dóithín ach an oiread Róise agus Frank a bheidh chugainn sula i bhfad. Bheadh sé suimiúil a fheiscint cén glacadh a bheadh le saothar Gaeilge a bheadh an-fhoclach agus trom ó thaobh na dialóige. Tá cleití móra curtha i gcaipín Cine4 le blianta beaga anuas; go deimhin níor tháinig aon saothar gan dealramh ón scéim go fóill.  

An scannán Éireannach is fearr riamh? 

Cé gur breá linn a bheith ag caitheamh tharainn faoi cheisteanna den saghas seo, tá sé dodhéanta ceist mar sin a fhreagairt. Ina dhiaidh sin féin, chaithfeadh An Cailín Ciúin a bheith i measc na deich saothar Éireannach is fearr riamh agus ar an bhfadscannán Gaeilge is fearr riamh. Ní beag an méid sin. 

Fág freagra ar 'An é ‘An Cailín Ciúin’ an scannán Éireannach is fearr riamh?'