An DUP in aimhréidh: ré a gceannaire ag druidim chun deiridh?

Tá geamaireacht an DUP tagtha go leaba an dáiríre agus botúin á ndéanamh ag Peter Robinson

File Photo Arlene Foster is now acting Nothern Ireland First Minister. 26/1/2010. Northern Ireland Peace Process. DUP Leader Peter Robinson and Arlene Foster deputy are pictured taking a break from talks at Hillsborough Castle this evening as talks continue to try to reach agreement on the devolution of policing and justice powers. Photo: James Horan/RollingNews.ie
Pictiúr: James Horan/RollingNews.ie

Tá seift chliste an DUP ina brachán agus rabharta ceisteanna múscailte faoi bhreithiúnas Peter Robinson. Tá déistin agus fearg ar an bpobal, fiú cuid de lucht tacaíochta an pháirtí. Sórt geamaireachta ab ea é ar dtús i súile an phobail Airí an DUP a bheith ag eirí as oifig, á n-athcheapadh agus ansin ag eirí as arís. Ach nuair a tháinig sé chun solais go raibh airí á n-íoc as an tamaillín a chaitheann siad in oifig agus gur dóigh leo gur féidir an tseirbhís sláinte a rith d’éagmais Aire Sláinte, tharraing an DUP cáineadh i ngach ceard.

Comhartha sóirt ar an dochar atá déanta ag an gcéim isteach/céim amach don DUP ab ea ráiteas Arlene Foster, an Chéad Aire gníomhach go ndéanfaidís athmhachnamh ar an bpolasaí dá sásódh an tuairisc ar pharaimíleatachas iad. Táthar ag súil leis an tuairisc sin an tseachtain seo romhainn. Gan dabht bhain an DUP slat a sciúir iad féin ach seans maith nach leigheasfar an dochar a rinneadh dóibh fiú má chuirtear deireadh leis an bhfeachtas amscaí seo.

Chuir an DUP ceann leis an bplean “ar bhonn prionsabail” i bhfianiase chinneadh an PSNI go raibh baint ag ball/baill den IRA Sealadach le dúnmharú Kevin McGuigan ar an Tráigh Ghearr in oirthear Bhéal Feirste i mí Lúnasa. Ba léir gur mhó baint a bhí ag brú ón UUP ná ag prionsabal leis an gcinneadh. Thug an UUP cor coise dóibh nuair a d’éirigh siadsan as an bhFeidhmeannas. Dá bharr sin, theastaigh ó Peter Robinson a thaispeáint gurb é an DUP an páirtí aontachtach ba láidre ach theip air tionchar a imirt ar pháirtithe eile agus ar rialtas na Breataine chun an Tionól agus an Feidhmeannas a chur ar fionraí. D’fhág sin é i dtuilleamaí seifte dá chuid féin – sleaschéim agus leathchéimeanna a rinne ceap magaidh díobh i dtosach ach atá á náiriú anois.

Tráth den tsaol, b’iad géarchúis, gliocas agus seiftiúlacht na tréithe a luaití le Peter Robinson. Ó thus na nóchaidí mar leascheannaire ar an DUP agus ansin mar cheannaire, bheadh gach féidearthacht agus gach contúirt go háirithe, scrúdaithe ag Robinson sula nglacfadh an páirtí céim ar bith. Níl aon cheist ach gur shíl an DUP gur chleas breá é nuair a d’fhógair siad go mbeadh na hairí a d’éireodh as á n-athcheapadh chun na hAireachtaí a choinneáil “slán” ó phoblachtánaithe agus náisiúnaithe.

Is léir nach raibh na mionsonraí a bhaineann leis an bplean oibrithe amach – dearmad nár dhual do Robinson. Chomh maith leis na fadhbanna sna ranna, ar nós méadú ollmhór ar líon na ndaoine ag feitheamh le cóir leighis, ardaíodh ceisteanna faoi phá agus faoi charranna oifigiúla a bheith in úsáid d’airí a dhéanann cúpla uair an chloig oibre sa tseachtain, sula n-eiríonn siad as arís. Bhí leaganacha difriúla ag scata d’ionadaithe an DUP faoina raibh ag tarlú maidir le pá; dúirt roinnt go raibh an t-airgead íoctha ar ais, roinnt go raibh an t-airgead tugtha d’oifigí an pháirtí agus a thuilleadh go raibh socruithe á ndéanamh chun stop a chur le híocaíocht. B’é barúil an phobail gur léirigh an tsiléig sin gur mheas an DUP go raibh siad i dteideal cumhachta agus luach saothair. Masla don vótóir é, dar leis an gcoitiantacht.

Conas a tharla sé gur déanadh botún chomh haimaitéarach sin? An raibh sláinte Robinson ní ba mheasa ná d’admhaigh sé? An bhfuil an faobhar meabhrach ba dual dó caillte? Nach raibh éinne ar fhoireann cheannais an pháirtí a chuimhnigh ar na fadhbanna? Nó an raibh a fhios go maith ag cuid acu gur phlean contúirteach é ach nár mhian leo fainic a chur ar Robinson mar go bhfuil a phort seinnte? Níor eitigh muintir Phaisley an deis chun DUP Robinson a cháineadh – dúirt an Bhanbharún Eileen Paisley nach mbeadh Stormont ina phraiseach mar atá faoi stiúir a fir, Ian agus ‘a chara’ Martin McGuinness.

Tá cúrsaí sna cainteanna ollphairtí i Stormont ag druidim le cnámh na huilinne. Má bhíonn rath orthu – agus is ‘má’ mór é – tá sioscadh ar siúl gur gearr go ndéarfaidh na fir sna cultacha le Peter Robinson go bhfuil a ‘oidhreacht’ slán agus go bhfuil sé in am aige ‘aire a thabhairt dá shláinte’.

Níor neartaigh an ghaileamaisíocht le mí anuas é féin ná an páirtí.

Fág freagra ar 'An DUP in aimhréidh: ré a gceannaire ag druidim chun deiridh?'