An DUP ag cur i gcoinne comharthaíocht dhátheangach in ionad fóillíochta i mBéal Feirste

Cé gur vótáil a dhá oiread comhairleoirí ar son an chomharthaíocht a chur in airde san Olympia Leisure Centre ná a vótáil ina choinne, tá an DUP ag iarraidh stop a chur leis an bplean

An DUP ag cur i gcoinne comharthaíocht dhátheangach in ionad fóillíochta i mBéal Feirste

Tá cinneadh a rinne Comhairle Cathrach Bhéal Feirste comharthaíocht dhátheangach a chrochadh in ionad fóillíochta sa chathair ag tarraingt conspóide agus an DUP ag cur ina aghaidh.

Ag cruinniú de chuid na Comhairle mí Mheán Fómhair seo caite, glacadh le rún de chuid Shinn Féin go gcuirfí comhartha fáilte agus comharthaíocht dhátheangach eile in airde san Olympia Leisure Centre i mBéal Feirste.

Glacadh leis an rún, 12 vóta in aghaidh a sé, ach tá an cinneadh i mbaol anois agus “call-in” curtha síos ag an DUP.

Is féidir “call-in” a chur síos nuair a cheapann 15% de na comhairleoirí nár tháinig an Chomhairle ar chinneadh ar an mbealach ceart nó má cheaptar go ndéanfadh an cinneadh dochar do chuid den phobal.

Tar éis do dhlíodóir de chuid na Comhairle an scéal a scrúdú, mheas sé gur cheart athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh. Dúirt John Walsh go raibh sé léirithe i dtuarascáil a rinneadh mar chuid den togra seo go raibh an baol ann go ndéanfaí dochar don phobal áitiúil.

In 2019, rinneadh comhairliúchán cuimsitheach maidir le comharthaíocht dhátheangach a chur in airde in ionaid fóillíochta i mBéal Feirste agus léiríodh tacaíocht dá leithéid. Nuair a lorgaíodh tuairimí daoine sna ceantair ina raibh na hionaid féin, áfach, bhí cuid mhaith ag cur in aghaidh na comharthaíochta.

Ceantar dílseach atá gar don Olympia Leisure Centre agus dúradh gur léirigh ionadaithe pobail go raibh siad go láidir i gcoinne comharthaí dátheangacha san ionad.

Ag cruinniú an tseachtain seo d’iarr an DUP go gcuirfí deireadh le plean na comharthaíochta ach dúradh go bpléifi arís í ag leibhéal an choiste sa Chomhairle agus gur faoi na comhairleoirí a bheadh sé an chéad chéim eile a shocrú.

Dúirt an Comhairleoir Brian Kingston ón DUP gur léirigh beagnach 90% den phobal aontachtach sa cheantar gur comharthaíocht Bhéarla amháin a bhí uathu agus gur shínigh 571 duine achainí ag éileamh gur i mBéarla amháin a bheadh an chomharthaíocht.

Mheas Fiona Fergus ó Phobal Roimh Bhrabús go raibh sé “amaideach” a rá go bhféadfadh comharthaíocht dhátheangach dochar a dhéanamh do chultúr daoine eile, mar a tugadh le fios sa tuarascáil a rinneadh.

Dúirt sí go raibh fás ag teacht ar úsáid na Gaeilge ar fud Bhéal Feirste agus gur léiriú air sin bunú naíscoile in oirthear na cathrach anuraidh. Dúirt Ferguson go raibh Caitlicigh agus Protastúnaigh páirteach in athbheochan na teanga i mBéal Feirste agus ar fud Thuaisceart Éireann.

Bhain comhairleoirí ón DUP ar Chomhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí úsáid as an “call-in” anuraidh chun cur i gcoinne comharthaí dátheangacha sa cheantar sin.

Fág freagra ar 'An DUP ag cur i gcoinne comharthaíocht dhátheangach in ionad fóillíochta i mBéal Feirste'

  • Seosamh Ó Beirgin

    Cé méid comhairleoirí nár votáil nó ar staon ón votáil?
    Bheadh sin úsáideach chun teacht ar breithiúnas maidir leis an fíormhéid tacaíochta a bhí ag an rún ón Comhairle.