An ‘drochchaint’ le fágáil ar lár sa leagan clóite den fhoclóir nua Gaeilge

Tá cinneadh déanta ag Foras na Gaeilge nach mbeidh aon ghráiscínteacht sa leagan clóite den fhoclóir Béarla-Gaeilge mar gheall ar bhagairt go dtarraingeofaí siar cuid dá maoiniú

An ‘drochchaint’ le fágáil ar lár sa leagan clóite den fhoclóir nua Gaeilge

De réir eolais atá faighte ag Tuairisc.ie fágfar ar lár a bhfuil de dhroch-chaint ar foclóir.ie sa leagan clóite den fhoclóir Béarla-Gaeilge a fhoilseofar in 2020.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur ceisteanna costais agus aighneas thuaidh-theas is cúis leis an treoir go bhfágfaí ar lár sa leagan clóite den fhoclóir na hiontrálacha graosta agus neamhfhoirmeálta go léir atá sa leagan leictreonach.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur aniar aduaidh a tháinig an scéal seo ar fhoireann an fhoclóra a bhfuil brú mór orthu faoi láthair agus tús á chur acu le roghnú an ábhair don leagan clóite atá geallta le fada.

Tuigtear chomh maith gur chinn lucht na hardbhainistíochta i bhForas na Gaeilge nach mbeadh aon ghráiscínteacht sa leagan clóite den fhoclóir Béarla-Gaeilge mar gheall ar bhagairt go dtarraingeofaí siar cuid den mhaoiniú a fhaigheann siad ón Tuaisceart dá gceadófaí a leithéid.

De réir socrú maoinithe an Fhorais faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, faigheann Foras na Gaeilge 75% dá maoiniú ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ó dheas agus tagann an 25% eile ón Roinn Pobal ó thuaidh.

Cé nach ann don Fheidhmeannas ó thuaidh faoi láthair ná don Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas, tuigtear gur ardaigh Bord na hUltaise, an chuid eile den Fhoras Teanga trasteorann, ceisteanna faoin líon ard iontrálacha ar foclóir.ie atá aicmithe mar leaganacha atá ‘gáirsiúil’. Is é a chiallaíonn rangú ‘gáirsiúil’ i gcúrsaí foclóireachta ná leagan cainte  a bhaineann le réim teanga i bhfad níos ísle ná an réim fhoirmeálta a bhíonn in úsáid go poiblí.

Cé nár ghlac feidhmeannaigh an Fhorais ar dtús le gearán an Bhoird Ultaise, bhunaigh siad fochoiste chun ábhar an fhoclóra a chíoradh.

De réir cáipéisí atá feicthe ag Tuairisc.ie, chinn an fochoiste sin “go raibh dúshlán mór cheana féin mar gheall ar líon na gceannfhocal sa leagan leictreonach a d’fhéadfaí a chur i leabhar agus mar sin gur inmholta an beart é ó thaobh na héifeachta agus na héifeachtúlachta, agus ar son chothú an athmhuintearais thrasteorann, go bhfágfaí amach na hiontrálacha a raibh aicmiú ‘gáirsiúil’ déanta orthu”.

Dúirt duine amháin d’fhoireann foclóir.ie le Tuairisc.ie nach mó ná sásta atá sé féin agus a chomhghleacaithe leis an “íonghlanadh teanga” atá beartaithe “go háirithe agus ár mbionda amuigh againn an chéad lá ag iarraidh go mbeadh ár saothar dílis don chorpas teanga a bailíodh agus do chaint na ndaoine”.

Dúirt an fostaí sin i rannóg na foclóireachta i bhForas na Gaeilge go raibh an “obair mhór sin” anois “curtha ó mhaith” ag “meon Victeoiriach nach raibh luí riamh ag Gaeil leis”.

Dúirt urlabhraí de chuid Fhoras na Gaeilge le Tuairisc.ie nach mbeadh aon ráiteas á dhéanamh acu faoin scéal seo.

Tá cuid mhór iontrálacha ar foclóir.ie a bhfuil aicmiú ‘gáirsiúil’ déanta orthu.

Fág freagra ar 'An ‘drochchaint’ le fágáil ar lár sa leagan clóite den fhoclóir nua Gaeilge'

  • miseaine

    Tháinig an lá, is dócha…;-)

  • Gabriel Rosenstock

    Feic!

  • Albert

    {an Foclóir Nua ar líne}
    fuck »
    for fuck’s sake in ainm Dé, ar son Dé, in ainm Chroim

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Meas tú gur fíor an ráiteas a fuaireadh ó oifig na n-amadán Béarla i nDingwall na hAlban gur mar an gcéanna “foclóir” agus “dic”?

  • léitheoir

    Briseadh croí don bhfoirinn ‘gháirsiúil’ ‘luarga’ ‘fháillí’ sin.

  • Maidhc

    ‘Bréagnuacht’ ó aonad ‘spin’ an Fhorais le haird a tharraingt ón €1.5m a chaith siad orthu féin nuair a bhog siad go Sráid Amien. An bhfuil sconnaí óir sna leithris? Agus gach rud eile gearrtha go cnáimh. ‘Cead acu focáil leo’ mar a deir siad féin insan fhoclóir céanna.

  • Eoin Ó Murchú

    Amaideas den chineál is measa. Má tá focal nó leaganacha áirithe cainte le clos i gcaint daoine is cóir leaganacha Ghaeilge díobh a bheith ar fáil. Bowdlerism atá ann. An é nach bhfuil an focal fuck ag daoine a labhrann Ultais? Tá sé tábhhachtach go mbeadh caint faoi ghnéas is eile le fáil ag daoine nach cainteóirí dúchais Ghaeilge iad. Bíodh athmhachnamh air seo, nó an scéal an Aibreáin atá ann?