An ‘dris chosáin’ is mó roimh mhargadh Breatimeachta glanta as an mbealach – tuairiscí

Shéan ceannaire an DUP Arlene Foster go raibh glactha ag a páirtí leis na moltaí is déanaí sna cainteanna Breatimeachta faoi cheist na tola

An ‘dris chosáin’ is mó roimh mhargadh Breatimeachta glanta as an mbealach – tuairiscí

Tuairiscítear go bhfuil an dris chosáin is mó roimh mhargadh Breatimeachta glanta as an mbealach.

De réir tuairisce ar RTÉ tá an chonstaic is mó sna cainteanna sáraithe anois agus an DUP ag glacadh leis na moltaí is déanaí maidir le ceist na tola.

Sheán ceannaire an DUP Arlene Foster an méid sin agus dúirt sí gur “seafóid” a bhí ann.

Dúirt Uachtarán Comhairle Eorpaí Donald Tusk tráthnóna gur chóir go mbeadh “gach rud soiléir” tráthnóna faoina a bhfuil i ndán don Bhreatimeacht.

De réir tuairiscí éagsúla i gcaitheamh an lae, tá dóchas ann gur féidir teacht ar réiteach ar an tsáinn Breatimeachta inniu, cé nach bhfuil síneadh ama eile curtha as an áireamh ach oiread.

Bhíothas ag iarraidh teacht ar réiteach faoi cheisteanna éagsúla ó mhaidin, go háirithe ceist na tola i gcás an Tuaiscirt agus ceisteanna a bhaineann le cúrsaí custam agus VAT.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar níos túisce inniu go raibh “bealach” ann teacht ar réiteach ach thug sé leid chomh maith go mb’fhéidir go mbeadh gá le cruinniú mullaigh eile roimh dheireadh na míosa. Tuairiscíodh chomh maith go raibh príomh-idirbheartaí an AE Michel Barnier dóchasach go bhféadfaí socrú a dhéanamh inniu.

Mar sin féin, dúradh freisin go mb’fhéidir go mbeadh sé ródhéanach teacht ar réiteach in am do chruinniú mullaigh an AE amárach. 

Is gá go bhfoilseofaí ar dtús aon mhargadh má táthar ag iarraidh go n-aontódh ceannairí na mballstát é ag a gcruinniú mullaigh atá ar siúl amárach agus Dé hAoine.

Sa chás nach mbeadh a leithéid réidh in am meastar go bhféadfaí dearbhú polaitiúil a thabhairt go bhfuil margadh aontaithe, murab ionann agus dearbhú go bhfuil téacs dlí aontaithe.

De réir na reachtaíochta a tugadh isteach in Westminster chun cosc a chur ar Bhreatimeacht gan mhargadh, beidh iachall ar Phríomh-Aire na Breataine Boris Johnson síneadh ama eile ar an mBreatimeacht a lorg mura mbeidh beannacht na parlaiminte in Westminster aige do mhargadh nua faoin Satharn beag seo.

Tá sé seanráite ag Johnson go mbeidh an Ríocht Aontaithe ag fágáil an AE ar an 31 Deireadh Fómhair bíodh margadh ann nó ná bíodh.

Tá sé seanráite ag an DUP nach mbeadh aon ghlacadh acu le teorainn chustaim síos muir Éireann, moladh ar dhiúltaigh Theresa May dó toisc, a dúirt sí, nach bhféadfadh Príomh-Aire ar bith de chuid na Breataine glacadh lena leithéid.

I ráiteas a chuir siad amach aréir, dúirt an DUP nach raibh sé i gceist acu labhairt faoi na cainteanna toisc iad a bheith ar siúl i gcónaí ach go raibh “bearnaí” ann i gcónaí agus gá “lena thuilleadh oibre”.

Tá sé i gceist ag Johnson na sonraí is déanaí faoi na cainteanna a thabhairt dá rialtas tráthnóna agus casfaidh sé anocht le cúlbhinseoirí a pháirtí ag cruinniú de Choiste 1922 na dTóraithe.

Fág freagra ar 'An ‘dris chosáin’ is mó roimh mhargadh Breatimeachta glanta as an mbealach – tuairiscí'