An donas amach is an sonas isteach – An Nollaig roimh chapaill Bhudweiser…

Ón gCartlann: Aimsir na Nollag, bhí a dtraidisiúin féin ag gach tigh agus gach baile agus roinnt nósanna a mhair ó cheann ceann na tíre

An donas amach is an sonas isteach – An Nollaig roimh chapaill Bhudweiser…

Dhá phub déag na Nollag. An tEilf ar an tSeilf. Capaill Bhudweiser agus leoraithe Chóca Cóla. An turcaí féin. Is mó rud a shamhlófá le haimsir na Nollag, agus iad ina leath-thraidisiúin fén dtráth seo (an mbíonn sé ina Nollaig in aon chor nó go mbeidh Capaill Bhud feicthe agat?). Níl aon díobháil ag baint leo mar thraidisiúin, is dócha (seachas an bhoirrche dí a bheadh ar chuid acu tar éis an dá phub déag), ach féach go bhfuil scata Éireann traidisiún dulta i léig ó deineadh féile siopadóireachta is tráchtála d’aimsir na Nollag.

Bhí a dtraidisiúin féin ag gach tigh agus gach baile agus roinnt nósanna a mhair ó cheann ceann na tíre. Do mhuintir an Bhlascaoid, bhídíst ag prapáil ó thosach na míosa chun tabhairt fén nDaingean ag triall ar an Nollaig. Ba mhinic go dtéadh na mná fara na bhfear don Daingean, agus cúis ar leith acu; ba mhinic na fearaibh bheith ana-leadránach sa Daingean, agus gan puinn dá bharra ag teacht abhaile acu. “Ach seo nuascéal,” a deir Tomás Dhónaill Criomhthain linn i 1918, “gan aon bhean amháin ón Oileán a bheith sa bhaile mór chun na Nollag agus níorbh fhearrdide na fir sin mar bíonn cnuasach iontu toisc gan leanúntas mór a bheith i ndiaidh na leanna duibhe acu.”

Maidir le cúrsaí bia, caoireoil seachas turcaí ba choitianta bhíodh acu le n-ithe anso Lá Nollag. De ghnáth ba ar Oíche Nollag a mharaítí agus a chrochtaí an chaora. “Théimis ar an gcnoc ansan agus thugaimis moltacháin mhóra ramhra linn agus chuirimis an scian go dtí an gcois iontu Oíche Nollag,” a deir Seán Sheáin Í Chearna, “bhíodh caora ar crochadh anuas ins gach aon tigh Oíche Nollag agus an fear ná beadh an chaora aige, roinntí leis.”

Ach ba thábhachtaí (agus is tábhachtaí fós do chuid againn) dinnéar Oíche Nollag ná lón an lae. Iasc garbh leasaithe, ualach prátaí agus praiseach bán anuas orthu, agus d’íosfá do mhéireanta ina dhiaidh. “Bord breá prátaí tirim teo agus an sáth anlainn d’iasc garbh agus d’anlann curtha air, praiseach mar a déarfaimid, agus oinniúin agus piobar agus im nó smearadh éigint, sa tslí go mbíodh sé slachtmhar,” a deir Peig. Langa is coitianta anois, ach pollóga ba choitianta tamall; “Bíonn siad crochta anáirde insa chistin le hais na tine acu tamall maith roimh Nollaig, agus bíonn an mí-ádh ar fad le goirteamas ortha, ach baineann siad an goirteamas asta sara n-itheann siad iad,” a deir Seán ‘An Common Noun’ Ó Dálaigh linn. Bheifeá spallta ar fad tar éis an éisc leasaithe ghoirt, agus rith sé liom gurbh hin a bhíodh ag an tseana-chleas d’fhonn leithscéal a bheith acu scuad pínt pórtair a dh’ól chun an spalladh a leigheas.

Ní i dtaobh le Lidl nó Tesco a bhídíst maidir le maisiúcháin, agus an diabhal trácht a bhíodh acu ar na bólaí seo ar chrannaíocha Nollag. Ach ar a shon son is eile, agus tá an ealaín fós ar siúl ag daoine áirithe, bhíodh ana-chomórtas eatarthu d’iarraidh an tigh ba dheise bheith acu um Nollag. “Bíonn siad á fhéachaint lé n-a chéile cé acu tigh is fearr agus is deise agus is slachtmhaire bheidh déanta suas,” a deir An Common Noun, agus ní soilse ildaite nó fearaibh sneachta gaoithe a bhí ag cur tinnis orthu, ach bheith ag gealadh na dtithe, gaineamh a thabhairt ón dtráigh don urlár agus “na cnocáin aoiligh a bhíonn timcheall an doruis a dhruideam amach ón ndorus.” (macalla de Mhyles san abairt dheireanach seo).

Oíche Nollag théadh na garsúin agus na gearrchailí ag bailiú eidhneáin d’fhonn an tigh a mhaisiú, timpeall na bhfuinneog agus timpeall bharra na bhfallaí. Coinnle ins gach fuinneog, agus ba dheise an radharc solas na gcoinneal seo ná a bhfuil de shoilse ar Shráid Grafton inniu: “Rithimis amach ar an mbóthar chun solas na gcoinnle a fheiscint i dtithe an bhaile is chímis uainn amach trasna na farraige soilse Dhún Chaoin. Bhraithfeá go raibh diagaitheacht is diamhaireacht éigin fé leith ag baint leis an oíche bheannaithe seo.” (Máire Ní Ghuithín, An tOileán a Bhí).

Bhí fonn ar a bhformhór freastal ar aifreann Dé Lá Nollag, dá bhfaighidís caoi. Dá mbeadh sibh i nDún Chaoin ag tús na 1930í, ní bheadh aon leithscéal agaibh fanacht ó theampall Dé: “Ó thóg Sagart na Cille grianán i n-aice Chill Ghobnait i nDún Chaoin, bíonn sé ar a laetheanntaibh saoire insa ghrianán um Nollaig, agus léann sé trí hAifrinntí bonn ar bonn, i séipéal Dhún Chaoin maidin Lae Nollaig, agus léann an sagart paróiste nó an sagart óg Aifreann eile ann ar a dó dhéag a chlog,” a deir An Common Noun.

Mura mbeadh an uain fé ní bheadh muintir an oileáin in ann teacht chun na míntíre chun aifrinn, ach fós féin dheintí bailiúchán airgid dos na sagairt. Bhíodh sé de nós ag muintir an Bhlascaoid dul ag bothántaíocht chun a chéile Lá Nollag, agus smiotháinín beag fuiscí a dh’ól ins gach tigh, agus ba mhinic an bailiúchán agus an fuiscí bheith lena chéile. Deir Tomás Dhónaill linn nár dhein an Rí agus an máistir aon mhoill ag bailiú airgead an tsagairt Nollaig na bliana 1918 – “ní raibh aon mhearbhall orthu a dtithe féin a bhaint amach toisc gur fíoruisce a bhí ag bualadh leo in ionad an uisce beatha.”

Lean nósanna Oíche na Coda Móire agus Lá Coille chomh maith. Bhíodh ortha nó paidir ar leith sa taobh seo tíre a deireadh fear an tí (nó an duine ab óige sa tigh) Oíche na Coda Móire d’fhonn rath agus ádh a thabhairt chun an tí don mbliain a bhí amach rompu. Thógfadh sé císte aráin agus bhuaileadh sé an doras trí bhabhta leis an mbológ aráin, agus déarfadh an rann seo leanas:

Fógraím an Ghorta go dtí tír na dTurcach, An Donas amach, agus an sonas isteach, Ó anocht go dtí bliain ó anocht, Agus anocht féin.

Is dóigh liom go bhfuil ródhóthain ainnise feicthe ag muintir na Tuirce i mbliana gan gorta a sheoladh chucu chomh maith, agus ní cás a lua go bhfuil ‘go tír na Sasanach’ agus ‘go tír nach bhfuil ann’ feicithe agam sa rann san chomh maith.

An mhaidin dár gcionn bhíodh cad é rith agus rás ag óg agus aosta ag ‘fógairt iarsma’ ar a chéile. Nós ab ea seo ar nós an chinn thuas chun rath agus ádh a thabhairt chugat i rith na bliana: “Cuireann an chéad gharsún a bhaineann an doras amach béic as, agus deir sé “fógraím iarsma ort, a bhean a’ tí. Is minic ná bíonn doras an tí oscailte in aon chor chomh moch sin ar maidin, agus mara mbíonn, cuireann sé a mbíonn sa tigh ar barr ithreach. Tugann bean a’ tí iarsma den ngarsún – stiall de bhulóg rísíní b’fhéidir, go minic – agus ritheann sé ansan i ndeireadh an anama go dtí an gcéad doras eile chun go mbeadh tosach aige ar aon gharsún eile bheadh ina dhiaidh.” (An Common Noun)

Agus ceann deireanach dos na feiminigh in bhur measc; ní féidir dearúd a dhéanamh ar Nollaig na mBan, agus rann ceaptha ar na bólaí seo ina thaobh:

Nollaig na bhFear, Nollaig Mhór Mhaith Nollaig na mBan, Nollaig gan Mhaith.

Bhíonn tarrac ar bhia agus ar dheoch ins gach tigh aimsir Nollaig na bhFear, ach fén dtráth go dtagann Nollaig na mBan bíonn na fearaibh tar éis muca a dhéanamh díobh féin ag alpadh bia agus ag taoscadh dí, agus iad sacaithe sáite líonta. Ní bhíonn aon-faic fágtha dos na mnáibh um Nollag na mBan, agus nach dtugann san ana-leithscéal dóibh dul amach don phroinnteach agus go dtí tigh an óil? Is ag cuimhneamh oraibhse a bhímid, a mhnáibh na hÉireann, nuair a bhíonn sáithigh á dhéanamh againn dínn féin.

Go mbí Nollaig Mhór Mhaith agaibh ar fad, athbhliain fé shíocháin agus rath na raithní oraibh in 2017.

Fág freagra ar 'An donas amach is an sonas isteach – An Nollaig roimh chapaill Bhudweiser…'