Bhí sé de phribhléid agam píosa cainte a thabhairt le gairid ar théama na ceannaireachta ag comhdháil bhliantúil Gaeloideachas agus COGG. Agus an seomra lán le ceannairí sa réimse oideachais Gaeltachta agus Gaeilge, dhírigh mé ar an ról ceannaireachta a bhí acu féin i gcothú an chéad ghlúin eile de Ghaeilgeoirí na Gaeltachta.
Bhí, a deir mé leo, níos mó seans cur leis an nglúin Gaeilgeoirí seo leis an dearfacht agus leis an dóchas, seachas muid ag imeacht timpeall, mar is minic linn, ag labhairt faoi Ghaeilge is glothar an bháis inár scornacha.
Is beag duine a mhealltar síos bóithrín an bháis.
Foilsíodh alt ar an gcaint ar shuíomh idirlín an Irish Independent, agus tháinig nasc chuige aníos ar mo leathanach Facebook go gairid ina dhiaidh sin. Sna tráchtanna faoin alt, bhí caint ar an gcur i gcéill, ar an dallamullóg agus ar an easpa fírinne a bheith i mo chuid cainte.
Níor chuir sin mórán iontais orm, i ndáiríre. Tá an scéal diúltach atá againn faoin nGaeilge chomh fadbhunaithe agus chomh forleathan go raibh beagán drogaill orm, insint na fírinne, cás na dearfachta a chur chun cinn, mar go raibh barúil agam cén glacadh a bheadh leis.
Sin ráite, ní soineantacht ná cur i gcéill atá taobh thiar d’aon chás a dhéanaim faoin ngá díriú ar láidreachtraí na Gaeilge, ach margaíocht.
An gceannódh tusa carr mura raibh le cloisteáil agat fúithi riamh ach gearáin agus trioblóid?
Ach sula rachaidh mé tada níos faide, tá sé chomh maith aghaidh a thabhairt ar an méid atá ráite faoin bhfírinne, faoin gcur i gcéill agus faoin dallamullóg. I dtosach báire, rugadh agus tógadh mé féin le Gaeilge sa nGaeltacht. B’amhlaidh do mo thuismitheoirí agus do mo chlann féin freisin. Tá mé i mo chónaí ar an gCeathrú Rua, fágann mo chuid oibre go mbím ag taisteal fud fad na Gaeltachta, agus go mbíonn léargas maith agam ar céard atá ag tarlú ar an talamh i dtaobh na Gaeilge. Tá an taighde léite agam, tá na figiúirí scagtha agam.
Má tá muid ar thóir na fírinne (agus tógfaidh muid sos ón dearfacht anseo ar feadh nóiméid!), sí an fhírinne go bhfuil an Ghaeilge ag cúlú mar theanga phobail ar an oileán seo ó cloíodh Aodh Mór Ó Néill agus Aodh Rua Ó Domhnaill i gCath Chionn tSáile i 1601. Ghéaraigh an Gorta Mór ar an gcúlú sin sna ceantair thuaithe ina raibh an Ghaeilge fós láidir. Inniu, an domhandú agus an treisiú ar an aonchineálacht teanga atá ag cur le forlámhas an Bhéarla atá ina theanga oifigiúil i mbeagnach 60 tír (ár dtírín féin ina measc) agus suas le 2 bhilliún duine in ann í a labhairt.
Tá an fhírinne sin searbh. Ach céard atá le déanamh? Seasamh sa gcladach ag béicíl ar thaoide an Bhéarla? Ag súil go gcuirfidh an rud a rinne muid riamh, díriú ar an drochscéal, le líon na gcainteoirí Gaeilge? Ná bac le galar an franglais, tá an taoide seo chomh láidir go bhfuil struchtúr gramadaí an Bhéarla dhá shníomh isteach i dteangacha domhanda ar nós na Gearmáinise agus na Fraincise. Cén seans atá ag an nGaeilge bhocht!
Níl sé i bhfad ó shin, agus mé ag caint ar chás na Gaeilge, gur dhúirt gaol óg liom “cén mhaith dhuit ag caint, nach bhfuil sí ag fáil bháis anyways? Nach raibh siad dhá rá ar an radio?”
Sin díreach a deir sí.
Agus bhain sé siar asam mar gur thuig mé ansin go raibh muid ag déanamh dearmad ar dhá rud anseo. I dtosach báire, níl aon duine ag iarraidh pluid an bháis a tharraingt orthu féin.
Dá réir, maolaítear ar an bpointe boise an tionchar a bhíonn ag an gcineál seo stocaireachta, scéal chailleach an uafáis. Má bhíonn muid ag imeacht thimpeall ag fógairt bhás na Gaeilge agus na Gaeltachta ar mhaithe le gníomh Rialtais a mhúscailt, cé a bheidh ag iarraidh theacht linn ar an tórramh?
Ach níos suntasaí, déanann muid dearmad go bhfuil pobal mór eile ansin de chosmhuintir na Gaeltachta nach dtugann muid aird ar bith ar an tionchar a bheidh ag ár dteachtaireacht diúltach orthu. An teachtaireacht seo atá á tabhairt do thuismitheoirí na Gaeltachta: “Tá an Ghaeilge ag fáil bháis, céard sa diabhal atá tú a dhéanamh ag cur stró ort féin do chlann a thógáil trí Ghaeilge?”
Ceann de na tograí atá idir lámha againne in Údarás na Gaeltachta faoil láthair is ea lárionad don tionscal fuinneamh gaoithe eischósta a fhorbairt amach as calafort Ros an Mhíl. Tá an deis ann suas le 900 post lánaimseartha a fhorbairt, agus chonaic mé scríofa áit éigin le gairid go mbeadh Conamara mar Saudi Arabia na hEorpa!
Níl muid ag iarraidh, ar níos mó ná údar amháin, a bheith inár nAraib Shádach, ach má bhreathnaíonn tú ar thíortha an Mheánoirthir, tá acmhainn nádúrtha acu atá ag ídiú leis go tréan. In Éirinn, tá níos mó ná an ghaoth againn mar acmhainn nádúrtha inathnuaite.
Is fiú na milliúin, go díreach agus go hindíreach, an Ghaeilge do gheilleagar na Gaeltachta. Dhíol cliantchomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta os cionn billiún euro de tháirgí in 2021, agus cuireadh beagnach €500 milliún ar ais go díreach in eacnamaíocht na hÉireann. Tá cuid de na comhlachtaí is nuálaí ar domhan ag feidhmiú i gceantair áille, iargúlta, mar gur ceantair Ghaeltachta iad.
Más ag déanamh páirteanna do spás-satailítí é, nó ag déanamh doirse do charr James Bond, nó ag glacadh páirt sa tionscai closamhairc is mó sa tír taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, is sa nGaeltacht a tharlaíonn sé.
Más ag obair le comharchumainn atá ag forbairt tograí fuinnimh pobail, tograí turasóireachta, tograí pleanála teanga, nó más ag suí sa gteic ag cianoibriú sa ngréasán is mó dá leithéid in Éirinn, is sa nGaeltacht atá tú.
Gan an Ghaeilge, áfach, níl aon Ghaeltacht againn.
Mar sin féin, tá an t-ádh orainn, ach an oiread le fuinneamh gaoithe, gur acmhainn luachmhar inathnuaite í an Ghaeilge. Ach is acmhainn í a chaithfear a chothú. Agus is í an uirlis is luachmhaire atá againn mar cheannairí ná an dearfacht, an dóchas agus buntáistí na teanga a aithint agus a chraobhscaoileadh.
Is é Rónán Mac Con Iomaire Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta
Ciarán Ó Cofaigh
Sé an tuiscint atá agamsa ar na guthanna atá ag labhairt amach faoi stádas na Gaeilge, ná go bhfuil siad ag impí ar an stát beart a dhéanamh de réir a mbriathar ó thaobh polasaithe agus bunreachta de. Is cinnte go raibh dochar déanta ag Cath Chionn tSáile agus ag riail na Breataine ar feadh os cionn 300 bliain ina dhiaidh sin. Ach, ó bunaíodh an stát 100 bliain ó shin, tá eagraíochtaí cruthaithe ar mhaithe le tacaíocht agus deiseanna a thabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Céard atá bainte amach ag na heagraíochtaí sin? Nach leor 100 bliain le rud éigin dearfach a bhaint amach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht? Níl aon mhaith déanta ag iarraidh an lucht a chur ar Éilís 1 nó an dream atá sásta labhairt amach agus an fhírinne a insint.
Eoghan Ó Néill
Is brea liom an píosa dearfach seo. An tráth úd inar bhain ‘ Non ho l’ eta’ an Eurovision bhí amhrán gach tír sa chomórtas i dteanga na tíre sin ach anois géilleann chid mhaith díobh do Übersprache an bhéarla. Is é an buntáiste le béarla ná nach gcaithfidh tú bacaint le haon teanga eile mar géillfidh na cinn eile romhat ach buntáiste na gaeilge is ea go bhfuil mbíonn lucht a labhartha oscailte do chulturtha eile mar níl siad ‘go sotallach ar chaiplí arda’.
séamus macseáin
bulaí fir thú féin. scaipimis an dea scéil gach áit a nochtann sé. go raibh maith agat
Dóchasaí
Ní hionann a bheith dóchasach dearfach agus gan cáineadh a dhéanamh nuair is gá.
Is é atá i gceist leis a chreidiúint gur féidir linn dul chun cinn a dhéanamh, an teanga a athneartú agus tír níos fearr a thógáil seachas an t-éadóchas nach féidir na nithe sin a bhaint amach.
Ba léir ón Lá Dearg i mBéal Feirste, agus chéad toradh na hoibre sin inniu, gur cur chuige é a oibríonn.
Seán Mistéil
Coinnigh ort, a Rónáin! Dearfach, macánta agus spreagúil!
Fidelma
Maith thú, a Rónáin! Is breá linn mar chine a bheith ag clamhsán agus ag díriú ár méire ar dhaoine nó ar eagraíochtaí eile, gan gníomh fónta dá laghad a dhéanamh muid féin. Fúinne atá sé bearta a dhéanamh agus na bearta sin a cheiliúradh. Bhí alt ag Una Mulally san Irish Times le deireanas faoin teideal ‘Shame and derision that strangled Irish language seems to have evaporated’, alt inar thagair sí do na scannáin rathúla, don cheol, do leabhar Mhancháin Magan. Ansin scríobh sí ‘It feels that somewhere along the line this century, the language was liberated. Perhaps people in Ireland are getting out of their own way.’
James
Is fearr coinneal a lasadh ná an doircheacht a mhallachtú.
Stopóig an Cháir!
Is comhartha éadóchais an chaint seo uilig faoin nGaeilge. Dá bhféadfaí lá amháin féin a chaitheamh gan í a lua, beag ná mór, ba mhór an faoiseamh dúinn é! An tráth a raibh an Ghaeltacht láidir is fánach an chaint a dhéantaí uirthi. Tá muid bodhraithe aici mar chaint, bíodh sí moltach nó cáinteach!