Tá baile Leitir Ceanainn i gContae Dhún na nGall chomh láidir céanna ó thaobh labhairt na Gaeilge agus atá cuid de na limistéir pleanála teanga sa Ghaeltacht a bhfuil pleananna teanga á n-ullmhú dóibh faoi láthair.
De réir tuarascáil nua a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh inniu faoi chainteoirí Gaeilge na hÉireann, is é Leitir Ceanainn an baile, ina bhfuil an daonra os cionn 10,000, is láidre ó thaobh labhairt na Gaeilge sa Stát. 2.9% de phobal Leitir Ceanainn, a bhí trí bliana d’aois agus os a chionn nuair a deineadh Daonáireamh 2016, a bhí ina gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais.
B’ionann é sin agus an céatadán céanna de chainteoirí laethúla Gaeilge a bhí in Eachréidh na Gaillimhe agus in Oirthear Chathair na Gaillimhe, dhá cheantar Gaeltachta atá aitheanta mar limistéir pleanála teanga.
De réir anailís a rinne Tuairisc.ie ar fhigiúirí Dhaonáireamh 2016 níos luaithe i mbliana, mionlach iad na cainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i ngach limistéar pleanála teanga seachas sé cinn – Toraigh (74.6%), Ceantar na nOileán i gConamara (71.6%), An Cheathrú Rua (65.1%), Oileáin Árann (57.4%), Conamara Láir (56.1%) agus Gaoth Dobhair (50.8%).
Faoi bhun 50% den phobal a labhraíonn Gaeilge go laethúil lasmuigh den chóras oideachais sna 20 limistéar pleanála teanga eile. Tá an céatadán faoi bhun 25% i 15 de na limistéir sin, rud a chiallaíonn nach labhraíonn ach duine amháin as gach ceathrar sna ceantair sin an Ghaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais. Fágann sin nach bhfuil an Ghaeilge á labhairt go laethúil ach ag níos lú ná an ceathrú cuid den phobal i leath de na ceantair Ghaeltachta atá áirithe mar limistéir pleanála teanga.
CLÚDACH TUAIRISC.IE AR DHAONÁIREAMH 2016 AR FÁIL ANSEO
I gcás naoi gcinn de na limistéir pleanála teanga, bhí níos lú ná 10% den phobal ina gcainteoirí laethúla Gaeilge. Is iad na limistéir pleanála teanga sin – Tuaisceart Dhún na nGall (9.1%), Maigh Eo Thiar (8.6%), Maigh Eo Thuaidh (8.1%), Maigh Cuilinn (7%), Ciarraí Theas (6.9%), Bearna agus Cnoc na Cathrach (5.9%), An tEachréidh (2.9%) agus Oirthear Chathair na Gaillimhe (2.9%).
Sa tréimhse cúig bliana idir daonáireamh 2011 agus 2016, níor tháinig méadú ar an gcéatadán de chainteoirí laethúla Gaeilge ach i dtrí cinn de na limistéir pleanála teanga. Mhéadaigh an céatadán cainteoirí laethúla Gaeilge i gceantar na nOileán i gContae na Gaillimhe ó 65.5% go dtí 71.7%. Méadú níos lú, 46.5% go 47.2%, a bhí i gceist i gcás Árainn Mhór, Co Dhún na nGall agus méadú beag a bhí i gceist chomh maith i gcás Ghaeltacht na nDéise i bPort Láirge, 26.8% go dtí 26.9%.
I gcás Árainn Mhór, áfach, cé gur tháinig ardú ar chéatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge, bhí titim i líon na gcainteoirí laethúla, ó 234 in 2011 go 219 in 2016. Méadú beag ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge a bhí i gceist sa dá limistéar pleanála teanga eile, Ceantar na nOileán (1,436 go 1,472) agus Gaeltacht Phort Láirge (454 go 467).
STAID NA GAEILGE SNA LIMISTÉIR PLEANÁLA TEANGA 2011-2016
TÁBLA LE TUAIRISC.IE. FOINSE: DAONÁIREAMH 2016, AN PHRÍOMH-OIFIG STAIDRIMH