An Dáil d’uireasa ‘bonn Uile-Éireann’ den chéad uair ó 1943…

Den chéad uair le os cionn 70 bliain ní bheidh Teachta Dála ar bith sa Dáil a bhfuil Craobh na hÉireann buaite aige. Ach ar chuir olltoghchán 2016 deireadh le laochra CLG i nDáil Éireann?

Kerry Football 11/4/1982 Jimmy Deenihan Mandatory credit ©INPHO/Billy Stickland
Jimmy Deenihan ©INPHO/Billy Stickland

Na bac le Renua, tá grúpa eile nach mbeidh aon ionadaithe acu sa chéad Dáil eile – sin iad na daoine a bhfuil craobh Uile-Éireann buaite acu.

Den chéad uair ó 1943, ní bheidh oiread is Teachta Dála amháin i dTeach Laighean a bhfuil Craobh Sinsear Peile nó Iomána na hÉireann buaite acu.

Tá an scéal amhlaidh toisc nár éirigh le Jimmy Deenihan, Teachta Dála de chuid Fhine Gael, suíochán a bhuachan.

Tá Deenihan, an t-iar-aire a chaill a shuíochán i ndáilcheantar Chiarraí, áirithe i measc na lánchúlaithe ar dheis is fearr a bhí riamh ann. Cúig bhonn Uile Éireann a bhuaigh sé le linn ré órga Chiarraí sna 70idí agus sna 80idí, agus bhí sé ina chaptaen ar an bhfoireann a bhuaigh cluiche ceannais na hÉireann i 1981.

Toghadh Deenihan chun na Dála ar dtús i 1987 agus d’éirigh leis an beart a dhéanamh i ngach toghchán a bhí ann nó gur theip air i dtoghchán na deireadh seachtaine seo caite.

Teachta Dála eile a bhuaigh Craobh Peile na hÉireann ach a chaill a shuíochán Dála ná John O’Mahony, Fine Gael, a bhuaigh Corn Mhic Uidhir faoi dhó agus é ina bhainisteoir ar Ghaillimh. Mar a tharla sé, bhog O’Mahony ó dháilcheantar Mhaigh Eo go dtí Gaillimh Thiar don toghchán seo. Is cosúil, áfach, nárbh leor na gaiscí a rinne sé mar bhainisteoir na Gaillimhe i 1998 agus 2001 chun é a thabhairt slán.

All Ireland Football Final 27/9/1998 Galway manager John O'Mahony celebrates with the Sam Maguire © INPHO/Patrick Bolger
John O’Mahony © INPHO/Patrick Bolger

Ní i gcónaí gur leor ach an oiread tacaíocht laochra peile a bheith ag duine chun suíochán Dála a bhuachan. Níor éirigh le Norma Moriarty, iarrthóir de chuid Fhianna Fáil i gCiarraí, suíochán a bhuachan sa dáilcheantar sin in ainneoin go raibh tacaíocht aici ó Dharragh O’Sé, Maurice Fitzgerald agus Mick O’Dywer, triúr a bhfuil 20 Craobh na hÉireann buaite eatarthu acu. Cuireadh Moriarty as an áireamh sa 9ú gcomhaireamh i gCiarraí.

Dar ndóigh, ní hionann a bheith i do pheileadóir maith agus a bheith i do pholaiteoir maith, ach ba mhinic go raibh rath sna botháin vótála ar dhaoine a raibh rath freisin orthu ar pháirc na himeartha. Ní dhearna sé aon dochar do pholaiteoirí ar nós Seán Flanagan (Maigh Eo), Jack Lynch (Corcaigh), Dan Spring (Ciarraí), Mick Donnellan (Gaillimh) agus John Donnellan (Gaillimh) go raibh boinn Uile Éireann buaite acu.

Dar le Conor McMorrow, iriseoir polaitíochta le RTÉ agus údar an leabhair Dáil Stars: From Croke Park to Leinster House, áfach, bhí cúiseanna ar leith ag baint leis an scéal nár éirigh leis na ‘laochra Gael’ a sheas in olltoghchán 2016.

“Má bhreathnaíonn tú air, bhí cúinsí ar leith ann sa toghchán seo,” a deir McMorrow.

“I gcás John O’Mahony, ní hé gur bhog sé go dtí dáilcheantar Ghaillimh-Thiar toisc gur bhuaigh sé Craobh na hÉireann leis an gcontae sin. Bhí sé níos casta ná sin. Chomh maith leis sin, bhí tamall fada ann ó bhuaigh sé na craobhacha sin leis na Gaillimhigh. B’fhéidir gur scéal difriúil a bheadh ann dá mbeadh sé ag seasamh sa Ghaillimh sa toghchán roimhe seo fiú. Má fhágann imreoir rófhada é idir éirí as an bpeil agus seasamh do thoghchán, tá an baol ann go gcaillfidh sé cuid den tacaíocht sin a bhí aige.”

000b96e7-614
Conor McMorrow, údar ‘Dáil Stars’

Agus cad faoi Shane Curran a thug blianta fada ina chúl báire le Ros Comáin?

“Cás suimiúil eile é cás Shane Curran, a bhí ag seasamh d’Fhianna Fáil i Ros Comáin. Bhraithfeá go raibh deis mhaith aige. Tá aithne ag daoine óga air, tá próifíl sna meáin aige ó bheith ar Second Captains agus Off the Ball, ach fós níor éirigh leis.

“I gcás Curran, b’fhéidir gur tháinig sé isteach sa rás ródheireanach agus nár thaitin sé lena chomhghleacaithe nach tríd an Ard-Fheis a tháinig sé.”

Dar le McMorrow, is cuma cad a tharla sa toghchán seo beidh na páirtithe polaitíochta i gcónaí ag iarraidh laochra na peile agus hiomána a mhealladh chucu. Agus seans i gcónaí ann go mbeidh toghchán eile againn sara fada, tá cúpla moladh ar leith ag McMorrow d’aon pháirtí atá ag iarraidh suíochán nó dhó eile a bhuachan.

“Is as Muineachán mise agus dá seasfadh Conor McManus sa chéad toghchán eile, chaithfeadh gach duine vóta dhó. Déarfainn go n-éireoidh le Dessie Dolan san Iarmhí, fear eile a bhfuil próifíl aige sna meáin. Is laoch é Michael Murphy i nDún na nGall, agus bheadh sé deacair eisean a shárú. B’amhlaidh an scéal le Gooch [Colm Cooper] i gCiarraí chomh maith.”

Fág freagra ar 'An Dáil d’uireasa ‘bonn Uile-Éireann’ den chéad uair ó 1943…'