An Dáil ag filleadh agus dúshláin go leor le sárú ag an Rialtas

Ar an drochuair don rialtas, tá cúpla ábhar a d'fhéadfadh tuisle a bhaint astu i mbliana cé go bhfuil siad diongbháilte nach mbeidh aon olltoghchán ann go dtí 2025

An Dáil ag filleadh agus dúshláin go leor le sárú ag an Rialtas

Tá coicís caite den bhliain nua agus formhór mór an phobail socraithe ar ais ag obair le hos cionn seachtaine ach is Dé Máirt seo chugainn a thiocfaidh an Dáil ar ais. Inseoidh na seachtainí agus na míonna seo romhainn go leor dúinn faoi pholaitíocht na tíre, go háirithe más fíor go bhfuil muid ag teannadh le deireadh na paindéime agus nach mbeidh an uile ghníomh bunaithe ar shrianta agus ceisteanna faoi vacsaíní agus teanndáileoga.

Ar bhealach tá polaiteoirí agus go háirithe an freasúra i sáinn le beagnach dhá bhliain anois ó thug Taoiseach na linne Leo Varadkar óráid taobh amuigh de Blair House in Washington D.C. inar fhógair sé an chéad sraith srianta. Bhain an uile ní idir an dá linn le ceansú Covid-19 agus cosaint an chórais sláinte. Cháin an freasúra cur chuige an dá rialtas (an ceann eatramhach ag tús na géarchéime agus an comhrialtas reatha ó mhí Meitheamh 2020) ach ní raibh a gcroí ann go minic mar go raibh an phráinn chomh mór. Thug an dá bhliain deis, mar sin féin, do Shinn Féin dul i gcion ar an bpobal agus léiríonn pobalbhreith i ndiaidh pobalbhreithe le roinnt míonna anois go bhfuil borradh leanúnach fúthu.

Cén chaoi a ngabhfaidh páirtithe an rialtais i ngleic leis an mborradh seo ar mhaithe leo féin? Ag an bpreasócáíd bhliantúil a eagraítear le comhfhreagraithe polaitíochta chuile Nollaig ar mhaithe le hábhar a sholáthar don tréimhse idir Lá Nollag agus an bhliain nua,  thapaigh an Taoiseach an deis ionsaí a dhéanamh ar pholasaithe Shinn Féin. Inseoidh na pobalbhreitheanna a fhoilseofar idir seo agus deireadh na míosa an raibh tionchar ag a chuid cainte faoi pholasaí Shinn Féin i leith na Rúise agus na hÚcráine ar mheon an phobail i dtaobh an pháirtí.

In óráid cothrom an lae gur glacadh leis an gConradh Angla-Éireannach i 1922, rinne Leo Varadkar cáineadh dá chuid féin ar Shinn Féin ag meabhrú nach ionann an páirtí a bhfuil rath orthu anois agus an páirtí ónar toghadh an Dara Dáil. Beidh tionchar na cainte sin ar thacaíocht an pháirtí le feiceáil sna pobalbhreitheanna freisin sna seachtainí seo romhainn.

Ar an drochuair don rialtas, tá cúpla ábhar a d’fhéadfadh tuisle a bhaint astu i mbliana cé go bhfuil siad diongbháilte nach mbeidh aon olltoghchán ann go dtí 2025. Tá ceisteanna a thagann faoi anáil Covid fós gan réiteach. An córas sláinte agus an brú as cuimse an chéad rud i gcónaí.

Beidh brú go leor ar Norma Foley agus an Roinn Oideachais sna seachtainí seo romhainn. An reáchtálfar Ardteist agus Teastas Sóisearach mar ba ghnáth i mbliana? Roimhe sin, an ndéanfar rud éigin le haeráil cheart a dhéanamh ar sheomraí ranga ó cheann ceann na tíre ar bhealach nach mbeidh gasúir ag bualadh fiacla leis an bhfuacht? An dtabharfar aghaidh i gceart ar an nganntanas tithíochta? As seo go ceann roinnt míonna beidh deireadh ag teacht le scéimeanna tacaíochta Covid agus gheobhaidh muid léargas ceart ar an líon gnóthaí atá scriosta ag an ngéarchéim, gan trácht ar an bhfíor-ráta dífhostaíochta.

É sin ar fad agus an costas maireachtála ag ardú agus daoine faoi bhrú billí fuinnimh a íoc.

Tá neart ábhar cáinte ann don fhreasúra. An mbeidh siad éifeachtach sa gcáineadh sin? An éireoidh leo tuisle a bhaint as an rialtas? An bhfuil seift aimsithe ag páirtithe an rialtais le tuisle a bhaint as Sinn Féin?

Cuirfear tús leis an ngníomh is déanaí Dé Máirt seo chugainn.

Fág freagra ar 'An Dáil ag filleadh agus dúshláin go leor le sárú ag an Rialtas'