Roinnt blianta ó shin le linn na n-agóidí i gcoinne na dtáillí uisce, d’inis comhghleacaí i Nuacht RTÉ an scéal seo dom. Bhí cara léi, bean stuama chiallmhar a shíl mo chara go dtí sin, tar éis athtvuíteáil a dhéanamh ar theachtaireacht ag maíomh nach raibh RTÉ tar éis agóid mhór i gcoinne na dtáillí uisce a chlúdach ar chor ar bith. D’inis mo chomhghleacaí dá cara go crosta go raibh sé ar an bpríomhscéal ar Nuacht teilifíse RTÉ an lá céanna. ‘Bhuel,’ arsa cara mo chomhghleacaí, ‘bhí blas na fírinne air……’.
Chuimhnigh mé ar an scéal sin i bhfianaise na himní ar fad atá á léiriú ag daoine measúla, measartha, stuama, ciallmhara faoi ról na bréagaisnéise sna círéibeacha a tharla i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite.
Cúpla mí ó shin chuir cara stuama, ciallmhar, éirimiúil liom fhéin a oibríonn i bpost sinsearach in eagraíocht stáit alt faoin Úcráin chugam ó ‘suíomh nuachta neamhspleách’ darbh ainm Consortium News leis an teachtaireacht: ‘Roinnt tráchtaireacht spéisiúil anseo.’ Bhí an t-alt breac le bréagaisnéis frith-Úcránach – táim ag caint faoi fhíricí bunúsacha faoin Úcráin a bhí iomlán bréagach.
Agus ansin tá daoine ann, a mhaíonn go bhfuil siad ar an eite chlé, agus a scaipeann sruth leanúnach de bhréagaisnéis agus mífhaisnéis faoin Úcráin chun tacú le hionradh na Rúise nó le leithscéalta a dhéanamh ar son na tíre sin. ‘Ní raibh aon Úcráin neamhspleách ann roimh 1991’… ‘Tá tromlach Rúiseach eitneach sa Donbas’… ‘Mharaigh an Úcráin 14,000 sibhialtach sa Donbas…’ Agus mar sin de.
Baineann siad úsáid as na modhanna céanna a úsáideadh chun dídhaonnú a dhéanamh ar Úcránaigh is a úsáideann an dream i bhfad amach ar an eite dheis chun dídhaonnú a dhéanamh ar mhionlaigh eitneacha agus inimircigh. An meascán den fhírinne, den áibhéil, den leathfhírinne agus bréaga a úsáidtear chun a ‘chruthú’ go bhfuil baint as cuimse ag inimircigh le coiriúlacht, úsáideadh é freisin chun ‘a chruthú’ go bhfuil tacaíocht as cuimse don Nua-Naitsíochas san Úcráin. Ar an tslí chéanna díreach a úsáidtear dioscúrsa na coiriúlachta chun leithscéalta a dhéanamh as an bhfuath agus foréigean i gcoinne inimirceach, úsáideadh dioscúrsa an Naitsíochais mar leithscéal do chogadh cinedhíothúil na Rúise i gcoinne na hÚcráine.
Anois tá a lán de na daoine measúla stuama agus an dream a mhaíonn go bhfuil siad ar an eite chlé ach a scaip bréagaisnéis faoin Úcráin, ag seanmóireacht faoi scéalta bréagacha a bheith á scaipeadh ar na meáin shóisialta faoi theifigh agus inimircigh.
Níl na meáin chumarsáide thraidisiúnta saor ó locht agus déanann siad botúin ó thaobh fíricí de agus ó thaobh breithiúnas eagarthóireachta de. Ach ar a laghad bíonn orthu cloí le rialacha áirithe – rialacha clúmhillte agus rialacha faoi fhuath a spreagadh. I gás na gcraoltóirí caithfidh siad rialacha Choimisiún na Meán a leanúint maidir le cruinneas, oibiachtúlacht agus cothrom na Féinne agus tá córas gearán neamhspleách ann d’aon duine a chreideann go bhfuil na rialacha sin sáraithe. Má rialaíonn an Coimisiún i gcoinne aon chraoltóir caithfidh an craoltóir an rialú sin a chraoladh.
Cloíonn na nuachtáin náisiúnta agus formhór na nuachtán áitiúil le cód cleachtais Chomhairle Preasa na hÉireann a bhfuil córas gearán neamhspleách mar chuid de freisin. Tá suíomhanna neamhspleácha ann nach bhfuil mar chuid den chóras seo thar barr agus á riaradh ag iriseoirí gairmiúla, ionraice, stuama – ach tá go leor eile nach bhfuil.
Gach duine measartha stuama a scaipeann scéal a bhfuil ‘blas na fírinne’ air gan aon rómhachnamh a dhéanamh faoi chruinneas agus fírinne, tá siad ag cothú éiceachóras na bréagaisnéise a dtagann an dream i bhfad amach ar an eite dheis i dtír air. Agus an dream a mhaíonn go bhfuil siad ar an eite chlé ach a shíleann go bhfuil sé ceart go leor gan a bheith róbhuartha faoi chruinneas agus fírinne más ‘ar son na cúise’ atá sé, tá siadsan freisin tar éis a gcion a dhéanamh chun a chinntiú go gcreidfidh daoine gach saghas bréag agus teoiric chomhcheilge.
Maíonn siad go bhfuil siad ag troid go cróga i gcoinne lucht an chiníochais.
Ach má úsáideann tú ar a laghad roinnt de na modhanna céanna le do namhaid, b’fhéidir nach bhfuil tú chomh difriúil leo is a shíleann tú.
Seán Mag Leannáin
Cad mar gheall ar Gaza? Cá bhfuil an fhírinne ansin? Díol suntais go bhfuil na Meiriceánaigh, agus roinnt mhaith de an stáit Eorpacha, ar son ionradh fhórsaí na hIosrael ar Ghaza. Nach ionann é sin agus ionradh Phutin ar an Úcráin? Nach ndéir Putin agus Netanyahu ar aon nach bhfuil siad ag díriú ar shibhialtaigh? Cén fáth go bhfuil na Meiriceánaigh/Eoraigh ar son na n-ionsaitheoirí i gcás amháin agus ina n-aghaidh sa gcás eile? Nach bhfuil an dá sheasamh ag teacht salach ar a chéile? Tuigim go maith go bhfuil sé níos éasca na ceisteanna seo a chur ná iad a fhreagairt.
Seán Mag Leannáin
Níl dearmad déanta agam ar na himeachtaí uafásacha ar 7 Deireadh Fómhair ach ní dhearna dhá bhréag riamh aon fhírinne.