An t-am a mhilsiú le ‘Eachtraí Mara Phaidí Pheadair as Toraigh’, agus ‘Love in the Time of Cholera’

Sa tsraith seo insíonn daoine éagsúla dúinn faoi na leabhair, scannáin, albaim, podchraoltaí agus eile atá ag tabhairt faoiseamh, spreagadh nó lón machnaimh dóibh

An t-am a mhilsiú le ‘Eachtraí Mara Phaidí Pheadair as Toraigh’, agus ‘Love in the Time of Cholera’

Sílim gur fhoghlaim mé ceacht bunúsach faoin am le linn na tréimhse dianghlasála seo.

Nuair atá rud nach maith leat romhat, gluaiseann am níos gaiste; agus nuair atá tú ag súil go mór le rud a theacht, sleamhnaíonn an t-am thart go mall spadánta – é do mhealladh shílfeá.

Déanaim iarracht, mar sin, cuimhneamh gach lá ar rud inteacht atá mé ag dúil go mór leis, le go moilleoidh an t-am; cleas a thugann deis domh an mhilseacht a shú as an am mhoillithe.

Cuidíonn leabhair liom an t-am sin a mhoilliú … agus a mhilsiú. Nó tá am luachmhar. Agus tá sé tábhachtach mar a chaitheann muid é, go speisialta ar na laetha seo.

An leabhar a roghnaigh mé ag tús na tréimhse, agus ceann ar thit mé i ngrá leis go gasta, ná Love in the Time of Cholera le Gabriel Garcia Marques. Cuireann an leabhar draíocht ar an am, cuireann sé geasa ar an léitheoir agus cuireann sé leis an am seo a chaitheann muid ar an tsaol.

Leis na laetha teo samhraidh seo mothaím gur laetha goidte iad, cosúil le laetha gréine na hóige nach mbíodh deireadh leo agus cuireann an leabhar sin leis an mhothúchán sin go mór.

Leabhar eile a chríochnaigh mé le gairid agus a mholfainn go mór nó Sa teach seo anocht le Mícheál Ó Conghaile. Éiríonn le Ó Conghaile an anáil a bhaint den léitheoir lena stíl ghéar ghonta, stíl a chuir ton agus néatacht James Baldwin i gcuimhne domh ó thús.

Éiríonn le Ó Conghaile an ton ardaithe sin a choinneáil tríd an scéal agus mionsonraí an tsaoil a léiriú go ciúin tomhaiste dúinn taobh istigh de scéalta na gcarachtar.

Is scéal mothálach brónach é, atá lán de mhilseacht agus de shnáithíní luachmhara an tsaoil, rud a chuireann leis an am a chaitheann muid leis.

An tríú leabhar a mholaim, agus a bhfuil mé anois ina lár, nó leabhar as oileán Thoraí.

Leabhar neamhghnách, saoithiúil é seo, le scéal a bhfuil casaíocha ann nach mbeifí ag dréim leo.

Is scéal beathaisnéise é faoin mhairnéalach shiúlach, Paidí Pheadair as Toraigh; fear a shiúil an domhan céad go leith bliain ó shin agus a phill go Toraigh lena scéal a inse do mhuintir an oileáin. Is iontach go bhfuil an leabhar seo ann ar chor ar bith, nó fuarthas i dtaisce é le gairid in áiléar mar lámhscríbhinn scríofa ag Séamus Mac a’ Bhaird.

Tá aithne ar Shéamus ón scéal Troid Bhaile an Droichid a cuireadh i gcló sa Claidheamh Soluis sa bhliain 1904 agus ní raibh a fhios ag duine ar bith go raibh an lámhscríbhinn seo a scríobh sé faoi eachtraí Phaidí Pheadair slán.

Rinne a gharmhac, Caoimhín Mac a’ Bhaird, agus Aingeal Nic a’ Bhaird an leabhar a athbheochan le cuidiú ó Nollaig Mac Congáil agus is Eachtraí Mara Phaidí Pheadair as Toraigh atá mar theideal air.

Tabharfaidh ar leabhar seo ar aistear thú, ar fud an domhain agus siar in am, go laetha a bhí i bhfad difriúil ón lá atá inniu ann.

Chomh maith le scéal a thabharfaidh léargas duit ar shaol na mbádaí seoil i bhfad siar, tá teanga agus foclaíocht shaibhir anseo as Toraigh. Is fiú am a chaitheamh leis.

Agus tá go leor eile sa leabhar chomh maith, gan trácht ar chuntas ar shaol Shéamuis, cúlra an scéil agus amhráin agus scéalta eile a scríobh Séamus Mac a’ Bhaird.

Mar sin, ó leabhar go leabhar agus ó lá go lá.

Agus, greannmhar go leor, ó thús na tréimhse seo, in áit a bheith ag marú an ama leis na leabhair seo, is amhlaidh a bhím ag iarraidh faid a bhaint as na laetha leo.

Fág freagra ar 'An t-am a mhilsiú le ‘Eachtraí Mara Phaidí Pheadair as Toraigh’, agus ‘Love in the Time of Cholera’'

  • Séamus

    Sin ‘find’! Seod de leabhar i gcailltaisce le stáir mhór ghroí.

    ‘Agus, greannmhar go leor, ó thús na tréimhse seo, in áit a bheith ag marú an ama leis na leabhair seo, is amhlaidh a bhím ag iarraidh faid a bhaint as na laetha leo’

    Mhothaíos é sin.

  • Eilis Neary

    Tá cuntas Netflix ag daoine a bhfuil fonn orthu am a ‘mharú’. Uaireanta an chloig a chaitheamh ag léamh, rud eile ar fad é sin – rachadh sé crua ort é a shárú.