An crú ag teacht ar an tairne sa URC

Níl aon easpa rugbaí ar ardchaighdeán ar fáil an deireadh seachtaine seo agus na Cúigí ar fad ag cur chun páirce i mBabhta 14 den URC

An crú ag teacht ar an tairne sa URC

Joey Carbery. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Fiú má tá sos sa gcomórtas Sé Náisiún agus scíth atá tuillte go maith acu á fáil ag ár gcuid imreoirí idirnáisiúnta, níl aon easpa rugbaí ar ardchaighdeán ar fáil an deireadh seachtaine seo agus na Cúigí ar fad ag cur chun páirce i mBabhta 14 den URC.

Tá an crú ag teacht ar an tairne anois agus gan ach cúig cluiche réamhbhabhta fós le n-imirt i gcomórtas URC an tséasúir seo. Beidh chuile fhoireann ar a míle dícheall, i dtosach báire ar thóir áit i measc na bhfoirne atá san ochtú háit nó níos airde ar an tábla chun a chinntiú go mbeidh siad ag imirt sa gcomórtas  sinsearach luachmhar, Corn na gCuradh, an chéad séasúr eile. Ach beidh spás sa gcluiche ceathrú ceannais ag aon fhoireann atá san ochtú háit freisin agus beidh buntáiste imirt sa mbaile ag na foirne a bhíonn sa gceathrú háit nó níos airde.

Mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá Cúige Laighean ar bharr an tábla agus iad aon phointe dhéag chun cinn ar na Bulls, foireann atá sa dara háit. Mura dtarlóidh tubaiste eicínt, seans go bhfuil siad beagnach cinnte go bhfuil siadsan slán, fiú agus cúig chluiche fós le n-imirt acu. Tá na hUltaigh suite sa tríú háit agus cluiche le spáráil acusan, rud a chiallaíonn go bhfuil seans maith acu faoi láthair ar chluiche ceathrú ceannais baile.

Sa séú háit atá na Muimhnigh faoi láthair agus iadsan fós san iomaíocht ar thóir buntáiste baile ag deireadh Bhabhta 18.

Seans gur ar na Connachtaigh atá an brú is mó, iad sa deichiú háit agus brú mór orthu iad féin a ardú.

I mBabhta 14 anocht cuirfidh Cúige Mumhan fáilte go Luimneach roimh na hOspreys, foireann atá sé áit níos ísle ná iad sa dara háit déag. Ní stopann an dúshlán atá roimh na cuairteoirí ansin, tá go leor imreoirí chéad rogha in easnamh orthu de bharr dualgais idirnáisiúnta, i bhfad níos mó ná atá ar iarraidh ó Chúige Mumhan. Bheadh an-iontas ormsa mura dtugann foireann an bhaile an lá leo agus cúig phointe freisin, b’fhéidir.

Anocht chomh maith a bheas na hUltaigh ag cur chun páirce i nGlaschú i gcoinne fhoireann na cathrach sin. Níl ach dhá áit agus ceithre phointe idir na foirne seo agus beidh dóthain le déanamh ag na cuairteoirí pointí a aimsiú sa tástáil chrua seo.

Beidh deis iontach ag na Connachtaigh amárach pointí luachmhara ríthábhachtacha a aimsiú san Iodáil i gcoinne Zebre, foireann atá ar íochtar an tábla agus iad fós ar thóir a gcéad bua as trí iarracht déag. Más faoi fhoireann Andy Friend a bheith ag caint faoin ochtú háit ar an tábla caithfidh siad cúig phointe a aimsiú. Níl an dara rogha acu.

Maidir le Cúige Laighean, foireann a bheas sa mbaile i gcoinne na nDragons tráthnóna amárach, is deacair tada seachas bua cuimsitheach eile a thuar dóibh. Cuimhnigh nár chaill foireann Leo Cullen fós i mbliana agus níl ach trí bhua cláraithe ag na Dragons.

Fág freagra ar 'An crú ag teacht ar an tairne sa URC'