An craoltóir cáiliúil Helen Ní Shé ag éirí as

Mar láithreoir ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta is fearr atá aithne ar Helen Ní Shé

An craoltóir cáiliúil Helen Ní Shé ag éirí as

Tá Helen Ní Shé, an craoltóir cáiliúil ó Chorca Dhuibhne, ag éirí as.

Mar láithreoir ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta is fearr atá aithne ar Helen Ní Shé, atá áirithe i measc shárchraoltóirí agus agallóirí na tíre.

I measc na ngradam a bronnadh uirthi bhí an gradam do Chraoltóir na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais in 2014.

Tá an clár irise ó chúige Mumhan á chur i láthair aici ó tháinig sí i gcomharbacht in 2007 ar Mhicheál Ó Sé nuair a d’fhill sí ar an raidió i ndiaidh seal a chaitheamh ina cónaí i Nua-Eabhrac.

I 1986 a thosaigh Helen Ní Shé, ó Chathair Scoilbín i bParóiste na Cille, ag obair le Raidió na Gaeltachta sa seomra nuachta i mBaile na nGall. Thug sí tréimhsí ina léiritheoir ar An Saol Ó Dheas agus bhí sí ina léiritheoir ar Iomarbhá Feasa, sraith tráth na gceist idir paróistí na Mumhan agus ina láithreoir ar Gaoth an Fhocail clár tráth na gceist eile, a mbíodh scoth na gcainteoirí Gaeltachta páirteach ann.

Le linn na tréimhse 17 bliain atá caite aici ina láithreoir ar An Saol Ó Dheas, tá cáil bainte amach ag Helen Ní Shé mar láithreoir tuisceanach géarchúiseach, buanna a léirigh sí go paiteanta in agallamh coscrach a rinne sí in 2018 le Emma Mhic Mhathúna, duine de na mná a bhí thíos leis an gconspóid CervicalCheck.

Tá meas uirthi chomh maith as an tuiscint a léirigh sí i gcónaí ar a pobal féin agus pobal na Mumhan trí chéile agus tá cuid de na cláracha inar chuaigh An Saol Ó Dheas i measc an phobail i measc na gcláracha is mó a thuill aitheantas di.

Tugadh ardmholadh, mar shampla, don tsraith cláracha faoin aer a chuir sí i láthair le linn dianghlasáil bhlianta na paindéime Covid-19.

Beidh sí ag éirí as an mhí seo chugainn.

Tagann an scéal faoi éirí as Helen Ní Shé sna sála ar an scéal go bhfuil craoltóir aitheanta eile ar fhoireann Raidió na Gaeltachta i mBaile na nGall ag fágáil na seirbhíse. Beidh Pádraig Ó Sé, an láithreoir, tráchtaire spóirt agus ceoltóir ó Dhún Chaoin, ag éirí as ag tús na míosa seo chugainn chomh maith.

Bhí Pádraig Ó Sé ina láithreoir ar chláracha amhail an clár iarratais Togha agus Rogha agus an clár cainte Eachtraigh Dhom. Dhein sé tráchtaireacht ar na céadta cluiche caide, cluichí ceannais na hÉireann ina measc.

Fág freagra ar 'An craoltóir cáiliúil Helen Ní Shé ag éirí as'

  • Breandán Ó y

    Cailliúint mór doRnaG.

  • Tash

    Braithfead tú uaim a Helen. Mo mhíle buiochas as an gcomhluadar ar an raidíó gach lá. Go néirí an t-adh leat sa chéad céim eile do shaol.

  • Niall Ó Flaithbheartaigh

    Braithfear uainn í. An-chraoltóir.

  • Réamonn Ó Caoimh

    Díomá orm a nuacht sin a chloisint. Bím ag éisteacht gach lá gur féidir liom.
    Mar a dúras leat ag an Oireachtas, is Laoch thú domhsa, le greann, nuacht, scéalta, cneastacht, macántacht, dea mhéin, agus gach atá go maith trí mheán Ghaeilge na Mumhan. Guídhim gach beannacht agus ádh ort amach anseo. Le míle buíochas, ó éisteoir dílis a bhraithfidh uaim thú. Go n éirí leat a chroí.

  • Séamus Daltún

    Baineadh de na bonnaibh mé agus an scéal seo á léamh agam. Níl aon duine ionchurtha leat a Helen. Cailliúint millteach!

  • Micheál Ó Mairtín

    Bím ag éisteacht le An Saol ó Dheas chomh minic agus a thig liom. Bhain mé an-sult as an obair a rinne Helen ar an raidió. Tá súileas agam go n-éireoidh go geal léi sa saol atá amach roimpi. Cronóídh muid a scileanna craoltóireachta go mór.

    Micheál Ó Mairtín

  • Mícheál Ó Ruairc

    Drochscéala do phobal éisteoirí An Saol Ó Dheas. Sarchraoltóir amach is amach. Bheifeá ar do shuaimhneas i gcónaí ina teannta. Brón orm go bhfuil sí ag imeacht uainn. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an taifead a dhein tú ormsa go hard os cionn na farraige amuigh ag Srón Bhroin ar lá breá samhraidh tamall de bhlianta ó shoin. Pé rud a dhéanfaidh tú feasta, guím rath agus sonas ort, Helen. Nár laga Dia thú.

  • Peigí Ní Chonghaile

    Comhghairdeachas leat a Helen ar do shaol craoltóireachta, bhínn ag éisteacht leat go minic agus ag baint an oiread sásaimh agat, bhí bealach iontach agat le scéalta tromchúiseacha agus le scéalta nach raibh chomh tromchúiseach. Bhí aithne iontach agat ar do phobal agus tháinig se sin amach go soiléir i gcónaí. Go n-éirí go geal leat sa tréimhse nua seo de do shaol.

  • Máire Uí Mhaoláin

    Ní maith liom é sin a chloisteáil agus aireoidh muid uainn go mór thú. Ag éisteacht leat chuile lá agus bhí bealach iontach leat. Thug tú árdán do na hoileáin go mion-minic agus tá muid fíor bhuíoch as sin. Beidh muid ag caitheadh i do dhiaidh ach táim cinnte go bhfuil scíth tuilte agat. Go n-eirí go geal leat.