An Covid, Tik Tok agus cumhacht na farraige i measc na dtograí Gaeilge ag Taispeántas Eolaí Óg BT 2022

Tá breis is 20 togra ó scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta i measc na n-iontrálacha ag Taispeántas Eolaí Óg na bliana seo

An Covid, Tik Tok agus cumhacht na farraige i measc na dtograí Gaeilge ag Taispeántas Eolaí Óg BT 2022

Tá a lorg fágtha go láidir ag Covid-19 ar na tograí atá san iomaíocht ag Taispeántas Eolaí Óg BT 2022 atá á reáchtáil an tseachtain seo.

Cuireadh tús inné leis an dtaispeántas, atá ar siúl ar líne de bharr na paindéime, agus fógrófar na buaiteoirí amárach, Dé hAoine.

Tá breis is 20 togra ó scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta á dtaispeáint agus réimse leathan ábhar clúdaithe acu.

I mbliana cuireadh 1,440 tionscadal ar fad isteach ar an gcomórtas agus roghnaíodh 550 acu le dul ar aghaidh go dtí an mórthaispeántas náisiúnta. Sa Mhárta a reáchtálfar aonach na mbunscoileanna, go digiteach freisin.

Ócáid mhór a bhíodh i gcónaí sa taispeántas seo do dhaltaí agus cúpla lá acu i mBaile Átha Cliath ag fáil léargas iontach ar fhéidearthachtaí na heolaíochta agus na teicneolaíochta i dteannta daltaí as gach cearn den tír.

Ar ndóigh chaill daltaí go leor am scoile i mbliana ach is iomaí sin ábhar a spreag iad.

Ní nach ionadh rinneadh anailís ar an Covid agus a thionchar – mascanna, dianghlasáil is dúlagar. Tá go leor taighde déanta freisin ar an tsláinte ó thaobh bia agus meáchain chomh maith le snámh na farraige. Tá an-spéis á cur freisin san inmharthanacht – an fheamainn agus stóráil carbóin, painéil ghréine, faisean gasta, truailliú agus plaisteach.

Is léir go dteastaíonn ó na daoine óga seo tairbhe agus dochar ghnéithe dá saol féin a fhiosrú chun a sástachta, bíodh sin TikTok, bréagáin Fidget, peataí, spórt nó cúrsaí caidrimh is an chealchultúir.

Ar na tionscadail a bhfuil teideal i nGaeilge orthu agus ar éirigh leo dul chomh fada seo tá trí cinn ó Ghaelcholáiste Charraig Uí Leighin – ceann faoi mhascanna, ceann faoi Pókemon agus ceann faoi theocht mhí Feabhra. Cúig cinn atá ag Coláiste an Phiarsaigh Chorcaí – an dianghlasáil, bainne is plaisteach, ráta an chroí, an fhiseolaíocht agus an domhandú. Sna Déise tá taighde déanta ag daltaí Ghaelcholáiste Phort Láirge ar chártaí daite agus an fhoghlaim, deochanna fuinnimh agus an fheamainn.

Tá Coláiste Pobail Osraí ag fiosrú an mbeadh aon leas sa gcaisearbhán do phobal na hAfraice ó dheas don Sahára atá gann ar bhia. Tá staidéar spéisiúil déanta ag Coláiste Cois Life i Leamhcán ar an tóir a bhíonn ag déagóirí ar an veigeatóireachas. Tá staidéar déanta ag dalta i gColáiste Mhuire i mBaile Átha Cliath ar na bealaí gur féidir sean-teicneolaíocht a athúsáid agus bhreathnaigh daltaí i nGaelcholáiste an Phiarsaigh ar thionchar Tik Tok ar dhéagóirí.

I dTír Chonaill tá taighde déanta ag Coláiste Ailigh ar dhearcadh agus eolas déagóirí faoi Éire Aontaithe agus i nGaillimh, tá staidéar déanta ag daltaí Choláiste Naomh Eoin ar Inis Meáin ar chumhacht na dtonnta amach ón oileán. Tá daltaí Mheánscoil Gharman i Loch Garman ag fiosrú na buntáistí a bhaineann leis an teiripe ealaíne.

Tá duais ann, urraithe ag BT, don togra Gaeilge is fearr, chomh maith le roinnt duaiseanna i gcatagóirí eile.

Ag labhairt dó roimh thús na féile, dúirt an Taoiseach Micheál Martin go léiríonn Eolaí Óg “an dul chun cinn” atá déanta sa tír seo ó thaobh ábhair STEM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic). Dúirt sé gurb iad na daoine óga seo an todhchaí agus ghuigh sé gach rath ar na hiomaitheoirí go léir pé slí bheatha a dtabharfaidh siad fúithi.

Sheol an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn taispeántas 2022 agus dúirt sé gurb é bua na heolaíochta nach mbíonn aon deireadh léi. “Dá mhéid a bhíonn ar eolas againn is mó na ceisteanna a bhíonn againn.” Saoránacht ghníomhach a bheith páirteach san Eolaí Óg, a dúirt an tUachtarán agus d’iarr sé ar dhaoine óga a bheith gníomhach sa tsochaí agus comhoibriú lena chéile chun leas an tsaoil.

Seo an 58ú taispeántas bliantúil agus an dara ceann atá ar siúl go digiteach. Chun leas na heolaíochta taobh amuigh den seomra ranga a léiriú a eagraíodh an chéad taispeántas i 1965 agus 230 iomaitheoir páirteach ann.

Is féidir leis an bpobal clárú le freastal go fíorúil ar an taispeántas agus ar na cainteanna ag https://portal.btyoungscientist.com.

Fág freagra ar 'An Covid, Tik Tok agus cumhacht na farraige i measc na dtograí Gaeilge ag Taispeántas Eolaí Óg BT 2022'