An coróinvíreas tolgtha ag beirt phaisinéirí Éireannacha

Saoránaigh de chuid na hÉireann agus tír eile san AE is ea beirt atá buailte ag an víreas in ospidéal sa tSeapáin

An coróinvíreas tolgtha ag beirt phaisinéirí Éireannacha

Tá sé dearbhaithe go bhfuil an coróinvíreas tolgtha ag beirt saoránach de chuid na hÉireann atá in ospidéal i dTóiceo na Seapáine.

Bhí an bheirt ar bord na loinge crúsála Princess Diamond atá ar ancaire amach ó Yokahama sa tSeapáin ó thángthas ar COVID-19 uirthi. Seisear Éireannach a bhí ar bord an Princess Diamond.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney tráthnóna gur saoránaigh de chuid na hÉireann agus tír eile san AE is ea an bheirt atá buailte ag an víreas. Dúirt sé nach in Éirinn a bhíonn cónaí orthu de ghnáth.

Bhí ambasáid na hÉireann i dTóiceo o dteagmháil leo agus ag fóirithint orthu, a dúirt Coveney.

Thuairiscigh an Irish Times níos luaithe inniu go raibh beirt phaisinéirí Éireannacha a bhí ar bord loinge eile ar ar thángthas ar an gcoróinvíreas tagtha abhaile.

Tuairiscíodh go raibh an bheirt seo, a bhí ar an MS Westerdam nuair a cuireadh i nduga í san Chambóid an tseachtain seo caite, ag fanacht glan ar dhaoine eile dá ndeoin féin.

Dheimhnigh an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney roimhe seo go raibh naonúr Éireannach ar bord an MS Westerdam, go raibh seachtar díobh á dtástáil faoi láthair agus nach raibh cónaí de ghnáth ach ar bheirt acusan in Éirinn.

Ceadaíodh do phaisinéirí imeacht ón MS Westerdam ach thaispeáin toradh tástála a rinneadh ina dhiaidh sin go raibh an galar Covid-19 tolgtha ag Meiriceánach a bhí ina measc.

Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha ag cabhrú le daoine a bhí ar na longa agus táthar ag fiosrú cé acu an bhfuil cóir leighis uathu nó nach bhfuil.

Fág freagra ar 'An coróinvíreas tolgtha ag beirt phaisinéirí Éireannacha'