An córas um shrian a chur ar stiúrthóirí cuideachta –an éabhlóid go dtí seo

Éascaítear le dlí na gcuideachtaí gníomhaíocht fiontraíochta trí fhoráil a dhéanamh do phearsantacht dhlítheanach agus dliteanas teoranta ar leith

An córas um shrian a chur ar stiúrthóirí cuideachta –an éabhlóid go dtí seo

Aoife McPartland

Aoife McPartland, BL

Réamhrá

Éascaítear le dlí na gcuideachtaí gníomhaíocht fiontraíochta trí fhoráil a dhéanamh do phearsantacht dhlítheanach agus dliteanas teoranta ar leith. I gcomaoin na bpribhléidí sin, leagtar síos i ndlí na gcuideachtaí creat ina bhfuil coimircí, mar aon le hoibleagáidí agus ionchais a chuirtear ar chuideachtaí agus ar a n-oifigigh, ar oibleagáidí agus ionchais iad a bhféadfar smachtbhannaí a fhorchur ar na hoifigigh sin i gcás go sárófar iad. Ceann amháin de na smachtbhannaí sin lena dtugtar cosaint don phobal is ea an córas um shrian a chur ar stiúrthóirí cuideachta dá bhforáiltear faoi dhlí na gcuideachtaí. Cuireadh srian ar bhreis agus 2,700 stiúrthóir cuideachta ó bhí an bhliain 2003 ann.

Faoi Acht na gCuideachtaí, 2014 (Acht 2014), is é is ordú um shrian a chur ar stiúrthóirí cuideachta ann dearbhú ón Ard-Chúirt á rá nach bhféadfaidh stiúrthóir de chuideachta dhócmhainneach a bheith rannpháirteach i mbainistiú cuideachta ar feadh tréimhse cúig bliana ach amháin i gcás go gcomhlíonfar ceanglais reachtúla áirithe um chaipitliú.

Éabhlóid an chórais um shrian a chur ar stiúrthóirí cuideachta

Tugadh srian ar stiúrthóirí cuideachta isteach den chéad uair faoi alt 150 d’Acht na gCuideachtaí, 1990 (Acht 1990), tar éis d’Éirinn dul isteach san Aontas Eorpach (AE) agus athbhreithniú a dhéanamh ar na forálacha dá dlí cuideachtaí. Tháinig borradh faoi ghníomhaíocht cuideachtaí in Éirinn agus tháinig méadú ar ‘mhíghníomh’ ar shlí nár beartaíodh in Achtanna Cuideachtaí roimhe sin (An Roinn Tionscail, Tráchtála agus Trádála, 1983).

Ba ann don chóras um stiúrthóirí cuideachta a dhícháiliú faoi alt 184 d’Acht na gCuideachtaí, 1963 (Acht 1963), roimh chóras na hÉireann um shrian a chur ar stiúrthóirí cuideachta. Beartaíodh an córas um shrian a chur ar stiúrthóirí cuideachta a bheith ina chóras uathoibríoch um dhícháiliú chun dul i ngleic le míchleachtais agus/nó le mí-úsáid dhlí na gcuideachtaí a tharla idir dócmhainneacht agus an tráth ar ceapadh leachtaitheoir chuig an gcuideachta. Bhí feidhm uathoibríoch ag an srian, ach amháin i gcás go raibh scairchaipiteal leithroinnte íosta sa chuideachta ina dhiaidh sin ina raibh an duine ina stiúrthóir (An Roinn Tionscail, Tráchtála agus Trádála, 1983). Tháinig ábhair imní chun cinn, áfach, go ndéanfaí stiúrthóirí bona fide a ghabháil go héagórach le dícháiliú den chineál sin. Mar thoradh air sin, bhí cead ag na stiúrthóirí iarratas a dhéanamh ar fhaoiseamh ón urchosc uathoibríoch faoi thograí leasaithe (McKenna, 1987). Ina theannta sin, le linn díospóireachtaí den Oireachtas, tugadh tréimhse srianta cúig bliana isteach mar leasú, seachas an tréimhse srianta ‘cheannoscailte’ a moladh ar dtús (O’Malley, 1990).

Tráth a raibh Éire ag smaoineamh faoin gcóras um shrian a chur ar stiúrthóirí cuideachta a thabhairt isteach, breithníodh tograí den chineál céanna i dTuarascáil Cork sa Ríocht Aontaithe. Beag beann ar na tograí sin, níor cuireadh dícháiliú uathoibríoch ar áireamh in Insolvency Act 1986 na Ríochta Aontaithe.

An lá inniu

Ó achtaíodh an córas um shrian a chur ar stiúrthóirí cuideachta in Acht 1990, rinneadh leasuithe eile ar an gcóras agus leathnaíodh é ar bhealaí eile. Ba leis an bhformhaoirseacht ar an gcóras a bhain an chéad leasú den sórt sin.

Faoin Acht um Fhorfheidhmiú Dlí Cuideachtaí, 2001, bunaíodh Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach agus ceadaíodh don Oifig, do leachtaitheoirí agus do ghlacadóirí iarratas a dhéanamh ar shrian. Cuireadh oibleagáid ar leachtaitheoirí cuideachtaí dócmhainneacha iarratas a dhéanamh chuig Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach agus iarratais ar shrian a dhéanamh chuig an gcúirt laistigh de thréimhse riachtanach ama dá mba rud é nár bhain an Oifig an ceanglas sin díobh.

Ba le hAcht na gCuideachtaí, 2014, a foráladh do ghealltanais maidir le srian agus maidir le dícháiliú. Tagann gealltanais maidir le srian chun cinn i gcás go dtoilíonn stiúrthóir leis go gcuirfí srian air nó uirthi gníomhú mar stiúrthóir cuideachta nuair a iarrann an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach air nó uirthi déanamh amhlaidh. Ní dhéantar aon iarratas chuig an gcúirt má thoilíonn stiúrthóir le gealltanas maidir le srian, ach is ionann an éifeacht atá ag an ngealltanas ar stiúrthóir agus an éifeacht atá ag ordú um shrian air nó uirthi. Dá bhrí sin, soláthraítear le gealltanais coigilteas costais do na stiúrthóirí lena mbaineann agus glantar am cúirte leo an tráth céanna.

Le hAcht na gCuideachtaí (An tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach), 2021 (Acht 2021), bunaíodh an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach chun áit Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach a ghlacadh. Áiríodh le halt 34 d’Acht 2021 leasuithe ar an gcóras um shrian a chur ar stiúrthóirí cuideachta, ar leasuithe iad lena leathnaítear na forais ar a bhféadfaidh iarratasóir a iarraidh go gcuirfí srian ar stiúrthóir cuideachta. Cé gur foras le srian go fóill í dócmhainneacht cuideachta, forchuirtear leis na leasuithe srian ar stiúrthóirí i gcás mainneachtain na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • cruinniú ginearálta de scairshealbhóirí a chomóradh chun a mholadh go n-ainmneofaí leachtaitheoir don chuideachta, agus/nó
  • fógra a chur síos chun leachtaitheoir den sórt sin a ainmniú ag cruinniú ginearálta den sórt sin, agus/nó
  • fógra a thabhairt d’fhostaithe faoi fhoirceannadh na cuideachta.

Conclúid

Beartaíodh córas na hÉireann um shrian a chur le stiúrthóirí cuideachta chun cur leis an gcóras um stiúrthóirí cuideachta a dhícháiliú. D’éirigh an fhormhaoirseacht ar an gcóras um shrian a chur ar stiúrthóirí cuideachta ina freagracht chomhroinnte de chuid an Údaráis um Fhorfheidhmiú Corparáideach agus leachtaitheoirí cuideachtaí dócmhainneacha. Níos déanaí fós, tugadh gealltanais maidir le srian isteach, agus leasaíodh le halt 34 d’Acht 2021 an córas um shrian a chur ar stiúrthóirí cuideachta trí leathnú a dhéanamh ar na forais le srian a chur.

Tá an srian ina ghné thábhachtach den réimse um fhorfheidhmiú dhlí na gcuideachtaí in Éirinn. Cuireadh é i bhfeidhm i leith breis agus 2,700 duine ó bhí an bhliain 2003 ann, agus smachtbhannaí á bhforchur ar dhaoine nár chomhlíon na caighdeáin riachtanacha iompraíochta le linn dóibh gníomhú mar stiúrthóirí cuideachta.

Tá Aoife McPartland ina Bainisteoir Sinsearach Forfheidhmiúcháin san Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach. Is Abhcóide agus iarrthóir PhD í.

Tagairtí:

An Grúpa Athbhreithnithe Dlí Cuideachtaí, Tuarascáil an Ghrúpa Athbhreithnithe Dlí Cuideachtaí, 1994.

An Grúpa Athbhreithnithe Dlí Cuideachtaí, Tuarascáil Bhliantúil an Ghrúpa Athbhreithnithe Dlí Cuideachtaí, 2007.

An Roinn Tionscail, Tráchtála agus Trádála, Meabhrán don Rialtas maidir leis an Dréachtscéim de Bhille chun Achtanna na gCuideachtaí, 1963 – 1983, a Leasú (8 Lúnasa 1983).

Fallon, S., Díospóireacht sa Seanad, an 27 Bealtaine 1987, Iml. 116, Uimh. 4. Chun tuilleadh tráchta a fháil ar an dóchúlacht maidir le teip gnó, féach: An tUas. T. McKenna, Díospóireacht sa Seanad, an 16 Iúil 1987, Iml. 116, Uimh. 19.

Fletcher, I., “The genesis of modern insolvency law – an odyssey of law reform”, (1989) 1 Journal of Business Law 365.

McKenna, T., Díospóireacht sa Seanad, an 16 Iúil 1987, Iml. 116, Uimh. 19.

O’Malley, D., TD, Díospóireacht sa Seanad, an 13 Nollaig 1990, Iml. 127, Uimh. 2.

Review Committee on Insolvency Law and Practice, Report of the Review Committee on Insolvency Law and Practice 1982, (Cmd 9175).

An Gasra Oibre ar Chomhlíonadh agus Forfheidhmiú Dhlí na gCuideachtaí, Tuarascáil ón nGasra Oibre ar Chomhlíonadh agus Forfheidhmiú Dhlí na gCuideachtaí, 1998 (Pn. 6697).

Fág freagra ar 'An córas um shrian a chur ar stiúrthóirí cuideachta –an éabhlóid go dtí seo'