An Conradh ag impí ar Ollscoil Uladh agus ar an Aire Fostaíochta dul siar ar an gcinneadh deireadh a chur le cúrsa céime sa Ghaeilge

Mheabhraigh Conradh na Gaeilge don Ollscoil go raibh an chéim sa Ghaeilge ar an gcampas i mBéal Feirste ‘lán go doras’ agus go mbíonn ‘ráchairt agus ró-éileamh’ air

Screen Shot 2015-09-07 at 14.24.44

Tá iarrtha ag Conradh na Gaeilge ar Ollscoil Uladh agus ar an Aire Fostaíochta agus Foghlama, Stephen Farry, dul siar ar an gcinneadh atá déanta acu deireadh a chur leis an gcúrsa céime lánaimseartha sa Ghaeilge “a bhfuil an-éileamh air ó thaobh freastail agus sástachta araon”.

Ba ar Tuairisc.ie a foilsíodh an scéal ar dtús go bhfuil an Ollscoil ag beartú deireadh a chur leis an gcéim sa Ghaeilge atá acu.

I ráiteas a d’eisigh siad ar maidin, dúirt an Conradh go dtuigeann siad go bhfuil ciorruithe móra le déanamh ag Ollscoil Uladh de bharr easpa maoinithe ach nach ndéanann “sé aon chiall fáil réidh le cúrsa a bhfuil rath air agus a bhfuil an spriocmhargadh dó ag méadú” ó bhliain go bliain.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, go gcuireann na cúrsaí tríú leibhéal le fás agus forbairt phearsanta na mac léinn agus go cuireann infheistiú sa tríú leibhéal “go mór le fás agus forbairt an gheilleagair agus na sochaí araon”.

Dúirt sé freisin go bhfágfadh na ciorruithe seo nach mbeadh na deiseanna céanna ag daoine óga le hais mar a bhíodh agus go gcaithfidís dul ag taisteal chun a rogha cúrsa a dhéanamh, “rud a chuireann go mór leis an gcostas ar dheiseanna oideachais tríú leibhéal an tsaoránaigh”.

Mheabhraigh an Conradh d’fhoireann na hOllscoile gur éirigh leo “100% dá gcuid spásanna a líonadh in 2013/14, 2014/15 agus 2015/16” chomh fada is a bhaineann leis an gcéim sa Ghaeilge ar champas Bhéal Feirste. “Bhí 56 iarrthóir ar lorg áite ar an gcúrsa lánaimseartha i mBéal Feirste i mbliana, rud a léiríonn an bhearna a fhágfar sa chathair ón mbliain seo chugainn ar aghaidh, má leantar leis an gcinneadh seo,” a deirtear sa ráiteas uathu.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge ó thuaidh, gur léir go mbíonn “ráchairt agus ró-éileamh ar an chúrsa seo” i bhfianaise na bhfigiúirí iontrála. Ag éirí as an méid sin, dúirt Mac Giolla Bhéin nach luífeadh sé le ciall “deireadh a chur le cúrsa a bhfuil ag éirí go fíormhaith leis”.

“Is cúis díomá do Chonradh na Gaeilge fosta nach mbeidh mic léinn Ghaeilge á lonnú sa champas is mó d’Ollscoil Uladh, campas a bhfuiltear ag caitheamh £250 milliún air”, a dúirt sé.

Is ait leis an eagraíocht Ghaeilge go gcuirfí deireadh le cúrsa ar chuir lucht a fhreastail “100% sástachta” in iúl don Ollscoil maidir le feabhas an chúrsa.

“Níl an chéim siar seo ag teacht le fás agus forbairt na Gaelscolaíochta agus spéis sa Ghaeilge trí chéile ach oiread. Beidh Conradh na Gaeilge ag stocaireacht an chinnidh seo agus ag éileamh ar na húdaráis athbhreithniú eile a dhéanamh maidir le todhchaí na Gaeilge ar an champas seo,” a dúirt an eagraíocht.

Fág freagra ar 'An Conradh ag impí ar Ollscoil Uladh agus ar an Aire Fostaíochta dul siar ar an gcinneadh deireadh a chur le cúrsa céime sa Ghaeilge'