Céim ar gcúl don Ghaeilge ó thuaidh

Beidh na hollscoileanna, agus an tsochaí i gcoitinne, thíos leis na cinntí atá á ndéanamh maidir le ciorrú ar chúrsaí de bharr easpa airgid ó Stormont, a deir ár gcolúnaí

university-ulster

Tháinig sé chun solais ar an Aoine seo caite go bhfuil an cúrsa céime lánaimseartha sa Ghaeilge le scor in Ollscoil Uladh i mBéal Feirste de bharr ciorruithe ar an mbuiséad agus tá a bpostanna le cailliúint ag ceathrar d’fhoireann na hinstitúide.

Bhí a fhios ó Mheitheamh seo caite go raibh rún ag Ollscoil Uladh 210 post a scor agus laghdú 1,250 a dhéanamh ar líon na mac léinn nuair a fógraíodh go mbeadh titim £9milliún sa bhliain ar a mbuiséad ó Stormont. Chomh maith leis an slad ar theangacha, tá ábhair eile ar nós Matamataic thíos le plean na hollscoile.

Ar ndóigh, tá ceisteanna le freagairt ag Stormont faoi na roghanna a rinneadh sa bhuiséad. An bhfuil dianlaghdú ar mhaoiniú na hOllscolaíochta ag teacht leis an tosaíocht a thugadar d’fhorbairt eacnamaíochta agus fostaíochta? Arbh fhéidir malairt rogha a dhéanamh? Ar suim le héinne i measc na bpáirtithe a dhul i ngleic le ciallachais na gceisteanna sin?

Tá ceisteanna le freagairt ag an ollscoil freisin. Deir na ceardchumainn gurbh  fhéidir leo roghanna difriúla a dhéanamh. Tá cruacheisteanna le freagairt faoi chaiteachas ollmhór £250 milliún ar an gcampas nua atá á thógáil i mBéal Feirste i bhfoisceacht cúpla míle don champas i Jordanstown. Tá ceithre láthair ar fad ag Ollscoil Uladh agus áirítear go bhfuil costas £14 milliún sa bhliain ar na láithreacha sin, atá i gCúl Raithin, Doire, Béal Feirste agus Jordanstown.

Dúirt Leas-Sheansailéir na hOllscoile, Paddy Nixon, gur déanadh na ciorruithe ar bhonn leathan agus cuireadh san áireamh méid an éilimh a bhí ar chursaí, sásamh leis an bhfreastal agus rátaí fostaíochta. Chuirfeadh sé iontas ar dhaoine, b’fhéidir, nach raibh éileamh ard ar chúrsaí sna nuatheangacha Eorpacha, teangacha na dtíortha is mó a ndéantar tráchtáil leo, ach is cosúil sin a bheith coitianta ar fud an oileáin seo.

Díol suntais é gur beag suim a chuir institiúidí i dTuaisceart Éireann i scéim Erasmus a bhfuil oiread sin tóir uirthi in áiteanna eile. Thairis sin, má chuimhnigh éinne ar mhic leinn ón iasacht a mhealladh – chun airgead a shaothrú – níl seans acu anois.

I gcás na Gaeilge, i bhfianaise an neamhfhreastail ar an ábhar taobh amuigh de Ghaelscoileanna, luíonn sé le réasún go mbeadh éileamh níos ísle ná mar a bheadh ar chúrsaí céime eile. Is cosúil, áfach nár cuireadh san áireamh an fás sa Ghaelscolaíocht agus an méadú dá réir a bheidh ar éileamh ar chúrsaí amach anseo.

Léirigh suirbhé a dhéantar go rialta sa Ríocht Aontaithe – an National Student Survey – gur chuir gach duine de na mic léinn a d’fhreastail ar an gcéim lánaimseartha sa Ghaeilge in iúl go raibh siad sásta leis an gcúrsa. Go deimhin, ba í an Roinn Gaeilge an t-aon roinn in Ollscoil Uladh a fuair ráta sástachta 100%. Ní foláir nó gur fágadh é sin as an áireamh chomh maith nuair a bhí an cinneadh á dhéanamh.

Anuas ar a bheith easnamhach mar sheirbhís don phobal, tá plean na hollscoile teoranta agus gearr-radharcach i dtaca le forbairt a gcoláistí féin. Fágfaidh daoine óga Tuaisceart Éireann le haghaidh oideachas tríú leibhéal. Seans nach bhfillfidh cuid acu. Beidh na hollscoileanna thíos leis sin, gan trácht ar an tsochaí.

Fág freagra ar 'Céim ar gcúl don Ghaeilge ó thuaidh'

  • PólRéamonn

    @Chuirfeadh sé iontas ar dhaoine, b’fhéidir, nach raibh éileamh ard ar chúrsaí sna nuatheangacha Eorpacha

    Ní chuireann sin iontas orm. Cuireann sé brón orm.