An Coimisinéir Teanga le haird a tharraingt i dTeach Laighean ar chearta mhuintir na Gaeltachta

Beidh an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, i láthair inniu ag an gcéad chruinniú de Choiste Oireachtais nua na Gaeilge agus na Gaeltachta

An Coimisinéir Teanga le haird a tharraingt i dTeach Laighean ar chearta mhuintir na Gaeltachta

Tarraingeoidh an Coimisinéir Teanga aird i dTithe an Oireachtais inniu ar an easpa soláthair do chearta mhuintir na Gaeltachta i reachtaíocht nua.

Beidh an Coimisinéir, Rónán Ó Domhnaill, i láthair ag an gcéad chruinniú de Choiste Oireachtais nua na Gaeilge agus na Gaeltachta.

An bille teanga ar glacadh leis ag an dara céim sa Dáil níos túisce an mhí seo a bheidh faoi chaibidil ag an gCoimisinéir.

Meastar go gcuirfidh sé fáilte roimh na leasuithe atá molta ag an Rialtas ar an dréachtreachtaíocht ach go ndíreoidh sé ar na mórlochtanna, dar leis, atá uirthi i gcónaí.

Cé gur cuireadh fáilte roimh leasuithe an Rialtais ar an mbille, táthar den tuairim go bhfuil laigí móra fós air, ag áireamh easpa forála a chinnteodh go mbeadh teacht ag pobal na Gaeltachta ar sheirbhísí stáit i nGaeilge.

Meastar go léireoidh an Coimisinéir Teanga imní chomh maith inniu faoi cá bhfuil an fhreagracht mar gheall ar an mbille.

Níl dualgas reachtúil leagtha sa bhille ar aon duine nó aon dream maidir le cur i bhfeidhm an phlean náisiúnta earcaíochta a luaitear ann, plean a mbeidh sé mar sprioc aige Gaeilge a bheith ag 20% d’earcaigh nua na státseirbhíse faoin 31 Nollaig 2030.

Meastar go ndíreoidh an Coimisinéir Teanga inniu chomh maith ar leagan amach an Choiste Comhairleach a bhunófaí chun an plean náisiúnta a chur le chéile.

Tá an Coimisinéir ag iarraidh go mbeadh ionadaíocht níos láidre ag an bpobal ar an gcoiste, go háirithe pobal na Gaeltachta. Dúirt sé cheana chomh maith gur cheart cathaoirleach neamhspleách a bheith ar an gcoiste.

Chomh maith le hionadaí ó Roinn na Gaeltachta, ionadaí ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus ionadaí ón gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí, beidh seachtar ionadaithe ar an gcoiste ag comhlachtaí poiblí. Ionadaí amháin ón nGaeltacht a bheidh air. 

Dúirt Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, go rabthas “ag súil go mór” leis an gcéad chruinniú den choiste nuacheaptha.

Triúr iar-airí stáit Gaeltachta atá ar an gcoiste, an Seanadóir Seán Kyne, Joe McHugh, Fine Gael, a chaith dhá thréimhse i Roinn na Gaeltachta agus Dara Calleary, Fianna Fáil, a raibh coicís aige ansin an samhradh seo caite.

Triúr Teachtaí Dála eile ó pháirtithe an Rialtais atá ar an gcoiste, Fergus O’Dowd, Fine Gael, Marc Ó Cathasaigh, Comhaontas Glas, agus Aindrias Moynihan, Fianna Fáil.

Is é Moynihan, arb as Gaeltacht Mhúscraí dó, an t-aon Teachta Dála ar an gcoiste arb as an nGaeltacht dó, cé go bhfuil ceantair Ghaeltachta i ndáilcheantair fhormhór na mball.

Níl ach beirt bhan ar an gcoiste, an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly, a bhí ina cathaoirleach ar an gcoiste roimhe seo, agus an Seanadóir Lorraine Clifford Lee.

Chomh maith le Lorraine Clifford Lee agus Seán Kyne, tá triúr Seanadóirí eile ar an gcoiste: Niall Ó Donnghaile (Sinn Féin) agus Rónán Mullen (Neamhspleách) agus Barry Ward (Fine Gael).

Is é Pa Daly, a toghadh chun na Dála i gCiarraí in olltoghchán na bliana seo, an ball eile atá ag Sinn Féin ar an gcoiste.

An Teachta Dála neamhspleách as Ciarraí, Danny Healy-Rae, an t-aon Teachta Dála ar an gcoiste nach bhfuil Gaeilge aige.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste Aengus Ó Snodaigh gur gá “cumhachtaí soiléire, cinnte agus éifeachtacha” a thabhairt d’oifig an Choimisinéara Teanga chun a chinntiú go gcuirfear i bhfeidhm córas nua na gcaighdeán agus go gcloífidh gach roinn Stáit agus comhlacht poiblí lena ndualgais teanga.

Leagfaí síos sna caighdeáin, atá á ndréachtú ag Roinn na Gaeltachta faoi láthair, dualgais chomónta maidir le seirbhísí Gaeilge do chineálacha éagsúla comhlachtaí poiblí ag brath ar an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal.

Faoi chóras na scéimeanna teanga aontaíonn comhlachtaí poiblí ina gceann agus ina gceann scéim teanga le Roinn na Gaeltachta.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh gur léir nár oibrigh an córas atá faoi láthair ann.

“Is soiléir anois, nach ndearna an córas reatha…a chuid cuspóirí a bhaint amach agus nach bhfuil sé oiriúnach don fheidhm. Ní mór anois córas nua caighdeán teanga a chur in ionad an chórais sin,” arsa urlabhraí Gaeilge Shinn Féin.

Fág freagra ar 'An Coimisinéir Teanga le haird a tharraingt i dTeach Laighean ar chearta mhuintir na Gaeltachta'