An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (15 Bealtaine 1915)

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

Claíomh 16

Uimhir 894                   Cláraithe mar pháipéar nuachta                   Bealtaine 15, 1915                   Pingin

Cúrsaí an tSaoil

Imeachtaí na Seachtaine

An Lusitania

Tá an cogadh ag teacht chun baile do mhuintir na hÉireann. Dé hAoine an 7ú lá den mhí bádh an Lusitania, ceann de na longa is mó ar muir, san fharraige mhór, beagán míle ó dheas ó chósta Chorcaí. Bád fo-uisce leis an nGearmáin a chaith toirpéad léi agus a chuir go tóin poill í. Bhí 1,906 paisinéir ar bord. Cailleadh 1,129 díobh agus tháinig 777 slán. Tríocha is naonúr Éireannach a bhí ar an Lusitania agus ní fios cé mhéad a tarrtháladh.

Bhí an Lusitania ar “Liosta an Chabhlaigh” go dtí mí Eanáir. B’ionann é sin is a rá gur long den chabhlach cogaidh í. Uair ar bith a shocródh an Rialtas é d’fhéadfaidís í a fháil agus a ghléasadh mar long chogaidh. Bhí £75,000 á dhíol ag an Rialtas leis an gcomhlacht ar leo í ar son an chead sin a bheith acu. Dúradh, ach bréagnaíodh é, go raibh an Lusitania ag iompar lón cogaidh do Shasana agus go raibh ór á iompar aici freisin.

Na daoine bochta a bádh ní raibh baint ná páirt acu leis an gcogadh. Bhí dul amú mór orthu ag dul ar an long ar chor ar bith – fógraíodh dóibh roimh dul ar an long dóibh go gcuirfí síos í ach bhí lucht na loinge chomh muiníneach astu féin nár chuireadar spéis san fhógra. Shíleadar leis nach bhféadfadh bád fo-uisce teacht suas le soitheach chomh mór leis an Lusitania.

Tá sé cruthaithe anois go bhféadfadh na Gearmánaigh stad a chur le tráchtáil mara ar fad dá mbeadh a ndóthain bád fo-uisce acu. Is cinnte go mbeidh eagla ar phaisinéirí dul trasna na haigéine le linn an chogaidh a bheith ar siúl. Má bhactar an tráchtáil mórán aireofar in Éirinn é mar go bhfuilimid taobh le cruithneacht a thagann thar sáile mar bhia.

Teach Dídine

Osclaíodh teach dídine do bhochtaigh agus seachránaithe i mBaile Átha Cliath Dé Domhnaigh. Cumann Vincent de Paul a chuir an dídean ar bun agus ba é an Tiarna Easpag, Liam Breathnach, a d’oscail é. Thug duine saibhir £3,500 don Chumann leis an teach a thógáil. Tá an t-iasacht sin acu gan gaimbín. Tá acu chomh maith £1,900 dá gcuid féin. Tig leo leis an méad sin bunairgid an dídean a choinneáil ar bun agus fóirithint a dhéanamh ar go leor truáin sa chathair, agus tá súil acu, leis, an t-iasacht a aisíoc de réir a chéile.

Cuairt an Fhir Ionaid

Thug an Fear Ionaid, an Tiarna Wimborne, cuairt ar Choláiste Mhá Nuad Dé Sathairn. Ba é Uachtarán an Choláiste, an Dochtúir Oirmhinneach Ó hÓgáin, a thug cuireadh dó. Bhí a chéile le cois an Fhir Ionaid. D’fháiltigh an tUachtarán rompu agus ghabh sé buíochas leo faoin móronóir a chuir sé ar lucht an Choláiste agus cuairt a thabhairt orthu. Dhearbhaigh sé don Fhear Ionaid go raibh an pobal Éireannach dílis do Shasana agus go raibh sé sin cruthaithe ar pháirc an áir ag na saighdiúirí Gaelacha atá san arm. Bhí aithne ag an Dochtúir Ó hÓgáin, dúirt sé, ar an Bantiarna le tamall agus bhí sé cinnte nach bhféadfadh an Bhanríon aon bhean ionaid níos feiliúnaí ná í a fháil. Bhí súil aige go mbeidís níos Gaelaí ná na Gaeil féin ar ball. Ní hionann anois agus an tráth a dúradh sin fadó.

Drámaí Diaga i nGaeilge

Léireoidh mic léinn Scoil Éanna dhá dhráma dhiaga san Amharclann Ghaelach an tseachtain seo chugainn. “Íosagán” ceann acu agus “An Máistir” an dara ceann. Níl éinne dá bhfaca “Íosagán” nuair a léiríodh é, tá sé bliana ó shin anois, nár mhaith leis é a fheiceáil arís. Dráma nua is a “An Máistir”. Pádraic Mac Piarais a scríobh an dá dhráma agus is iad Pádraic agus a dheartháir atá i bhfeighil an léirithe seo. 2s agus 1s ar cead dul isteach.

An Cogadh

An t-arm Rúiseach a bhí ag iarraidh dul thar na sléibhte isteach san Ungáir bualadh siar iad. Bhí na máma sléibhe gafa ag na Rúisigh ach tháinig an namhaid aneas ia aniar orthu agus b’éigean dóibh teitheadh. Ba threise é ná na Rúisigh agus is cosúil go bhfuil ceannfoirt níos fearr aige ná mar atá acusan. Gabhadh 25,00 Rúiseach. Imríodh ár agus donú ar shluaite díobh. Sa taobh thoir thuaidh ghabh na Gearmánaigh an baile cuain Libó. Níl aon baile cuain eile sa Bhailt leis an Rúis saor ó leac oidhre ar feadh an gheimhridh ach Libó. Cuan leis an gcabhlach cogaidh ab ea é agus bhí duganna móra ann ag lucht tógála loingis. Gabhadh an baile gan cath. Níor chosain an Rúis é ar chor ar bith.

Iníon Nic Eoin

Is trua linn bás iníne Nic Eoin, oide scoile easgeiphtinne. Bhí sí tinn le tamall agus tháinig sí go Baile Átha Cliath le dul faoi scian in ospidéal. Rinneadh an scian ach fuair an cailín bás. Solas na bhFlaitheas go raibh aice. Is dóigh linn go raibh sí ar dhuine de na hoidí ba Ghaelaí i gContae Luimnigh. Bhí an Ghaeilge go binn ag aos óg na scoile agus eolas maith tuisceanach acu ar stair na hÉireann.

Scoil Nua

Tá scoil nua tógtha ar an Droim Trasna in aice le Mainistir na Féile. £1,100 an méid airgid a caitheadh uirthi. Tá aire mhaith á tabhairt don Ghaeilge sa Mainistir agus tá súil againn nach ndéanfar faillí inti sa scoil nua.

Nuair a cheannaíonn tú an Claidheamh cabhraíonn tú le cúis na Gaeilge. Tá do chabhair uainn anois

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (15 Bealtaine 1915)'