An Claiḋeaṁ Soluis: ‘Beidh trácht i stair Éireann ar imeachtaí na bliana seo…’

Cothrom an ama seo (16 Nollaig 1916)…uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

An Claiḋeaṁ Soluis: ‘Beidh trácht i stair Éireann ar imeachtaí na bliana seo…’

6.                          An Claiḋeaṁ Soluis                          Mí na Nollag 23, 1916 Pingin

Bliain a mbeidh trácht uirthi

Beidh trácht i stair Éireann ar imeachtaí na bliana seo atá ag dul chun deiridh anois. Is mór é ár gcaillteanas ón am seo anuraidh. Is mór é an díth fear a imríodh orainn. Chaill ár gcúis agus ár ngluaiseacht féin cuid de na taoisigh agus de na scoláirí ba thréine agus ba chliste dá raibh againn agus chaill Éire cuid de na fir ba thréine a ghráigh í. Tá an Piarsach cróga léannta imithe, agus Tomás Mac Donnchadha, fear a rinne obair mhór go ciúin socair ar a bhealach féin ar son ár léinn agus ár litríocht, tá seisean imithe chomh maith. Bhí Éamonn Ceant ar dhuine de Ghaeil Bhaile Átha Cliath, agus bhí Peadar Maicín ar dhuine eile acu. Ní raibh beirt níos dílse ná níos dúthrachtaí ná iad i ngluaiseacht na teanga. Ní fheicfear feasta iad. Ó Rathaille groí ní raibh aon duine níos meanmnaí ná é inár gcumann, agus fuair sé bás mar ba dhual do laochra Gael riamh. Cailleadh cairde nach iad seo atá luaite againn, agus níor chúis náire dúinn iad lena mbeo, agus is ardú croí agus meanman dúinn marbh iad. Tá ár n-uachtarán Eoin Mac Néill agus go leor Gaeilgeoirí eile i gcuibhreann ceangailte agus más fada gearr uainn lá a saoirse níl laghdú ar ár muinín astu. Ní hÉireannaigh a dhaor iad agus ní daoradh maslach an daoradh a dhéanann na Gaill ar Ghaeil. Níl aon náire ná ceann faoi orthu seo atá i gcarcracha uafásacha Shasana. Tá siad follúnach foighneach agus a muinín i nDia na nGrást. Tiocfaidh siad slán abhaile, le cúnamh Dé, agus ní dochar ná droch-cháil a bheidh mar thoradh ar a mbraighdeanas, ach a mhalairt. Is mór an caillteanas dár gcúis a gcomhairle agus a gcríonnacht agus a gcabhair. Ba iad nár chlaon riamh do namhaid a dtíre.

Maraítear na ‘míola’ (na páistí) a d’ordaigh Cromail. Maraítear agus gabhtar lucht léinn agus lucht críonnachta — sin ordú eile a thug sé. Bhí trácht ar na horduithe sin a thug Cromail i leabhar beag scoile. Scriosfar an trácht beag seo as an leabhar agus gach trácht eile dá shaghas. Ní dhéanfar aon éagóir ar Chromail feasta má bhíonn neart ag an Stairceach air. Is gaire an dúchas ná an fhírinne féin uaireanta. Ach in ainneoin an Staircigh beidh trácht i stair Éireann ar imeachtaí na bliana seo.

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis: ‘Beidh trácht i stair Éireann ar imeachtaí na bliana seo…’'