An cinneadh maidir leis na srianta a mhaolú ‘idir dhá cheann na meá’ agus 18 duine eile le Covid-19 básaithe ó dheas

1,411 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de thoradh na paindéime domhanda, 1,102 duine ó dheas den teorainn agus 309 duine ó thuaidh di

An cinneadh maidir leis na srianta a mhaolú ‘idir dhá cheann na meá’ agus 18 duine eile le Covid-19 básaithe ó dheas

Tá 18 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe ó dheas.

Deichniúr eile le Covid-19 a bhásaigh sa Tuaisceart.

1,411 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de thoradh na paindéime domhanda, 1,102 duine ó dheas den teorainn agus 309 duine ó thuaidh di.

Triúr de na daoine ó dheas ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte Tony Holohan tráthnóna go raibh dul chun cinn á dhéanamh maidir le scaipeadh an ghalair a choinneáil faoi chois. 

Dúirt sé, áfach, go gcaithfí a thuilleadh dul chun cinn a dhéanamh an tseachtain seo dá mbeifí chun na srianta a dhéanamh níos boige i ndiaidh an 5 Bealtaine. 

Dúirt an Dr Holohan go mbeadh an cinneadh maidir le maolú a dhéanamh ar na srianta an lá sin idir dhá cheann meá “go deireadh na scríbe”.

Dúirt sé go raibh figiúirí maidir le líon na gcásanna nua den ghalar sa phobal agus na figiúirí maidir le líon na ndaoine a bhfuil an galar orthu atáthar ag déileáil leo sa chóras sláinte fós níos airde ná mar a bhí i gcuid de na tíortha atá tosaithe ar na beartais dianghlasála a scaoileadh.

Luaigh sé go háirithe cás na dtithe altranais agus na n-ionad cúraim eile.

De réir na bhfigiúirí is déanaí bhain 641 den 1,102 bás atá deimhnithe ag an Roinn Sláinte le hionaid chúraim, nó 58% de líon iomlán na gcásanna. Bhain 546 de na básanna le tithe altranais, nó 49% de líon iomlán na mbásanna.

D’fhógair an Roinn Sláinte ó dheas tráthnóna go raibh 386 cás nua den choróinvíreas deimhnithe, rud a fhágann go bhfuil 23,022 cás den ghalar deimhnithe in Éirinn, 19,648 cás ó dheas agus 3,308 cás ó thuaidh.

I dteannta a chéile atá an Roinn Sláinte ag cur na bhfigiúirí ar fáil anois do na daoine ar deimhníodh Covid-19 mar shiocair bháis acu agus na daoine gur dócha le dochtúir gurbh é.

Údar imní é ag na húdaráis sláinte thuaidh agus theas go bhfuil daoine ag éirí réchúiseach faoin scoitheadh sóisialta agus na beartais eile a tugadh isteach chun dul i ngleic leis an ngalar a bhfuil nach mór trí mhilliún cás de deimhnithe sa domhan agus nach mór 21o,000 duine sa domhan curtha den saol aige.

Cuirfear tús le feachtas Fanacht maidin amárach, feachtas ag na gardaí chun cosc a chur ar dhaoine dul ag taisteal faoin tír roimh an deireadh seachtaine bainc.

Cuirfear tús leis an bhfeachtas ag a 7.00 am amárach agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí an Luan, an 4 Bealtaine agus beidh os cionn dhá mhíle Garda ag maoirsiú an fheachtais. 

Tá imní ar dhaoine nach mbaineann na rialacha le daoine as Tuaisceart Éireann ná le daoine atá ina gcónaí taobh amuigh den stát agus nach féidir leis an gardaí iad a chur i bhfeidhm sna cásanna sin.

Dúirt an Leas-Choimisinéir, John Twomey, gur “seachtain chriticiúil don tír” í an tseachtain seo agus go gcaithfeadh daoine cloí leis na treoracha ar mhaithe leis an bpobal ar fad.

Tá ionadaithe poiblí i gceantar na teorann ag éileamh go gcuirfí na rialacha sláinte i bhfeidhm ar gach duine. 

Tá rabhadh tugtha ag an gCéad-Aire Arlene Foster agus ag an LeasChéad-Aire Michelle O’Neill go bhfuil sé róluath leis na srianta a chur ar ceal.

Dúirt Michelle O’Neill gurbh údar díomá iad na tuairiscí go raibh roinnt daoine ag tabhairt neamhaird ar na srianta. “Ba mhaith liom a rá go bhfuil an dearcadh sin mícheart, ainchríonna agus tá sé ag cur beatha daoine i mbaol,” a dúirt sí. 

Dúirt Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chlár Éigeandála na hEagraíochta Domhanda Sláinte, an Dr Mike Ryan, go gcaithfear an dianghlasáil a scaoileadh go mall réidh tomhaiste. 

Idir an dá linn, dúradh inniu go bhféadfadh 300,000 duine bás a fháil den ocras gach lá ar feadh trí mhí má fhágann an phaindéim nach mbíonn lucht Chlár Domhanda Bia na Náisiún Aontaithe (WFP) ábalta bia a sholáthar do dhaoine atá go mór ina ghátar.

Dúirt ceannasaí an WFP David Beasley go bhfuil sé ríthábhachtach na slabhraí soláthair a choinneáil ag imeacht tráth a bhfuil go leor bacanna orthu de bharr na srianta a tugadh isteach chun dul i ngleic leis an ngalar.

Dúirt sé go gcuireann an WFP bia ar fáil do 100 milliún duine gach lá agus go mbíonn 30 milliún acusan ag brath ar an soláthar sin chun fanacht beo.

“Agus mura féidir linn soláthar don 30 milliún duine sin, is amhlaidh, de réir ár gcuid anailíse, go bhféadfadh 300,000 duine bás a fháil den ocras gach uile lá thar thréimhse trí mhí agus níl an méadú ar bhásanna den ocras de bharr an choróinvíris nua san áireamh ansin,” arsa ceannasaí an WFP.

Dúirt David Beasley go bhféadfadh gorta a bheith i dtrí dhosaen tír “sa chás is measa”.

I ndeich gcinn de na tíortha sin, bhí os cionn milliún duine i mbaol bás a fháil den ocras cheana féin, a dúirt sé.

San Iodáil, táthar ag prapáil chun cuid de na srianta a tugadh isteach le dul i ngleic leis an bpaindéim a dhéanamh níos boige. Tabharfar cead do mhonarchana agus lucht tógála dul i mbun oibre arís ar an 4 Bealtaine sa tír is faide ina bhfuil an dianghlasáil i réim, an dara tír is measa ar domhan atá buailte ag an bpaindéim.

Ceadófar chomh maith do dhaoine cuairteanna a thabhairt ar dhaoine muinteartha leo ach srianta a bheith i bhfeidhm maidir le líon na ndaoine a bheadh i láthair le linn na cuairte.

Osclófar páirceanna chomh maith an tseachtain seo chugainn, ach ní bheidh daltaí na hIodáile ag filleadh ar an scoil go dtí mí Mheán Fómhair.

260 bás eile de thoradh an ghalair a fógraíodh san Iodáil inné, an líon is lú básanna ón 14 Márta. 26,644, duine ar a laghad atá curtha den saol ag Covid-19 sa Iodáil.

Tá an Fhrainc ar na tíortha eile a bhfuil sé i gceist acu fógra a dhéanamh faoi phlean “díchuibhrithe” chun na srianta dianghlasála a dhéanamh níos boige de réir a chéile.

Tá ráite ag na húdaráis sa Ghearmáin, mar a bhfuil tús curtha le maolú na srianta, leis na húdaráis áitiúla “a bheith cúramach” agus na rialacha á ndéanamh níos boige acu. Tá iachall curtha ar dhaoine mascanna a chaitheamh taobh amuigh sa Ghearmáin.

Deir rialtas na hIorua, mar a bhfuil daltaí bunscoile ar ais sa seomra ranga arís, go bhfuil an ráig ansin faoi smacht.

D’fhógair rialtas na Nua-Shéalainne go bhfuil deireadh curtha le scaipeadh an ghalair sa phobal agus iad ar tí cuid den srianta is déine a thug siad isteach a scaoileadh.

Thug Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson a chéad óráid inniu agus é fillte ag an obair i ndiaidh dó an Covid-19 a chur de.

Dúirt Johnson gurb í an phaindéim an dúshlán is mó roimh an mBreatain ón dara cogadh domhanda agus nach maolódh sé na srianta nó go mbeadh sé sábháilte sin a dhéanamh.

“Tuigim bhur mífhoighne agus tá an imní chéanna ormsa, ach caithfear a thuiscint chomh maith go bhfuil an baol go mbeadh an dara brúisc ann agus go gcaillfí smacht ar an víreas,” arsa Johnson.

De réir an áirimh is déanaí ó Ollscoil Johns Hopkins, tá nach mór trí mhilliún cás deimhnithe de Covid-19 sa domhan agus tá os cionn 207,000 duine curtha den saol ag an ngalar. Tá nach mór milliún cás den ghalar deimhnithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá amháin agus os cionn 55,000 le Covid-19 básaithe sa tír sin.

Fág freagra ar 'An cinneadh maidir leis na srianta a mhaolú ‘idir dhá cheann na meá’ agus 18 duine eile le Covid-19 básaithe ó dheas'