An chun leas na tíre seo cás Cameron agus an Aontais Eorpaigh?

Agus an díospóireacht faoin mBreatain a bheith ag fágáil an AE faoi lánseol, is í an cheist mhór ná an bhfuil an tsamhlaíocht ag polaiteóirí na tíre seo chun leas a bhaint aisti

EU Brussells

An gá dúinn bheith chomh buartha sin faoin idirbheartaíocht a bheas ann faoi rannpháirtíocht na Breataine san Aontas Eorpach, nó an deis dúinn é leas na tíre seo a chur chun cinn?

‘Sea, i gcaitheamh olltoghchán na Breataine, bhí uafás ar pholaiteóirí na bunaíochta anseo is ar thráchtairí polaitiúla na meán measúil faoi ghealltanas David Cameron go reáchtálfaí reifreann sa mBreatain faoi fanacht san Aontas Eorpach nó imeacht as.

Bhuel, is ag na Caomhaigh a bhí an bua, agus tá an gealltanas sin dearbhaithe ag Cameron. Reáchtálfar an Reifreann seo roimh dheireadh 2017, agus beidh impleachtaí móra ag an scéal don tír seo, mar tá muide sa bhfaopach.

Ar thaobh amháin, is í an Bhreatain an pháirtnéir trádála is mó agus is tábhachtaí atá againn, ach ar an taobh eile, tá bunaíocht na polaitíochta agus na heacnamaíochta is na tíre gafa ar fad leis an Eorpachas.

Ní féidir leo a shamhlú conas mar a bheadh an saol lasmuigh den AE, ach ní féidir leo a shamhlú conas mar a bheadh an saol dá mbrisfí an ceangal le Sasana ach an oiread.

Anois agus Cameron ar ais i gcumhacht, agus é cinnte go mbeidh reifreann ann, tá siad ag rá go húdarasach mar shólas dóibh féin go dteastaíonn ó Chameron fanacht san AE agus nach bhfuil aon ábhar buairimh ann dúinne i ndáiríre!

Ar ndóigh, níl an scéal chomh simplí sin.

Cé nár éirigh le UKIP ach suíochán amháin a ghnóthú sa toghchán, bhain siad 12.7% den vóta amach. Treisíonn an figiúr seo dearcadh frith-Eorpach an-chuid de chúlbhinseóirí na gCaomhach.

Beidh ar Chameron toradh fiúntach éigin a fháil ón idirbheartaíocht idir an Bhreatain agus an Eoraip, nó caillfidh sé an Reifreann – i Sasana ar a laghad.

Ach ní dóigh liom gur chóir go mbeadh an oiread sin faitís orainne mar gheall air seo. Go deimhin, tugann idirbheartaíocht faoi chás is todhchaí an Aontais Eorpaigh deis don tír seo athruithe a bhaint amach a oirfeas níos mó do na tíortha imeallacha ar nós na hÉireann.

Léiríonn an chaoi gur fágadh an tír seo faoi ansmacht na déine ar mhaithe le slándail na mbanc Gearmánach nach dtugtar móran airde ar riachtanais na hÉireann nó na tíortha imeallacha eile.  Tá ceisteanna móra ann faoin ‘bhfiontar Eorpach’.

Ar ndóigh, níl amhras faoi inimirceoirí ar an gcloch is mó ar an bpaidrín s’againne. Agus is baol mór dúinn cheana an chaint faoi TTIP (An Comhpháirtíocht Trádála agus Infheistíochta Thrasatlantach) mar go dtabharfadh sé cumhacht ag comhlachtaí ollmhóra dlithe is rialacha na tíre seo a chur ó mhaith sa chás go mbeidís ag cur isteach ar a mbrabach.

Ach tá éilimh eile ag Cameron a d’fhéadfadh ár leas a dhéanamh. D’oirfeadh sé go maith dúinne dá n-éireodh le Cameron breis cumhachtaí a fháil do na baillstáit mar is léir go ndéanann an tAontas beag is fiú de chás na tíre seo. Agus cheana féin tá cumas na tíre seo postanna a chruthú as ár stuaim féin laghdaithe toisc an oiread sin béime a bheith á chur ar theacht le chéile na mballstát. Mar gheall ar an gclaonadh sin – arb é Ollstát Eorpach a dheireadh – tá orainn géilleadh do rialacha nach n-oireann dúinn.  Breathnaigh ar an gcaoi ar ghlac eachtrannaigh seilbh ar fharraigí iasacaireachta na hÉireann.

Fiú má ghlactar le treo an pholasaí atá i réim sa tír seo le 40 bliain anuas – is é sin a bheith ag féachaint i dtreo na Bruiséile seachas i dtreo Londain – ní gá dúinn géilleadh ar fad don tuairim gur fearr dúinn go mbeadh smacht ag dream éigin thar lear orainn.

Ní gá go gcreidfí go hiomlán i bhfealsúnacht James Connolly – ‘nílimid dílis don Rí ná don Khaiser ach d’Éirinn – chun go dtuigfeá gurbh fhiú dúinne glacadh le deiseanna an Aontais a oireann duinn agus diúltiú dóibh siad nach n-oireann.

B’fhéidir gur ar éigean go mbeadh sé de mhisneach ná d’fhís ag an rialtas seo  tabhairt faoina leithéid, ach is léir go bhfuil Éamon Ó Cuív as Fianna Fáil ag smaoineamh ar na cúrsaí seo.

Agus níl Ó Cuív leis féin, mar roinnt míonna ó shin, dúirt Dara Calleary nach cóir dúinn glacadh le chuile smaoineamh a thagann ón mBruiséal mura n-oireann siad dúinn.

Is léir cinnte nach aon tairbhe dúinn a bheith ciúin béasach sa rang.

Agus tabharfaidh an idirbheartaíocht a gcuirfidh Cameron tús léi deis dúinne agus do thíortha imeallacha eile, ar nós na Gréige – ár mianta féin a chur chun tosaigh.

Is í an cheist mhór ná an bhfuil an tsamhlaíocht ag polaiteóirí na tíre seo an méid sin a dhéanamh agus smaoineamh ‘taobh amuigh den bhosca’, mar a deir an Ghaeilge nua?

Fág freagra ar 'An chun leas na tíre seo cás Cameron agus an Aontais Eorpaigh?'