An chuma ar Ollscoil Luimnigh go bhfuil siad cáilithe go maith do Chorn Mhic Giobúin

Má tá foireann Ollscoil Luimnigh breac le réalta idirchontae, tá Dóchas Éireann láidir go leor freisin

An chuma ar Ollscoil Luimnigh go bhfuil siad cáilithe go maith do Chorn Mhic Giobúin

Tony Kelly. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Ná dearmadaimis go mbeidh craobh A na gcoláistí tríú leibhéal againn an deireadh seachtaine seo. Sea, imreofar cluiche ceannais an chomórtais mór le rá, Corn Giobúin, um thráthnóna i Mala i gContae Chorcaí. 

Tá an corn ainmnithe i ndiaidh an Dochtúra Mhic Giobúin arbh Chaipisíneach é a bhí ina léachtóir le Fealsúnacht i gColáiste na hOllscoile Corcaigh ó 1911 go dtí 1936. Deirtear gur chaith sé an chuid ba mhó dá thuarastal i 1912 ar an gcorn luachmhar a cheannach.

An chéad tríocha bliain ba iad Ollscoil Chorcaí agus Ollscoil Bhaile Átha Cliath a bhíodh go mór chun cinn sa chomórtas. Bhuaigh Ollscoil na Banríona Béal Feirste é uair amháin sna caogaidí. Ó thosach an chéid  seo is iad Institiúidí Teicneolaíochta Phort Láirge (WIT) agus Luimnigh (LIT) atá ar bharr liosta na seaimpíní. Dar ndóigh, is iad Coláiste Mhuire gan Smál i Luimneach a thug leo an corn seo le dhá bhliain anuas ach ní bheidh siad páirteach ann inniu.

Le tamall de bhlianta bhíodh deireadh seachtaine i gceist agus bhíodh an cluiche leathcheannais ar an Aoine agus an cluiche ceannais ar an Satharn. Tá sé sin athraithe i mbliana agus beidh Ollscoil Cathair Bhaile Átha Cliath, Dóchas Éireann (den chéad uair), ag tabhairt aghaidh ar Ollscoil Luimnigh agus iadsan ag fiach ar a  séú bua. Tá an-mheas ag imreoirí ar an gcomórtas seo agus is cinnte gur mór an t-ábhar bróid é an bonn luachmhar seo a bheith ina bhailiúchán ag aon iománaí.

Tá ardmholadh tuillte ag na bainisteoirí i gceithre chontae, más fíor na scéalta sna meáin, a d’fhógair nach mbeidís ag roghnú imreoirí  atá ag glacadh páirte sa chomórtas do chluichí sraithe an deireadh seachtaine seo.

Fágann sé sin go mbeidh Luimneach d’uireasa Ghearóid Hegarty, Seán Finn, Tom Morrissey, Barry Murphy agus Pat Ryan. Is amhlaidh an scéal ag Contae an Chláir mar go mbeidh orthu déanamh cheal ceathrair; Conor Cleary, David Fitzgerald, Tony Kelly and Ian Galvin. Dar ndóigh, ó tharla an Clár a bheith cáilithe don chluiche ceathrú ceannais sraithe bainfidh an bhainistíocht úsáid as na himreoirí eile ar an bpainéal nach bhfuair mórán ama ar pháirc na himeartha go dtí seo. Tá ceathrar as Tiobraid Árann ag imirt i gCorn Mhic Giobúin, John McGrath, Jason Forde, Paul Maher agus Barry Heffernan. Agus seo á scríobh agam, ní raibh aon deimhniú tagtha ó Michael Ryan faoi chás na n-imreoirí sin sa chluiche sraithe atá ag Tiobraid Árann Dé Domhnaigh. 

Má tá foireann Ollscoil Luimnigh breac le réalta idirchontae, tá Dóchas Éireann láidir go leor freisin agus cead faighte acu ó na bainisteoirí difriúla díriú isteach go hiomlán ar chomórtas an lae inniu. As contaetha Átha Cliath, Cill Chainnigh, Port Láirge agus Loch Garman formhór phainéal na hardchathrach. Tá an captaen Conor Delaney ag imirt leis na Cait mar atá John Donnelly. Tá triúr an-tábhachtach as Áth Cliath, Eoghan O’Donnell, Dónal Burke agus Fergal Whitely acu, mar aon le laoch scórála Phort Láirge Patrick Curran chomh maith leis an mbeirt  Charmannach Paudie Foley agus Aaron Maddock. 

Dá mba réalta a bhuafadh cluichí, bhuafadh Ollscoil Luimnigh an chraobh seo. Ag féachaint ar na himreoirí  déarfá go bhfuil foireann thar a bheith láidir acu, ach sa chomórtas seo ní ag an bhfoireann is láidre a bhíonn an bua i gcónaí.  Mar sin féin, bheadh misneach ag an té a chuirfeadh as an áireamh iad. An t-am seo anuraidh, ba é John McGrath an tosaí ab fhearr sa tsraith. I mbliana ag Jason Forde atá an stádas sin. Tá Tom Morrissey agus Gearóid Hegarty ag déanamh thar cionn le Luimneach agus dar ndóigh, tá draíocht i Tony Kelly nuair a bhíonn sin ag teastáil. 

Beidh ar Dhóchas Éireann a bheith os cionn a mbuille ar fad más fúthu an corn seo a thabhairt leo. Ní dóigh liom go dtarlóidh sé inniu.

Fág freagra ar 'An chuma ar Ollscoil Luimnigh go bhfuil siad cáilithe go maith do Chorn Mhic Giobúin'