Fógraíodh inniu go ndéanfar craoladh beo ar gach ceann de na cluichí i gcraobhchomórtais Pheil na mBan i mbliana.
Beidh gach ceann de na 63 cluiche atá le himirt an samhraidh seo le feiceáil ar TG4 nó ar ardáin ar líne.
Craolfar 13 cluiche ar fad ar TG4, agus ina measc trí chluiche ceannais na hÉireann a imreofar i bPáirc an Chrócaigh ar an 5 Meán Fómhair, cluiche ceannais na Sinsear, na Sóisear agus an cluiche Idirmheánach.
Cuirfear tús leis an gclúdach Dé hAoine beag seo, an 9 Iúil, nuair a thabharfaidh Gaillimh agus Ciarraí aghaidh ar a chéile i nGrúpa D de Chraobh na Sinsear. Beidh an cluiche le feiceáil beo ar TG4 ag 7.30pm.
Leanfar le cluichí oíche a chraoladh ar an stáisiún gach Aoine. Beidh cluiche idir Ard Mhacha agus An Cabhán Dé hAoine an 16 Iúil, agus tabharfaidh Tiobraid Árann aghaidh ar chontae na Mí i gcluiche mór eile oíche Aoine, an 23 Iúil. Beidh an cluiche idir Dún na nGall agus Ciarraí le feiceáil freisin ar an 24 Iúil.
Craolfaidh TG4 na ceithre chluiche ceathrú ceannais i gCraobh na Sinsear deireadh seachtaine saoire bainc mhí Lúnasa, chomh maith le cluichí leathcheannais na craoibhe Dé Sathairn an 14 Lúnasa.
Beidh an 50 cluiche eile atá le himirt sna craobhacha Sinsir, Idirmheánaacha agus Sóisir le feiceáil ar an tairseach nua ar líne ag Peil na mBan agus TG4.
Tá sé deimhnithe ag TG4 chomh maith gurb í Máire Ní Bhraonáin, iarpheileadóir na Gaillimhe, a chuirfidh clúdach beo Pheil na mBan an chraoltóra Gaeilge i láthair arís an séasúr seo.
Beidh Rena Buckley, Sorcha Furlong, Vikki Wall, Michelle Ryan, Sinéad Finnegan agus Rhóna Ní Bhuachalla i measc na n-imreoirí agus na n-iarimreoirí a bheidh ag déanamh anailíse ar na cluichí do TG4.
An Teanga Bheo
Dhá chondae maith i mbun oibre le scilleanna ar leith go dté sibh slán.