An chnapshuim is mó ar bhóthar ar bith i nGaillimh le caitheamh i gConamara

Ba ar na bóithre móra nua taobh thoir de Ghaillimh a bhíodh an t-airgead mór á chaitheamh le scór blianta agus tuilleadh

An chnapshuim is mó ar bhóthar ar bith i nGaillimh le caitheamh i gConamara

Tá an chnapshuim is mó ar bhóthar ar bith i bplean bóithre Chomhairle Chontae na Gaillimhe á chaitheamh i gConamara. 

€10 milliún atá curtha ar fáil i mbliana le haghaidh na hoibre ar an N59 ón Teach Dóite soir i dtreo cheantar na Léime, an bóthar idir an Teach Dóite agus Uachtar Ard.

Tá an obair faoi lán seoil ansin faoi láthair agus meastar go mbeidh roinnt milliún eile á cheadú lena haghaidh sin in 2021.

Ba ar na bóithre móra nua taobh thoir de Ghaillimh a bhíodh an t-airgead mór á chaitheamh le scór blianta agus tuilleadh. 

Tharlaíodh sé nach mbíodh ach thart ar 5% de chiste na mbóithre náisiúnta – 10% a chloch nirt – á chaitheamh taobh thiar den Choirib. Murar athrú saoil é, is athrú scéil é i mbliana.

Bíonn dhá rannóg i soláthar airgid na Comhairle Contae: baineann ceann acu leis na bóithre a bhfuil an stádas náisiúnta acu (ar nós an N59 i gConamara) agus baineann an ceann eile le bóithre réigiúnacha agus áitiúla. Samplaí de bhóithre réigiúnacha iad an R336 as Bearna siar Cois Fharraige go Casla agus as sin amach go Dúiche Sheoigheach agus an R340 as Scríb go Carna agus amach chomh fada leis an Sraith Salach.

Cé go gcosnódh sé na céadta milliún bóithre Chonamara a thabhairt chun foirfeachta, tá scéal an airgid beagán níos fearr ag Comhairle Chontae na Gaillimh in 2020 ná mar a bhí acu le tamall blianta.

Tá €7 milliún le cois na bliana anuraidh le caitheamh ar na bóithre móra ar fud an chontae, go leor de sin ar an N59 ar an Teach Dóite. Beidh €4.9 milliún breise le caitheamh ar bhóithre ar stádas níos ísle ná na cinn náisiúnta agus feicfear cuid den chaiteachas sin i gConamara. Ach beidh sé á shlogadh chomh sciobtha céanna.

Mhínigh an t-innealtóir sinsearach, Damian Ó Mistéal, go bhfuil costas tógála – costas forbartha bóthair san áireamh, éirithe idir 10% agus 15% níos daoire le blianta beaga anuas. Cé go bhfuil an t-airgead níos airde bainfidh an boilsciú ar chostas obair forbartha bóthair sclamh as. Sa mhullach air sin, mhínigh an tUasal Mistéal nach féidir a bheith ag brath aríst ar chuid de na cistí tacaíochta a bhí acu i mbliana.

I gcás na bpríomhbhóithre Gaeltachta, tá beagnach €200,000 le caitheamh ar an R340 as Scríb go Carna agus as Carna amach chomh fada leis an N59 ar an Sraith Salach. Tá sé le tabhairt faoi deara nach bhfuil aon airgead curtha ar leataobh le haghaidh an stráice idir an Aird Mhóir agus Cill Chiaráin. Bhí an píosa sin bóthair luaite go sonrach sa bPlean Trí Bliana a bhí ag Comhairle Chontae na Gaillimhe in 2018.

Beagnach €300,000 atá le caitheamh ar an R336, sin é an bóthar amach as Gaillimh chomh fada leis an Spidéal agus siar Cois Fharraige go Casla agus as sin ó chrosbhóthar Dhoire an Fhéich amach go dtí an Teach Dóite agus as sin go dtí an Mám.

Bhí an Comhairleoir Contae de chuid Fhianna Fáil Daithí Ó Cualáin ag iarraidh tuairisc a fháil faoina bhfuil i ndán don bhóthar sin amach anseo. Feictear dó nach bhfuil an R336 leath sách maith le freastal ar an trácht a bhíonn air anois. Bhí an comhairleoir de chuid Shinn Féin Poblachtach Tomás Ó Curraoin ar an intinn chéanna leis.

Dúradh le Comhairleoirí Cheantar Bardasach Chonamara, áfach, nach mbeadh aon socrú eile á dhéanamh faoi bhóthar Chois Fharraige nó go mbeadh toradh ar an iarratas ar chead forbartha le haghaidh an chuarbhóthair nua timpeall ar chathair na Gaillimhe. 

Tá an éisteacht phoiblí a bhaineann leis an gcuarbhóthar sin ar bun i gcathair na Gaillimhe faoi láthair agus mairfidh sí ar feadh roinnt seachtainí. Chuile sheans go mbeidh sé roinnt blianta ann sula leagfar plean amach do bhóthar Chois Fharraige aríst.

Bhí plean á réiteach don R336 agus á phlé ar feadh cuid mhaith de dheich mbliana ach níor éirigh leis na Comhairleoirí a bhí ann roimhe seo socrú a dhéanamh faoin gcúrsa ab fhearr lena aghaidh. 

Fág freagra ar 'An chnapshuim is mó ar bhóthar ar bith i nGaillimh le caitheamh i gConamara'