An ‘chianobair sa Ghaeltacht’ le bheith lárnach in earcú státseirbhísigh le Gaeilge

Deir Príomhoifigeach Acmhainní Daonna na Státseirbhíse go bhfuil an chianobair ar cheann de na beartais atá aitheanta chun tuilleadh Gaeilgeoirí a mhealladh

An ‘chianobair sa Ghaeltacht’ le bheith lárnach in earcú státseirbhísigh le Gaeilge

Tá an ‘chianobair sa Ghaeltacht’ ar cheann de na beartais atá á scagadh ag an rialtas chun go mbeifear in ann dóthain daoine le Gaeilge a earcú chuig an státseirbhís.

Tá sé leagtha amach sna leasuithe atá le déanamh ar an Acht Teanga go mbeidh 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí ina gcainteoirí Gaeilge faoi 2030.

Agus pleananna á gceapadh chun tuilleadh cainteoirí Gaeilge a mhealladh le dul ag obair sa státseirbhís, dúirt Príomhoifigeach Acmhainní Daonna na Státseirbhíse, David Cagney, go raibh “suntas ar leith” á thabhairt don “chianobair’” agus don “meascán den obair ó bhaile agus san oifig”.

Dúirt Cagney, go raibh “bóthar fada le taisteal” chun go mbainfí amach sprioc 20% an rialtais ach go bhféadfadh an chianobair cabhrú leis an iarracht.

Ag labhairt dó agus é os comhair Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, dúirt David Cagney go raibh saol na hoibre athraithe ag an phaindéim agus múnlaí oibre “don ré úr” á meas acu dá bharr.

Dúirt Cagney go raibh “go leor suime” á chur i réimse na cianoibre “go háirithe i gcomhthéacs na Gaeilge” agus gur aithníodh é ar cheann de na bealaí ina bhféadfaí daoine ón Ghaeltacht a earcú sa státseirbhís.

“Seans gur deis mhór a bheidh anseo do chainteoirí Gaeilge, ar mian leo obair sa bhaile, agus más sa Ghaeltacht atá siad, ba cheart go mbeadh na deiseanna sin ann dóibh,” a dúirt Cagney.

Dúirt Cagney go raibh múnla oibre nua, san oifig agus ó chian, á phlé ag a Roinn leis na ceardchumainn faoi láthair agus go mbeadh tástáil á dhéanamh ar an mhúnla sin i ranna stáit ón fhómhar ar aghaidh.

Dúirt sé go n-aithnítear na buntáistí a bhainfeadh leis an obair ó chian ó thaobh cainteoirí Gaeilge a earcú chuig an státseirbhís.

“Rogha an-mhaith” a bheadh sa mhúnla nua i gcásanna ina n-aithnítear “dúshlán ar leith” a bheith ag baint le daoine a bhfuil Gaeilge líofa acu a earcú, dar le Príomhoifigeach Acmhainní Daonna na Státseirbhíse.

Dúirt Cagney go raibh ceisteanna “casta” ann i gcás postanna áirithe agus i gcás daoine a bhíonn ag obair ó chian nó ag déanamh cuid den obair sa bhaile, ó thaobh a ndul chun cinn ina bpost sa státseirbhís.

Mheas Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, go raibh féidearthachtaí ann do dhaoine obair ó chian sna moil dhigiteacha ‘Gteic’, atá á dtógáil “chuile áit” sa Ghaeltacht.

Tá an t-infreastruchtúr á fhorbairt ag Údarás na Gaeltachta a chuirfeadh ar chumas daoine obair ó chian sa Ghaeltacht, a dúirt sé.

Chuir Cathaoirleach an Choiste Gaeilge, Aengus Ó Snodaigh fáilte ar leith roimh an phlé faoi mhúnla na cianoibre sa Ghaeltacht.

“Measaim go bhfuil stór daoine ann óna bhféadfadh an státseirbhís daoine a fhostú beagáinín níos éasca dá mbeadh na postanna ar fáil sa Ghaeltacht féin, in ainneoin iad a bheith ag obair le roinn atá lonnaithe sa chathair.

“A lán daoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht, bíonn orthu bogadh go dtí Baile Átha Cliath, Corcaigh nó fiú go dtí an Ghaillimh. Tá costas mór i gceist agus athrú iomlán saoil agus i mo thuairim féin, sílim gur deis atá anseo.”

Chomh maith leis sin, tá ceist na cianoibre sa Ghaeltacht á plé chomh maith mar leigheas ar na deacrachtaí atá ann aistritheoirí oilte a cheapadh chuig Rannóg an Aistriúcháin.

Dúirt, Peter Finnegan, Cléireach na Dála agus Ard-Rúnaí Sheirbhís Thithe an Oireachtais, ag cruinniú eile de choiste Oireachtais na Gaeilge go raibh “féidearthachta móra” maidir le “daoine oilte” ó cheantair Ghaeltachta, atá ag iarraidh obair ag baile, a earcú chuig Rannóg an Aistriúcháin.

Le trí bliana anuas, bhí ocht gcomórtas d’aistritheoirí cáilithe ag Tithe an Oireachtais ach níor éirigh leo ach duine amháin eile a chur leis an bhfoireann.

Dúirt Cléireach na Dála gur 39 duine a theastaigh chun tabhairt faoin obair atá le déanamh, 14 duine breise.

Dúirt Cléireach na Dála go raibh baint mhór ag an éileamh atá ag an AE ar aistritheoirí Gaeilge leis na deacrachtaí a bhí ag Tithe an Oireachtais teacht ar dhaoine cáilithe.

I mí Aibreáin 2018 chuir 48 duine isteach ar chomórtas d’aistritheoirí a bhí ag Tithe an Oireachtais ach níor chuir ach seachtar isteach ar an gcomórtas is déanaí a bhí acu.

Fág freagra ar 'An ‘chianobair sa Ghaeltacht’ le bheith lárnach in earcú státseirbhísigh le Gaeilge'

  • Brendan Keane

    Ciallíonn “bóthar fada le taisteal” tada ach tuilleadh “pleananna” gan fíor-beartaíocht. Is ach moilleanna ag tíocht as gach rialtais an stáit ag feitheamh ar an déimeagrafaic Ghaeltachta a athrú le plámás go dtí ansin. Tá athbheochan i mBeatain Beag ann toisc tá cuspóir dáiríreach acu.

  • Donncha

    Más iad leitheidí Bhreandáin thuas atá siad a mhealladh déan dearmad ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht. Ní Gaelgóirí ach Googlóirí. Cuir i gcéill.

  • Colm Ó Cearúil

    Níor leag an tUasal Cagney aon straitéis chruinn beacht amach chun an 20% Státseirbhígh in ann feidhmiú trí Ghaeilge a fíorú faoi 2030. Meabhraigh an Teachta Eamonn Ó Cúiv dhó go feidhmíonn an Statchóras ar mhaithe an phobail, ní a mhallairt. Ba oscailt na súile dúinn an mheoin sa chóras nuair a bhrú an Teachta Catherine Connolly an cheist céanna ar an tUasal Cagney.
    Is léir go bhfuil an- obair roimh Comhchoiste Gaeilge, na Gaeltachta is Phobal Labhartha na Gaeilge. Tá na baill eile le mholadh as a inchur san obair rí tábhachtach seo. Ina measc an Seanadóir Lorraine Clifford Lee, Marc Ó Cathasaigh T.D., Joe Mc Hugh T.D.. Is iad ag feidhmiú faoi stiúr chumasach an Cathaoirligh Aengus Ó Snodaigh T.D.