An cheist chéanna á cur orthu féin ag polaiteoirí ón Nua-Shéalainn go Caisleán na Mainge

Is é Brendan Griffin, an Teachta Dála ó Chiarraí, an polaiteoir óg is déanaí a chuir an cheist air féin, ‘an fiú an tairbhe an trioblóid?’

An cheist chéanna á cur orthu féin ag polaiteoirí ón Nua-Shéalainn go Caisleán na Mainge

‘Níl an fuinneamh agam tabhairt faoi fheachtas eile.’

B’in a dúirt Jacinda Ardern, iarPhríomh-Aire na Nua-Shéalainne, agus í ag tabhairt le fios go raibh deireadh á chur aici lena tréimhse sa bpolaitíocht. Fógra é a tháinig aniar aduaidh ar go leor daoine.

Tá Ardern sna daicheadaí agus pobalbhreitheanna ag tuar go raibh seans maith aici toghchán na bliana seo a thabhairt léi, ach thuig mé na cúiseanna pearsanta a bhí aici.

Is brúidiúil an spórt í an pholaitíocht, agus bíonn ar éinne atá i gcumhacht dul i mbun géar-iomaíochta gach lá leis an gceann is fearr a fháil ar na céilí comhraic. Íoctar praghas mór air sin.

D’fhógair polaiteoir óg as Éirinn an tseachtain seo chomh maith go mbeadh sé ag fágáil slán le saol na polaitíochta.

Ghéill an Teachta Dála de chuid Fhine Gael do Chiarraí go raibh fearg agus díomá air nuair nach bhfuair sé ardú céime le déanaí, ach dúirt sé gur thuig sé chomh maith le bainisteoir peile an chontae Jack O’Connor nach féidir “gach imreoir a chur ar an bpáirc”. (Ní gá é seo a rá le Cill Mochuda Na Crócaigh, dála an scéil.)

An cheist anois ná cé mhéad duine eile a bheidh in easnamh ar fhoireann Leo Varadkar agus é ag réiteach don chéad chluiche mór eile – an t-olltoghchán sa bhliain 2024?

Pé rud faoi sin, bhí na cúiseanna pearsanta a bhí ag Brendan Griffin gan seasamh sa chéad olltoghchán eile agus na deacrachtaí a bhaineann le saol an pholaiteora an-soiléir d’éinne a bhí ag éisteacht leis an agallamh a rinne sé leis an gcraoltóir Helen Ní Shé ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Chuir sé síos ar an gcinneadh mór a bhí le déanamh aige faoina thodhchaí agus faoina ghairm.

Bíodh is go raibh díomá agus fearg air nuair nár bronnadh cúram an Phríomh-Aoire air agus foireann nua rialtais á fógairt ag an Taoiseach Leo Varadkar ag deireadh na bliana seo caite, ar an lámh eile, tá clann óg air.

Ní rófhada go mbeidh a bheirt mhac sna déaga agus  fágann freagrachtaí a phoist mar Theachta Dála go mbíonn sé i bhfad uathu i mBaile Átha Cliath le linn na seachtaine.

Níor theastaigh uaidh cailliúint amach ar bhlianta deireanacha a n-óige, agus tar éis comhrá lena bhean chéile, chinn sé ar imeacht seachas tabhairt faoin bpost arís agus gan an tiomantas céanna aige dó.

“Go han-simplí, ba mhaith liom níos mó ama a chaitheamh le mo chlann.  Tá beirt mhac óg agam agus ba mhaith liom breis ama a chaitheamh leo sula mbeidh siad fásta suas.

“Tá siad beagnach ocht agus deich mbliana d’aois anois, tar éis téarma eile bheadh siad 15 agus 17 agus beagnach imithe ón teach.  Tá cúpla bliain fágtha nuair a bheidh siad ina bpáistí fós,” arsa Griffin.

Rith sé liom agus mé ag éisteacht leis an Uasal Ó Grifín nach minic a chloistear fear óg ag caint go macánta ar a fhreagrachtaí mar athair, agus conas mar a chuireann an saol gairmiúil as don chúram sin.

Ar an lámh eile, áfach, bhí foláireamh nach beag á thabhairt ag Brendan do cheannaire a pháirtí, Leo Varadkar, agus do lucht na polaitíochta trí chéile – is ag dul in olcas atá a gcoinníollacha oibre do go leor polaiteoirí, go háirithe iadsan atá sa rialtas, agus go speisialta ionadaithe na tuaithe.

Dá mbeadh an Dáil i dTrá Lí, a dúirt Griffin, ní bheadh an oiread anró ag baint leis. Luaigh Joe McHugh ó Dhún na nGall an t-anró céanna nuair a d’fhógair sé anuraidh go raibh sé féin ag éirí as a ról mar Theachta Dála ag deireadh an téarma rialtais seo chomh maith. Bhí brú ollmhór ar McHugh mar ionadaí rialtais i dTír Chonaill le linn fheachtas an mhíoca – sa deireadh, vótáil sé i gcoinne shocrú an rialtais agus chaill sé fuip Fhine Gael ar feadh tréimhse dá bharr.

Tagann fógra Griffin sna sála ar thuairisc a bhí san Irish Examiner an tseachtain caite inar dúradh go raibh naonúr i Fine Gael a bhí ag smaoineamh ar éirí as an bpolaitíocht sa gcéad olltoghchán eile. Is díol suntais é go bhfuil polaiteoir atá chomh hóg le Brendan Griffin ar an gcéad duine sa ghrúpa lena imeacht a fhógairt.

An bhfanfaidh Teachtaí Dála níos sinsearaí ar an bpáirc imeartha – daoine ar nós Fergus O’Dowd, nó Bernard Durkan – nó an measfaidh siad go bhfuil an rás rite acu nó nach bhfuil a ndóthain fuinnimh ina ngéaga?

Is mó dúshlán atá le sárú ag Fine Gael, atá i gcumhacht ón mbliain 2011, sa gcéad olltoghchán eile. Má bhíonn fonn athraithe orthu, is ar éigean a rachaidh an páirtí i bhfeidhm ar an bpobal, tar éis blianta fada i dTithe an Rialtais.

Ní haon chabhair é má bhíonn fonn athraithe ar bhaill na foirne chomh maith.

Cáineadh Leo Varadkar le déanaí nuair a mheabhraigh sé do dhaoine óga na tíre seo a bhí ag smaoineamh ar an mbád bán a thógáil gur glas iad na cnoic i bhfad uainn.

An mbeidh air an chomhairle chéanna a chur ar a Theachtaí Dála féin?

Fág freagra ar 'An cheist chéanna á cur orthu féin ag polaiteoirí ón Nua-Shéalainn go Caisleán na Mainge'