An cheimiteiripe ar fáil in Otharlann Leitir Ceanainn an athuair

Bhí raic ann an tseachtain seo caite nuair a tháinig sé chun solais go raibh os cionn 50 othar á gcur ó dheas go Gaillimh le cóir leighis a fháil

An cheimiteiripe ar fáil in Otharlann Leitir Ceanainn an athuair

Táthar ag glacadh le hothair ailse in Otharlann Leitir Ceannainn arís agus oinceolaí sealadach ceaptha go dtí an mhí seo chugainn. Bhí raic ann an tseachtain seo caite nuair a tháinig sé chun solais gur cuireadh os cionn 50 duine ó dheas go hOspidéal na hOllscoile, Gaillimh, le haghaidh ceimiteiripe i ndiaidh don oinceolaí a bhí i Leitir Ceannainn éirí as.

Tugadh le fios i bhfreagra ar cheist Dála a chuir an Teachta Dála Pearse Doherty le deireanas gur cuireadh 51 duine ar aghaidh ó Leitir Ceannainn go Gaillimh go dtí seo.

Tá fáilte curtha ag Doherty roimh an scéala go mbeidh an tseirbhís cheimiteiripe ar fáil arís i dTír Chonaill ach léirigh sé imní faoina laghad laethanta a bheidh an tseirbhís sin ar fáil. Dúirt sé freisin go bhfuil ceisteanna le freagairt faoi ghníomhaíochtaí na n-údarás, a d’fhág gurbh éigean deireadh a chur leis an tseirbhís an chéad lá riamh.

“I understand that in spite of the impression which has been given that medical cover has been secured at the hospital for the intervening weeks between now and when the replacement locum is scheduled to start, this cover will not be continual for the duration mentioned, because the person providing this temporary cover has only been scheduled to work for a very limited number of days for some of the weeks in question.

“This means that patient cover will not be continuous, and severe service disruption will continue to be experienced by patients,” a dúirt sé.

Bhí sé i gceist tús a chur leis an tseirbhís cheimiteiripe an athuair ag tús na míosa seo chugainn. Deir Ó Dochartaigh, áfach, go gcreideann sé gurb é an léiriú feirge agus bróin ó phobal Thír Chonaill, chomh maith lena chuid iarrachtaí féin, a thug ar údaráis na hOtharlainne duine a aimsiú níos luaithe ná sin.

Beidh an t-oinceolaí nua ag obair in Otharlann Leitir Ceanainn go dtí an 6 Márta nuair a cheapfar oinceolaí lánaimseartha. Is ar laethanta áirithe sa tseachtain a bheidh an cheimiteiripe á cur ar fáil ag an oinceolaí sealadach.

Thug bainisteoir na hOtharlainne, Seán Murphy, le fios go bhfuil próiseas earcaíochta eile ar bun faoi láthair leis an dara hoinceolaí a fhostú san ionad oinceolaíochta.